Cuireadh tús le 49,007 teach sa chéad naoi mí de 2024
- Foilsithe: 31 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a cuid sonraí míosúla ar líon na bhFógraí Tosaithe (tógáil tithe cónaithe atá tosaithe) le haghaidh mhí Mheán Fómhair 2024. Cuireadh tús le 11,385 teach i mí Mheán Fómhair 2024, breis is ceithre oiread (méadú de 356.7%) níos mó ná mí Mheán Fómhair anuraidh nuair a cuireadh tús le 2,607 teach.
Is féidir an méadú seo a chur i leith na lascaine ar an táille cheangail uisce agus fuíolluisce de chuid Uisce Éireann a tugadh isteach i mí na hAibreáin 2023 le haghaidh forbairtí ar cuireadh tús leo tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2024 ar mhaithe le tionscadail a bhogadh go mear agus chun tuilleadh tionscadal a dhéanamh inmharthana.
Le linn na naoi mí de 2024 (Eanáir-Meán Fómhair), cuireadh tús le 49,007 teach, ar méadú é de bhreis is dhá oiread (méadú de 105%) ó 23,923 sna míonna céanna de 2023. Is ionann é seo agus 259 teach ar an meán ar cuireadh tús leo gach lá oibre go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.
Le 12 mhí anuas (Deireadh Fómhair 2023 go Meán Fómhair 2024) cuireadh tús le 57,885 aonad, méadú de 93% ó 29,961 sna 12 mhí roimhe sin (Deireadh Fómhair 2022 go Meán Fómhair 2023).
Is féidir rochtain a fháil ar an tacar sonraí tosaithe iomlán i dtaca leis an líon tithe ar cuireadh tús leo, ar fhógraí agus ar áiteanna cónaithe aonuaire ar leibhéal náisiúnta agus de réir údarás áitiúil ó 2014 go 2024 ag an nasc seo: