Déanfaidh pacáiste maoinithe nua €4.5m oidhreacht thógtha na hÉireann a chaomhnú agus a chosaint
- Foilsithe: 28 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhógair an tAire Stáit d'Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan, TD, inniu go mbainfidh 95 tionscadal oidhreachta ar fud na tíre leas as méid iomlán de €4.5m faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil (CSS) na bliana seo.
Chomh maith le tacú le húinéirí agus caomhnóirí struchtúir stairiúla agus chosanta a gcuid maoine a chosaint agus a chothabháil, cuirfidh an maoiniú seo borradh faoi thrádáil áitiúil tógála agus oidhreachta trí oibreacha ar luach iomlán os cionn €8m a éascú agus tuilleadh fostaíochta a ghiniúint (11,250 lá oibre measta), lena n-áirítear do sainróil oidhreachta amhail tuíodóireacht agus obair chloiche.
Tá an CSS ar cheann de dhá scéim maoinithe oidhreachta tógtha a oibríonn i gcomhpháirtíocht le húinéirí agus leis na 31 údarás áitiúil chun ár n-oidhreacht thógtha a chosaint – príomhaidhm atá ag Oidhreacht Éireann 2030, an plean náisiúnta oidhreachta nua a sheol an tAire anuraidh. Tagann an fógra inniu tar éis maoiniú de €4.5m a bronnadh níos luaithe an mhí seo faoi scéim deontais oidhreachta tógtha eile na Roinne – Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha.
Trí dheontais idir €15,000 agus €200,000 a chur ar fáil, cuidíonn an CSS le húinéirí struchtúr oidhreachta – lena n-áirítear iad siúd atá ar Thaifead na n-údarás áitiúil ar Dhéanmhais Chosanta agus iad siúd i Limistéir Caomhantais Ailtireachta – a n-oibleagáidí cúram a thabhairt dá réadmhaoin a chomhlíonadh. Soláthraíonn an scéim cúnamh do raon leathan struchtúr oidhreachta, lena n-áirítear caisleáin, eaglaisí, muilte, droichid, aghaidheanna siopaí agus struchtúir tuí, chomh maith le tithe príobháideacha. Áirítear le CSS na bliana seo dámhachtainí do:
• Foirgneamh na Stáblaí Dearga, Páirc San Anna, Baile Átha Cliath: maoiniú €200,000 chun sclátaí nua a chur ar dhíon fhoirgneamh na Stáblaí Dearga (nó cuid díobh), mar atá molta ag ailtire caomhantais comhairleach.
• Ardeaglais Naomh Mhic Cairthinn, Bóthar Bhaile Átha Cliath, Muineachán: maoiniú €200,000 le haghaidh athchóiriú seachtrach práinneach agus obair chaomhnaithe chloiche ar an spuaic, túr na stuaice, agus croslann theas na hardeaglaise, agus deisiúcháin inmheánacha plástair ardleibhéil.
• Iar-Theach an Ard-Mhéara, Ospidéal na Trócaire, Ollscoil Chorcaí, Corcaigh: maoiniú €200,000 chun clúdach seachtrach an fhoirgnimh a chaomhnú agus a dheisiú, lena n-áirítear deisiú cloiche, athphlástráil, sclátaí nua, obair luaidhe, agus caomhnú fuinneoga.
• Droichead Crochta Chaisleán Bhiorra, Uíbh Fhailí: maoiniú €200,000 chun an droichead crochta iarann saoirsithe do choisithe a chaomhnú agus a dheisiú laistigh de thailte dhiméin Chaisleán Bhiorra chun é a úsáid arís.
• 20 Sráid an Chiste: maoiniú €37,500 chun aghaidh an tsiopa atá mar chuid de choimpléasc Stuara Shráid Sheoirse i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath a athchóiriú.
I gcomhar leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tá deontas á thairiscint freisin faoin sruth aghaidh siopa Gaeilge. Maoineofar naoi dtionscadal mhóra a mbronnfar maoiniú dóibh thar dhá bhliain faoi CSS 2022 i mbliana freisin.
Ag fógairt na ngradam inniu, dúirt an tAire Noonan:
‘Tá lúcháir orm infheistíocht eile de €4.5m inár n-oidhreacht thógtha a fhógairt. Cabhróidh Ciste na Struchtúr Stairiúil na bliana seo le 95 úinéir agus caomhnóir struchtúir stairiúla agus chosanta ar fud na tíre agus iad ag tabhairt faoi na céadta tionscadal caomhnaithe chun ár n-oidhreacht thógtha a dheisiú agus a chosaint. Tá áthas ar leith orm a fhógairt go bhfuil líon méadaithe na ndámhachtainí a bronnadh ar struchtúir dhúchasacha. Tríd an infheistíocht seo, leanann an Rialtas de luach agus éagsúlacht ár n-oidhreacht thógtha a cheiliúradh, agus í ag tacú le scileanna tógála traidisiúnta ag an am céanna. Cuidíonn na gníomhartha seo linn freisin ár dtiomantas don oidhreacht thógtha a chomhlíonadh faoi Oidhreacht Éireann 2030, an plean náisiúnta oidhreachta a sheol mé anuraidh.’
Agus é ag labhairt faoin bhfógra, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien, TD:
‘Is iontach an rud é líon agus raon méadaithe na dtionscadal a fheiceáil a gheobhaidh tacaíocht ón infheistíocht seo de €4.5m faoi Chiste na Struchtúr Stairiúil. Mar aon leis an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha, tá an Rialtas seo ag leanúint lena tiomantas maidir lenár n-oidhreacht thógtha shaibhir a chosaint, agus go leor foirgneamh á gcoinneáil in úsáid agus ag cuidiú le go leor eile a úsáid arís. Beidh buntáiste eacnamaíoch ag na hoibreacha maoinithe freisin trí fhostaíocht a ghiniúint do chonraitheoirí oidhreachta agus do cheardaithe agus do lucht ceirde oilte eile ar fud na tíre.”
Chuir an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Kieran O'Donnell, TD, fáilte roimh an bhfógra freisin:
‘A bhuí leis an dlúthchaidreamh oibre idir an Roinn agus na hÚdaráis Áitiúla, go háirithe na hOifigigh Caomhantais Ailtireachta, na hOifigigh Oidhreachta agus an fhoireann phleanála agus riaracháin, leanann scéimeanna ar nós Chiste na Struchtúr Stairiúil de bheith rathúil maidir le deisiú agus athnuachan ár n-oidhreacht thógtha chomhroinnte.'
CRÍOCH
Nótaí
Is féidir liosta iomlán na ndeontas a bronnadh faoi CSS 2023 a fheiceáil ar líne ag an nasc seo a leanas: https://www.gov.ie/en/publication/c5972-historic-structures-fund-funding-allocations-2023/
Is téarma ailtireachta é ‘Stíl Dhúchasach’ a thagraíonn do thógáil a dhéantar lasmuigh de thraidisiún foirmiúil acadúil ar bith. Laistigh de chomhthéacs na hÉireann, tagraíonn sé do thithe, d’fhoirgnimh, do struchtúir agus do ghnéithe a thóg ‘gnáthdhaoine’, mar aon lena gcomharsana, ag baint úsáid as smaointe agus modhanna a seachadadh ar aghaidh laistigh de theaghlaigh agus de phobail. Tá ár n-oidhreacht dhúchasach ríthábhachtach do shuaithinseacht áitiúil agus tugtar léi a gcarachtar do thírdhreacha na háite. Níl go leor cónaitheoirí uirbeacha ach cúpla glúin as tithe dúchasacha, agus mar sin tá leas ag gach duine ina marthanas.