D'fhaomh an Chomh-Aireacht reachtaíocht do dhírthoghadh Méara do Luimneach
- Foilsithe: 25 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cumhachtaí suntasacha le tabhairt don Mhéara Dírthofa
Reáchtálfar an toghchán ar an dáta céanna leis na toghcháin Áitiúla agus Eorpacha in 2024, a bheidh ar siúl idir an 6 Meitheamh agus an 9 Meitheamh
Chuir an tUasal Kieran O'Donnell TD, an tAire Stáit Rialtais Áitiúil agus Pleanála, fáilte roimh cheadú an Rialtais inniu le dréachtreachtaíocht a fhoilsiú chun cur le focal Chlár an Rialtais méara le feidhmeanna feidhmiúcháin a dhírthoghadh do Luimneach. Ina theannta sin, tá cinneadh déanta ag an Rialtas go reáchtálfar an toghchán do Mhéara a dhírthoghfar do Luimneach ar an dáta céanna leis na Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha in 2024, a reáchtálfar idir an 6 Meitheamh agus an 9 Meitheamh 2024.
Dúirt an tAire O'Donnell:
“Tá lúcháir orm gur cheadaigh an Rialtas foilsiú na dréachtreachtaíochta seo chun deis a thabhairt do mhuintir chathair agus chontae Luimnigh méara a dhírthoghadh a mbeidh cumhachtaí suntasacha aige/aici agus go reáchtálfar an toghchán ar an dáta céanna leis na toghcháin áitiúla in 2024. Má dhírthoghtar méara beidh muintir Luimnigh in ann tionchar níos mó a bheith acu ar an gcaoi a gcuirtear seirbhísí agus infreastruchtúr ar fáil agus ar an gcaoi a bhforbraíonn Luimneach, de réir mar a vótáil siad ar a son sa phobalbhreith.
“Is cloch mhíle thábhachtach í seo ar an mbealach chun an chéad mhéara in Éirinn a dhírthoghadh a bheith againn agus tá sé ar cheann de na leasuithe is suntasaí ó thaobh rialtas áitiúil de ó bunaíodh ár stát, agus Luimneach ar thús cadhnaíochta leis seo.”
Ag a chruinniú inniu, cheadaigh an Rialtas foilsiú an Bhille Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh), 2023 a bhunaíonn oifig an mhéara agus a fheidhmeanna méaracha, a leagann amach na struchtúir rialachais chun tacú leis an oifig sin agus a chuireann cód ar fáil chun an méara a thoghadh. Ceadaítear ann freisin foráil i dtaca le reáchtáil pobalbhreitheanna i gceantair údaráis áitiúil eile maidir leis an gceist faoi thoghadh méara le dírthoghadh.
Dúirt an tAire O'Donnell freisin:
“Glacfaidh an méara a dhírthoghfar le go leor de na feidhmeanna feidhmiúcháin a luíonn leis an bpríomhfheidhmeannach faoi láthair agus glacfaidh sé/sí le go leor feidhmeanna nua freisin, agus beidh buiséad aige/aici chun clár agus tosaíochtaí an mhéara a chur i bhfeidhm.
“Tugtar isteach leis an reachtaíocht seo Sainordú, Struchtúir agus Modhanna chun uaillmhian oifig an chéad Mhéara a dhírthoghadh do Luimneach a chomhlíonadh. Tugann sé deis mhór do Luimneach rialtas áitiúil feabhsaithe a chruthú. Tá acmhainneacht nach beag ann seachadadh agus cuntasacht seirbhíse a fhorbairt go háitiúil, agus luach a chur leis ar son mhuintir Luimnigh go léir.
“Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le comhghleacaithe trasna an Oireachtais sna míonna amach romhainn chun an reachtaíocht seo a rith agus an bealach a réiteach do thoghchán an mhéara. Beidh Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ina húdarás áitiúil an-difriúil ó na 30 údarás áitiúil eile – ag obair le Comhairleoirí agus le gach páirtí leasmhar, beidh an méara a dhírthoghfar ina chrann taca do chathair agus do chontae Luimnigh, agus beidh ról comhfhorbartha áite aige/aici don chontae agus don réigiún.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an ngrúpa comhairleach forfheidhmithe, faoi chathaoirleacht Tim O'Connor, as an obair a rinne sé chun a thuarascáil chuimsitheach a chur le chéile. Tá an reachtaíocht comhsheasmhach le moltaí na tuarascála, lena n-áirítear an chaoi ar cheart struchtúr a chur ar an gComhairle.
"Chomh maith leis sin, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d'obair an Chomhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht maidir lena thuarascáil ghrinnscrúdaithe réamhreachtach ar an reachtaíocht.
"Mar fhocal scoir, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don ionchur luachmhar a thug Comhairleoirí agus oifigigh i gComhairle Cathrach agus Contae Luimnigh maidir leis na forálacha seo a fhorbairt, agus leanfaimid orainn ag plé leo agus muid ag druidim níos gaire do chruthú na hoifige stairiúla seo, Méara dírthofa do Luimneach.”
Foilseofar an Bille Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh), 2023 sna laethanta amach romhainn.
Críoch
Tuilleadh eolais
An Bille Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) - Struchtúir Athbhreithnithe i Luimneach
In ionad an struchtúir reatha ‘dhá cholún’, agus an chomhairle thofa agus an príomhfheidhmeannach ag comhlíonadh feidhmeanna Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, faoi na socruithe nua beidh sé comhdhéanta de struchtúr ‘trí cholún’:
• an chomhairle thofa,
• an méara a dírthoghadh, agus
• An tArd-Stiúrthóir (an Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin roimhe seo).
Feidhmeanna agus Freagrachtaí an Mhéara
Tógfaidh an Méara feidhmeanna feidhmiúcháin air/uirthi féin, ar leibhéal straitéiseach nó beartais, i réimsí lena n-áirítear:
• Forbairt Straitéiseach, i.e. an plean forbartha a mholadh don Chathair agus don Chontae agus forbairt eacnamaíoch agus spásúil Luimnigh a chur chun cinn;
• Tithíocht agus tógáil, e.g. straitéis tithíochta a fhorbairt do Luimneach agus a chur i bhfeidhm a chinntiú;
• Iompar agus Sábháilteacht ar Bhóithre, i.e. cothabháil agus feabhsú bóithre, agus bainistiú tráchta; agus
• Seirbhísí comhshaoil, i.e. na seirbhísí a chabhraíonn leis an gcomhshaol i Luimneach a chosaint agus a fheabhsú.
Beidh an Méara freagrach as an mbuiséad bliantúil a mholadh don Chomhairle.
Beidh an Méara freagrach as feidhmeanna reatha an Chathaoirligh lasmuigh de Sheomra na Comhairle, lena n-áirítear an ról tábhachtach ionadaíoch i Luimneach, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.
Gabhann ról nua an Phríomh-Chomhairleora ionad an Chathaoirligh agus beidh sé/sí ina chathaoirleach ar an gComhairle thofa agus gníomhóidh sé/sí mar chainteoir (le tacaíocht ón Leas-Phríomh-Chomhairleoir).
Beidh an Méara ina chomhalta ex officio den chomhairle, anuas ar na 40 comhalta atá ann faoi láthair, faoi réir ceart, freagrachtaí agus dualgas den chineál céanna le haon chomhalta tofa eile.
I measc na struchtúr agus na bhfeidhmeanna nua don mhéara beidh:
• Fóram Comhairliúcháin an Mhéara agus Rialtais Luimnigh chun rannpháirtíocht idir an méara agus an rialtas náisiúnta a éascú.
• Clár an Mhéara ina leagfar amach a f(h)ís agus a c(h)uspóirí dá t(h)éarma agus ina mbunófar Coiste Comhairleach agus Forfheidhmithe Mhéara Luimnigh chun tacú leis an gClár sin.
• Bord Forfheidhmithe Thionscadal Luimnigh Éireann 2040 chun díriú ar an gCreat Náisiúnta Pleanála agus an Plean Forbartha Náisiúnta a chur i bhfeidhm i gceantar Luimnigh, faoi chathaoirleacht an mhéara.
• Foghrúpa Iompair de chuid Bhord Forfheidhmithe Luimnigh, le béim ar bhonneagar agus ar sheirbhísí iompair, faoi chathaoirleacht an mhéara freisin.
Beidh Méara Luimnigh a Dhírthoghfar ina b(h)all de
• Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ)
• Tionól Réigiúnach an Deiscirt
An tArd-Stiúrthóir Feidhmeanna
Beidh Príomhfheidhmeannach reatha Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh ina Ard-Stiúrthóir, agus beidh freagracht oibríochtúil air as reáchtáil na Comhairle. Beidh réimse feidhmeanna feidhmiúcháin fós faoi chúram an Ard-Stiúrthóra, lena n-áirítear:
• airgeadas na Comhairle a bhainistiú agus cuntas a thabhairt air,
• Acmhainní Daonna agus ábhar a bhaineann le foireann sna húdaráis áitiúil,
• scéimeanna aonair a riar agus deontais aonair a leithdháileadh; agus
• imeachtaí dlí agus cúrsaí forfheidhmiúcháin a bhaineann le scéimeanna nó deontais aonair.
Ról na Comhairle nuair a thoghtar méara
Coinneoidh an chomhairle a toghadh a príomhstádas agus beidh ról rialaithe aici maidir le feidhmíocht an mhéara. Beidh an méara freagrach don chomhairle thofa maidir lena fheidhmeanna feidhmiúcháin méaracha, lena n-áirítear trí Thuarascáil an Mhéara agus Ceisteanna an Mhéara, ag cruinnithe iomlánacha na Comhairle.
Tá feidhmeanna forchoimeádta ag an gcomhairle thofa. Ní athróidh siad sin. Ina measc tá:
• buiséad bliantúil na Comhairle a ghlacadh (le vótáil)
• beartais na Comhairle a ghlacadh
• ráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú
• plean Forbartha Cathrach agus Contae a dhéanamh
• cinneadh a dhéanamh maidir leis an ráta bliantúil ar luacháil le haghaidh Rátaí Tráchtála
• talamh na Comhairle a dhíol nó a dhiúscairt
• scéimeanna deontais a cheadú
• glacadh le Plean Corparáideach agus Plean Forfheidhmithe Seirbhíse