Fothoghcháin Bhaile Átha Cliath Láir agus Ghaillimh Thiar le bheith ar siúl Dé hAoine 22 Bealtaine 2026

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fothoghcháin Bhaile Átha Cliath Láir agus Ghaillimh Thiar le bheith ar siúl Dé hAoine 22 Bealtaine 2026

Tar éis bogadh an eascaire i nDáil Éireann, tá ordú déanta ag an Uasal James Browne, T.D., an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta inniu (Dé Déardaoin, 23 Aibreán) ag ceapadh Dé hAoine, 22 Bealtaine 2026 mar lá vótaíochta d’fhothoghcháin Bhaile Átha Cliath Láir agus Ghaillimh Thiar. Beidh an vótaíocht ar siúl idir 7.00 a.m. agus 10.00 p.m.

Chun seasamh i dtoghchán do Dháil Éireann, ní mór do dhuine a bheith ina shaoránach d’Éirinn agus a bheith 21 bliain d’aois ar a laghad faoin lá vótála. Féadfaidh duine é nó í féin a ainmniú mar iarrthóir nó féadfaidh duine atá cláraithe mar thoghthóir sa dáilcheantar lena mbaineann an duine sin a ainmniú, ach toiliú a fháil uaidh nó uaithi. Ní mór d’iarrthóir nach bhfuil deimhniú cleamhnachta polaitíochta (deimhniú gur iarrthóir de chuid pháirtí polaitíochta atá cláraithe i gClárú na bPáirtithe Polaitíochta é an duine lena mbaineann) aige nó aici a (h)ainmniúchán a chur i gcrích trí cheachtar den rogha seo a leanas a úsáid: (i) trí mhodh aontuithe ó 30 aontaitheoir atá cláraithe sa dáilcheantar ábhartha, óna dteastaíonn dearbhuithe reachtúla a chomhlánú ina leith sin, nó (ii) trí mhodh éarlais €500 atá le taisceadh leis an gceann comhairimh ag an iarrthóir nó ag duine éigin thar ceann an iarrthóra.

Is é an tráth is déanaí chun ainmniúcháin a ghlacadh 12 meán lae Dé hAoine an 01 Bealtaine 2026. Féadfaidh iarrthóirí a n-ainmniúcháin a tharraingt siar suas go 12 meán lae Dé Sathairn an 02 Bealtaine 2026.

Féadfaidh gach saoránach Éireannach agus Briotanach atá san áireamh i gclár na dtoghthóirí sna dáilcheantair ábhartha vóta a chaitheamh sna fothoghcháin. Tá breis agus 57,000 toghthóirí Bhaile Átha Cliath Láir ann. Tá breis agus 103,000 toghthóirí na Gaillimhe Thiar ann.

Clárú Vótálaithe

Tá am fós ag duine atá incháilithe chun vótáil ach nach bhfuil cláraithe mar thoghthóir fós iarratas a dhéanamh le bheith san áireamh ar chlár na dtoghthóirí. Chun a bheith incháilithe chun vótáil ní mór do dhuine a bheith 18 mbliana d’aois nó níos sine ar nó roimh an lá vótaíochta agus a bheith ina ghnáthchónaí/gnáthchónaí sa toghlach inar mian leo vótáil. Ní mór dó/di a bheith ar Chlár na dToghthóirí freisin.

Ní mór don údarás clárúcháin iarratais chomhlánaithe a fháil don cheantar ina bhfuil cónaí ar dhuine faoin Máirt 05 Bealtaine 2026.

Tá catagóirí áirithe daoine i dteideal iarratas a dhéanamh ar vóta poist nó speisialta (féach nótaí don eagarthóir). Ní mór don údarás áitiúil ábhartha iarratais ar vótaí poist agus speisialta a fháil tráth nach déanaí Dé Sathairn 25 Aibreáin 2026.

Moltar do gach duine a sheiceáil go bhfuil a gcuid sonraí ceart agus cothrom le dáta ag www.checktheregister.ie/ga-IE/. Má tá sonraí duine ceart, ní gá aon rud a dhéanamh agus eiseofar cárta faisnéise vótála in am trátha.

Is féidir le toghthóirí nach bhfuil ar an gclár, nó ar gá dóibh a sonraí a nuashonrú, toisc gur bhog siad chuig teach nua, mar shampla, amhlaidh a dhéanamh trí iarratas ar líne a chur isteach ag www.checkthereigster.ie nó trí fhoirm a chur isteach lena n-údarás áitiúil. Tá foirmeacha iarratais ábhartha ar fáil ó Chomhairlí Cathrach, Contae nó Cathrach agus Contae (is iad seo na húdaráis chlárúcháin) nó ar líne ag www.checktheregister.ie/ga-IE/

Iarratais ar vóta poist

Tá vóta poist ar fáil do chatagóirí áirithe daoine nach féidir leo dul chuig a stáisiún vótála ar lá na vótála. Ní mór iarratais ar vóta poist a bheith sínithe nó deimhnithe ag tríú páirtí agus, mar sin, ní féidir iad a chomhlánú ar líne.

Tá na catagóirí daoine seo a leanas incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar vóta poist:

  • comhaltaí den Gharda Síochána;
  • comhaltaí lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann;
  • taidhleoirí Éireannacha atá ar seirbhís thar lear agus a gcéilí nó a bpáirtnéirí sibhialta;
  • daoine a bhfuil cónaí orthu sa bhaile ach nach bhfuil in ann dul chuig ionad vótaíochta chun vóta a chaitheamh de dheasca breoiteachta nó míchumais;
  • daoine ar dócha go gcuirfidh a slite beatha cosc orthu dul chuig a n-ionad vótaíochta ar na vótála, lena n-áirítear mic léinn lánaimseartha atá cláraithe sa bhaile ach a bhfuil cónaí orthu in áit eile agus iad ag freastal ar institiúid oideachais sa Stát;
  • toghthóirí nach féidir leo vóta a chaitheamh ag a n-ionad vótaíochta de dheasca imthosca a bhaineann lena dtréimhse choinneála i bpríosún, de bhun ordú de chuid na cúirte;
  • roinnt baill foirne an toghcháin fostaithe ag ionad vótaíochta lasmuigh den toghcheantar ina bhfuil cónaí orthu; agus
  • i gcás go bhfuil duine buartha faoina s(h)ábháilteacht nó faoi shábháilteacht duine dá t(h)eaghlach dá bhfoilseofaí a (h)ainm agus a s(h)eoladh baile, féadfaidh iarratas a dhéanamh le bheith mar thoghthóir anaithnid. Ní féidir na toghthóirí sin ach vóta a chaitheamh tríd an bpost.

Tá foirm iarratais ar vóta poist ar fáil le híoslódáil ag www.checktheregister.ie/ga-IE/. Ina theannta sin, tá sí ar fáil go díreach ó chomhairle cathrach, contae nó cathrach agus contae.

Iarratais ar vóta speisialta

I gcás daoine a bhfuil cónaí orthu in ospidéal, teach altranais, saoráid meabhairshláinte nó saoráid cúraim chomhchosúil agus nach bhfuil in ann dul chuig a stáisiún vótála de bharr tinnis nó míchumais, is féidir leo iarratas a dhéanamh le bheith curtha leis an liosta vótálaithe speisialta. Leis sin, beidh daoine in ann vóta a chaitheamh ag an tsaoráid cúraim ar lá na vótála. Tugann Oifigeach Ceannais Speisialta páipéar ballóide chuig an vótálaí.

Is féidir foirm iarratais ar vóta speisialta a íoslódáil ag www.checktheregister.ie/ga-IE/ agus tá sí ar fáil go díreach freisin ó chomhairle cathrach, contae nó cathrach agus contae.

Tá tuilleadh eolais maidir le cúrsaí toghcháin agus na fothoghcháin ar fáil ag https://www.gov.ie/en/department-of-housing-local-government-and-heritage/collections/voting-and-elections-in-ireland/

Tá sonraí teagmhála na gCeann Comhairimh Dála ar fáil ag:

https://www.gov.ie/en/department-of-housing-local-government-and-heritage/organisation-information/returning-officer-contact-details/

ENDS

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat