Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Noonan clár taighde seandálaíochta €2.2 milliún de chuid INSTAR+ i gcomhar leis an gComhairle um Thaighde in Éirinn agus leis an gComhairle Oidhreachta

D'fhógair an tAire Malcolm Noonan inniu go mbunófaí clár taighde seandálaíochta ar luach €2.2 milliún, á mhaoiniú ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta i gcomhar leis an gComhairle Oidhreachta agus á riar ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn (CTÉ).

Sé ata sa Chlár INSTAR+, a bhfuil beartaithe á reáchtáil ar dtús go dtí an bhliain 2024, ná comharba ar an gClár Náisiúnta um Thaighde Seandálaíochta Seandálaíochta Náisiúnta (INSTAR) a bhí ar siúl ón mbliain 2008 go dtí an bhliain 2014 agus a thug roinnt príomhthionscadal comhoibritheach i réimsí mar thalmhaíocht na Ré Neoilitigh, choirp daonna ársa agus an lonnú luath-mheánaoiseach.

Arna reáchtáil ag an gComhairle um Thaighde in Éirinn mar chuid den Chlár COALESCE, maoineoidh INSTAR+ tionscadail chomhoibritheacha 24-mhí atá dírithe ar bhearnaí tuisceanna i seandálaíocht na hÉireann, ar thógáil cumas an taighde, agus ar chabhrú chun aghaidh a thabhairt ar cheist na dtochailtí seandálaíochta neamhfhoilsithe. Mar thoradh ar na hidirghníomhaíochtaí seo idir seandálaithe tráchtála, acadúla agus an Stáit agus na pobail áitiúla faoi INSTAR+, méadófar leibhéal an chomhoibrithe agus an teacht aniar ar fud na hearnála.

Agus é ag teacht le cuspóirí an bheartais de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, de chuid an Chomhairle Oidhreachta agus de chuid an Chomhairle um Thaighde in Éirinn, iarann INSTAR+ cur le tuiscint níos fearr ar oidhreacht seandálaíochta na hÉireann trí dhul i ngleic le príomhcheisteanna na seanlaethanta.

Sé cuspóir clár taighde na seandálaíochta INSTAR+ ná acmhainneacht taifead seandálaíochta na hÉireann a bhaint amach go hiomlán agus ár dtuiscint a athrú maidir leis an gcaoi ar fhorbair saol na hÉireann. Is cuspóir amháin é de chuid INSTAR+ ná a chinntiú go ndéanfar obair uile na seandálaíochta, i gcomhthéacs na dtochailtí siúd a thagann as forbairt tráchtála, a úsáid mar bhonn eolas faoi na seanlaethanta in Éirinn. Cuirfidh INSTAR+ foilseacháin ar fáil a thabharfaidh le chéile an fhaisnéis as na réigiún agus na n-aoiseanna uile chun scéal uasdátaithe faoi na seanlaethanta a chruthú.

Díreofar INSTAR + ar roinnt téamaí:

• Aitheantas Cultúrtha, Críocha agus Teorainneacha

• Acmhainní, Teicneolaíocht agus Ceird

• Malartú agus Trádáil

• Creideamh agus Deasghnáth

• Comhshaol agus Athrú Aeráide

• Tírdhreacha agus Lonnaíocht

• Seandálaíocht agus an Saol Comhaimseartha

Tugtar cuireadh do thaighdeoirí in Éirinn, in Institiúidí um Ardoideachas (IAOanna) agus in Eagraíochtaí um Thabhairt faoi Thaighde (ETTanna) atá incáilithe ag an gCTÉ, a gcuid chomh-iarratas ar mhaoiniú a chur isteach.

Agus bunú an INSTAR+ á fhógairt aige, dúirt an tAire Noonan:

“Is cúis áthais dúinn an infheistíocht shuntasach seo a dhéanamh sa thaighde trínár Seirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta agus táimid thar a bheith buíoch don Chomhairle um Thaighde in Éirinn agus don Chomhairle Oidhreachta as a gcuid oibriú linn chun clár an-spreagúil a fhorbairt. Cinnteoidh clár COALESCE de chuid an Chomhairle um Thaighde in Éirinn an déine athbhreithnithe piaraí den scoth de na tionscadail taighde éagsúla INSTAR+ a mhaoineofar sa 2 bhliain atá romhainn.

Tacóidh an infheistíocht €2.2 milliún in INSTAR+ leis na naisc idir an earnáil ar ard-thaithí na seandálaíochta tráchtála in Éirinn agus ár nInstitiúidí um Ardoideachas, cabhróidh sí le fás cumas an taighde, agus cuirfidh sí le tuiscint níos fearr a chothú ar oidhreacht seandálaíochta na hÉireann.”

Lean an tAire Noonan leis:

“Tabharfaidh INSTAR+ le chéile an fhaisnéis a fuarthas ó na mílte tochailtí seandálaíochta arna cheadú ag mo Roinn a tháinig as forbairt tráchtála le blianta beaga anuas, chun á fí isteach i stair casta na hÉireann. Ag obair leis na pobail mar phríomh-chomhpháirtithe, féachfaimid le taighde a dhéanamh ar chuid de na príomhcheisteanna atá os ár gcomhair faoi láthair, lena n-áirítear athrú na timpeallachta agus na haeráide agus an chaoi ar chuir muintir na laethanta siúd in oiriúint dóibh agus conas ar fhás an teacht aniar acu ina leith. Léiríonn ár dtuiscint ar na seanlaethanta cad tá le teacht, agus tá mórán le foghlaim againn ón gcaoi a ndeachaigh muintir na seanlaethanta i ngleic leis an an athrú.”

Dar le Stiúrthóir an CTÉ, Peter Brown:

“Cuireann sé áthas mór ar an gComhairle um Thaighde in Éirinn tacú le Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta chun clár taighde na seandálaíochta in Éirinn a sheachadadh. Tá maoiniú INSTAR+ agus Ciste Taighde COALESCE ag teacht le chéile chun dul i ngleic leis na dúshláin náisiúnta, lena n-áirítear príomh-bhearnaí na tuisceanna maidir le seandálaíocht na hÉireann. Aithníonn an Comhairle um Thaighde na hÉireann an tábhacht shuntasach a bhaineann le chomhroinnt an taighde agus na nuálaíochtaí, a mhéid is féidir. Déanaimid ár ndícheall comhpháirtíochtaí a bhunú agus a chothú le Ranna agus Gníomhaireachtaí an Rialtais a fhreastalaíonn ar dheiseanna spreagúla a thabhairt dár lucht taighde. Ligfidh comhoibriú níos fearr ar fud na hearnála bonn láidir fianaise agus eolais a réadú, agus beidh tuiscint níos fearr againn i ndeireadh na dála ar ár n-acmhainní seandálaíochta.”

Glacfaidh INSTAR+ le hiarratais ón 23 Meán Fómhair 2021

Nasc le suíomh Ghréasáin an CTÉ

https://research.ie/funding/coalesce/

Tá liosta na dtionscadal a mhaoiníodh roimhe seo faoi chlár bhunaidh INSTAR ar fáil anseo:

https://www.heritagecouncil.ie/funding/featured-projects

Preasoifig na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

Fón: (01) 888 2638 (direct)

r-phost: press@housing.gov.ie

Suíomh Ghréasáin: gov.ie/housing

Twitter: @DeptHousingIRL

An Chomhairle um Thaighde in Éirinn

r-phost: projects@research.ie

Twitter: @IrishResearch

An Chomhairle Oidhreachta

Twitter: @HeritageHubIRE

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat