English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Brien bearta breise d'fhonn cur le soláthar na dtithe sóisialta anois go bhfuil deireadh á chur de réir a chéile leis an toirmeasc ar dhíshealbhú a bhí ann i rith an gheimhridh Ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta

D'fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, inniu (7 Márta 2023) bearta breise chun cur le soláthar na dtithe sóisialta atá le teacht i bhfeidhm ag an am céanna a bhfuil deireadh á chur leis an toirmeasc ar dhíshealbhú a bhí ann le linn an gheimhridh de réir théarmaí an Achta um Thionóntachtaí Cónaithe (Dátaí Foirceanta Tionóntachtaí Áirithe a Chur Siar), 2022.

Rinne an tAcht seo foráil le haghaidh bac ar fhógraí díshealbhaithe don tréimhse suas go dtí an 31 Márta 2023, agus foircinn tionóntachta iarchurtha le teacht i bhfeidhm thar thréimhse agaithe ón 1 Aibreán go dtí an 18 Meitheamh 2023.

Chuir an tAire O’Brien an Chomh-Aireacht ar an eolas faoi phleananna chun roinnt deiseanna nua a thabhairt do thionóntaí ar mian leo a bheith ina n-úinéirí tí. Tá an méid seo a leanas i measc na bpleananna sin:

• é a chur de cheangal ar thiarna talún a bhfuil réadmhaoin á díol acu í a thairiscint don tionónta ar dtús le díol leis nó léi ar bhonn luacháil neamhspleách;

• obair i gcomhar le Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus údaráis áitiúla d'fhonn samhail ‘cíos costais’ saincheaptha a fhorbairt do thionóntaí atá i mbaol a bheith gan dídean ach nach bhfuil tacaíochtaí tithíochta sóisialta á bhfáil acu le gur féidir leo leanúint ar aghaidh lena dtithe a fháil ar cíos ag an ráta atá á íoc faoi láthair nó pé ráta atá i réim sa mhargadh faoi láthair.

Le linn ceist ar leith a chur, d'iarr an tAire O’Brien ar an Rialtas aird a thabhairt ar na bearta eile atá á ndéanamh chun breis cóiríochta a chur ar fáil d'fhonn tionchar theacht chun deiridh na tréimhse éigeandála a mhaolú. Tá an méid seo a leanas i measc na mbearta sin:

• méadú ar líon na dtithe sóisialta atá á gceannach go 1,500 in 2023 d'fhonn líon na dteaghlach i mbaol a bheith gan dídean a laghdú;

• 1,000 teach eile a chur ar fáil trí bhíthin tionscnaimh um Léasú Spriocdhírithe agus breis is 600 díobh siúd le seachadadh le linn 2023

• leasú ar an tSaoráid um Chaipiteal Réamh-Léasaithe a bhfuil na Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta ag baint leas aisti chun tithe sóisialta a sholáthar

Agus é ag trácht air seo, dúirt an tAire O’Brien,

“Rinne an Rialtas roinnt cur chuige a mheas roimh dheireadh a chur le tréimhse an mhoratóra geimhridh agus táimid den tuairim gurb é an bealach is fearr chun dul chun cinn a dhéanamh ná díriú ar sholáthar nua a chothú. Tá sé i gceist againn 2,000 teach sóisialta breise a sholáthar le linn 2023 trí bhíthin ceannachán tí agus léasanna agus tá siad seo sa bhreis ar an 9,100 foirgneamh nua atáimid ag iarraidh a bhaint amach.”

Maidir le soláthar, tharraing an tAire aird ar an mbealach a leanadh le dul chun cinn rialta a dhéanamh ar thithíocht shóisialta a sheachadadh le linn an mhoratóra. Sna trí mhí dheireanacha de 2022, meastar gur cuireadh tuairim is 4,800 teach sóisialta nuathógtha ar fáil, mar aon le hidir 430 agus 530 ceannach tí agus 600 socrú léasa chun acmhainneacht a mhéadú. Lena chois sin, le linn don mhoratóir a bheith i bhfeidhm, rinneadh athchóiriú ar 1,532 teach údaráis áitiúil faoi chlár na dtithe folmha agus cuireadh in úsáid arís iad.

Dúirt an tAire O’Brien an méid seo a leanas freisin,

“Tuigeann an Rialtas go dianmhaith go gcaithfimid níos mó a dhéanamh chun cur le soláthar agus chun cíosaithe a chosaint fad is atáimid ag iarraidh tiarnaí talún beaga a choimeád sa chóras. D'iarr mé ar an Rialtas freisin é a thabhairt faoi deara gur chuir mo Roinn féin tús le hathbhreithniú ar an Earnáil Phríobháideach Cíosa. Cuirfidh an t-athbhreithniú sin an Rialtas ar an eolas faoi na bearta is gá a ghlacadh ar mhaithe le hEarnáil Phríobháideach Cíosa a fheidhmíonn go maith in Éirinn agus a oibríonn chun leas gach duine a chinntiú.”

“Sna míonna amach romhainn, oibreoidh mo Roinn agus mé féin i gcomhar lenár gcomhpháirtithe sa Rialtas chun pacáiste cuimsitheach bearta nua do thionóntaí agus do thiarnaí talún araon a chur i dtoll a chéile,” ar seisean mar fhocal scoir.

CRÍOCH