English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire O’Brien méadú ar Dheontais Umair Sheipteacha

  • Méadú 140% ar uasíocaíochtaí - ag ardú go €12,000 ó €5,000
  • Beidh níos mó teaghlach incháilithe don deontas

Tá sé fógartha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta Darragh O’Brien go méadófar na deontais atá ar fáil do Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí (ar a dtugtar Umair Sheipteacha de ghnáth) go €12,000 ó €5,000.

D’fhógair an tAire freisin go mbainfear an coinníoll cáilitheach nach mór an umar seipteach a chlárú leis an údarás áitiúil roimh 1 Feabhra 2013.

Ciallóidh na hathruithe, a thiocfaidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024, go gcáileoidh níos mó teaghlach do na deontais agus go dtabharfar tacaíocht dóibh chun a n-umar a uasghrádú nó a athsholáthar trí dheontas feabhsaithe.

Bailíonn, déileálann agus scaoileann córais chóireála fuíolluisce tí fuíolluisce ó theaghlaigh nach bhfuil nasctha le córais séarachais phoiblí. Ní mór dóibh a bheith cláraithe le hÚdaráis Áitiúla a fhéadfaidh iad a iniúchadh chun a chinntiú nach gcuireann siad aon bhaol don phobal agus don chomhshaol.

Tá deontais suas le €5,000 ar fáil faoi láthair chun umar seipteach a dheisiú, a uasghrádú nó a athsholáthar ar choinníoll go raibh sé cláraithe roimh 1 Feabhra 2013. Ardófar an t-uasdeontas 140% go €12,000 agus beidh sé ar fáil do gach úinéir umar seipteach incháilithe.

Dúirt an tAire O'Brien:

“Is athruithe an-tábhachtacha iad seo a chabhróidh le teaghlaigh, go háirithe iad siúd faoin tuath in Éirinn, tríd an ualach airgeadais a bhaineann le huasghrádú, deisiú nó athsholáthar dabhach mhúnlaigh a mhaolú.

“D’éist mé leis an aiseolas ó go leor páirtithe leasmhara a bhí ag moladh na n-athruithe seo agus creidim go spreagfaidh siad níos mó teaghlach leas a bhaint as an deontas agus, dá réir sin, go gcuideoidh siad le riosca tionchair timpeallachta ó umair lochtacha a laghdú,” a dúirt sé."