Foilsíonn an FSS Tuarascáil Seicliosta d’Ullmhacht Náisiúnta Cóiríochta COVID-19 don Lucht Siúil
- Foilsithe: 29 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Mar thoradh ar thionscadal chun tionchar Coivd-19 ar phobal an Lucht Siúil a mhaolú, soláthraítear aonaid chóiríochta, usice & sláintíocht, leitreachtas agus dramháil a thabhairt chun siúil.
D’fhoilsigh Oifig Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta FSS (NSIO) agus an Roinn Tithíocht, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (DHLGJ) ‘An Tuarascáil ar Seicliosta d’Ullmhacht Náisiúnta Cóiríochta COVID-19 don Lucht Siúil’ inniu ag imlíniú gníomhartha agus torthaí tionscnaimh comhoibritheach chun neartú Ullmhacht don COVID-19 agus cosc agus rialú ionfhabhtaithe i gcóiríocht an Lucht Siúil.
I dtréimshe 14 mhí, bhí 5,226 cás fógartha COVID-19 i measc an Luchta Siúil, ag 169/1000, trí oiread an ráta i measc an phobail i gcoitinne ag 50/1000. Cuireadh 4.5% den Lucht Siúil san ospidéal i gcomparáid le 0.5% den phobal i gcoitinne. Is iad an Lucht Siúil an grúpa is mó atá i mbaol i dtéarmaí aithint agus bainistíocht ráigeanna COVID-19 i measc grúpaí leochaileacha.
Tháinig an Oifig Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta FSS (NSIO), An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (DHLGH), FSS Sláinte Poiblí, an Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach, údaráis áitiúla, Aonaid Sláinte an Lucht Siúil agus Cúram Sláinte Príomhúil do Thionscadail Lucht Siúil (PHCTPanna) le chéile don tionscadal seicliosta, deartha chun riosca don saol agus don tsláinte a aithint sa Lucht Siúil ó COVID-19.
Bhí an seicliosta mar uirlis a d’aithin na réimsí a raibh tacaíochtaí breise ag teastáil uathu le linn na paindéime seo.
Rinne sláinte pobail an Luchta Siúil agus údaráis áitiúla dhá chéad daichead a cúig seicliosta láithreáin faoin tionscadal go náisiúnta.
Faoi Aibreán 2021, bhí údaráis áitiúla tar éis € 4.5 milliún a tharraingt anuas i maoiniú chun saoráidí breise a sholáthar do chóiríocht a bhaineann go sonrach le Lucht Siúil. Áiríodh leis seo soláthar 111 aonad cóiríochta, saoráidí breise uisce agus sláintíochta, soláthar leictreachais, glanadh breise ar láithreán, dramháil a thabhairt chun siúil breise, rialaithe lotnaidí agus oibreacha feasúcháin láithreáin.
Chinntigh an FSS trí na hAonaid Sláinte an Lucht Siúil/ Cúram Sláinte Príomhúil do Thionscadail Lucht Siúil (PHCTPanna) gur soláthraíodh tacaíochtaí sóisialta breise, mar fhor-rochtain duine le duine le fáisnéis faoi COVID-19 agus na seirbhísí atá ar fáil. De bhreis ar sin, eagraíodh tacaíochtaí fairsinge agus sonracha le linn ráigeanna COVID-19 nó ráigeanna amhrasta an COVID-19, mar shampla iompar, bia agus cógais a eagrú.
Chuir an FFS agus údaráis áitiúla araon comharthaíocht láithreáin COVID-19, pacáistí leasa agus trealamh cosanta pearsanta ar fáil mar mhaisc aghaidhe agus sláintíocht láimhe.
Bhí rannpháirtíocht na n-oibrithe sláinte Pobail don Lucht Siúil ó na Cúraim Sláinte Príomhúil do Thionscadail Lucht Siúil, a bhí ina gcónaí ar na suíomhanna lena mbaineann, thar a bheith luachmhar.
Déantar Dr Margaret Fitzgerald, Ceannaire Sláinte Poiblí FSS trácht ar an tuarascáil ag rá:
“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don iarracht ollmhór a rinneadh ní amháin san obair ar an tionscadal ach sa chomhoibriú ó gach duine a bhí bainteach d’fhonn riosca COVID-19 do Thaistealaithe a mhaolú. Ba mhaith liom an iarracht a rinneadh na dálaí tithíochta don Lucht Siúil a fheabhsú mar thoradh ar an tionscadal.
Ba mhaith liom a athrá freisin an tábhachtacht a bhaineann le tithíocht leordhónthanach, agus go háirithe spás agus aerú leordhóthanach mar eochar chun ionfhabhtú le COVID_19 a chosc agus a scaipeadh. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreacha, Aonaid Sláinte an Luchta Siúil an Cumann Bainistíochta Cathrach agus Contae agus na Tionscadail Cúraim Sláinte Príomhúil don Lucht Siúil as a mbaintMar fhocal scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le cónaitheoirí na láithreán lena mbaineann as a gcomhoibriú agus a dtacaíocht chun leathadh COVID-19 a chosc. "
Dúirt Frank Curran, Cathaoirleach Choiste Tithíochta Chumann Bainistíochta Contae agus Cathrach (CCMA):
“Bhí iarrachtaí comhoibritheacha údaráis áitiúla, FSS, ionadaithe an Lucht Siúil agus daoine eile ríthábhachtach chun maolú a dhéanamh ar COVID-19 laistigh de ghrúpaí leochaileacha le linn na paindéime. Mar a léiríonn an tuarascáil a seoladh inniu, d’éascaigh Seicliosta d’Ullmhacht Cóiríochta COVID-19 cur chuige an-phraiticiúíl a raibh tionchar suntasach aige agus leanfaidh an údaráis áitiúla ag cur leis an dul chun cinn atá déanta.”
Dúirt an tAire Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Peter Burke TD:
Ó thosach na paindéime, d’oibrigh mo Roinn le húdaráis áitiúla, le grúpaí ionadaíocha an Lucht Siúil agus le FSS chun freagairt láidir a sholáthar do rioscaí sláinte aitheanta agus atá ag teacht chun cinn do dhaonra an Luchta Siúil. Áiríodh leis seo comhthionscnamh ‘Seicliosta d’Ullmhacht Náisiúnta Cóiríochta COVID-19 don Lucht Siúil.’
Dhírigh an Roinn ar shábháilteacht saoil agus bearta a chur i bhfeidhm chun pobal an Luchta Siúil leochaileach agus pobail i gcoitinne a chosaint. D’eascair cosaint sláinte níos mó i gcoitine COIVD-19 don Lucht Siúil mar gheall ar an tionsnamh seo. Chonacthas caidreamh dearfach idir na páirtithe leasmhara go léir chom maith. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt ar an ualach mór oibre a rinne foireann FSS agus údaráis áitiúla ó thosach na géarchéime. Is minic a chuir siad iad féin i mbaol agus iad ag seachadadh seirbhísí líne tosaigh. Ba mhaith liom ómós a thabhairt freisin d’eagraíochtaí an Lucht Siúil as a gcuid oibre ag cur na dteachtaireachtaí sláinte poiblí chuig an bpobal.
“Mar fhocal scoir ba mhaith liom buíochas a ghabháil le húdair na tuarascála seo as í a chur ar fáil. Tá súil agam go gcuireann an tuarascáil le hiarrachtaí comhoibríocha leanúnacha chun an pobal Taistealaithe a chosaint ar COVID-19 agus ar dhúshláin sláinte poiblí sa todhchaí. "
Críoch