Dul chun cinn á dhéanamh ar athchóiriú pleanála agus an chéad chéim eile d’athruithe faoin reachtaíocht nua fógartha ag na hAirí Browne agus Cummins
- Foilsithe: 29 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Bealtaine 2026
Tháinig an chéad chéim eile den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2024 i bhfeidhm ar an 31 Nollaig 2025, agus athchóirithe móra á dtabhairt isteach chun córas pleanála na hÉireann a neartú. Tá sé mar chuspóir ag na hathruithe sin cur le soiléire, comhsheasmhacht agus muinín, agus tá siad á gcur i bhfeidhm ina gcéimeanna de bharr scála na reachtaíochta.
Príomhleasuithe sa chéim seo:
Forbairt údarás áitiúil leathnaithe agus níos straitéisí:
- Anois, beidh saolré 10 mbliana ag pleananna forbartha in áit 6 bliana, d’fhonn inbhuanaitheacht agus comhsheasmhacht níos mó a chruthú agus cinnteacht a fheabhsú le haghaidh páirtithe leasmhara eile.
- Beidh próiseas níos éifeachtaí ann chun pleananna forbartha a nuashonrú chun bheith i gcomhréir le Ráitis Phleanála Náisiúnta nua nó athbhreithnithe, rud a chuirfidh ar chumas údarás áitiúil spriocanna náisiúnta tithíochta agus sonraí daonra nuashonruithe a aistriú ina gcriosú áitiúil.
- Eiseoidh an tAire treoracha práinneacha freisin chun athruithe a éileamh i gcúinsí áirithe.
Tiocfaidh trí chineál pleananna ceantar-bhunaithe in ionad pleananna ceantair áitiúla:
- Pleananna Ceantair Uirbigh: Le haghaidh lárionad réigiúnach fáis agus príomhbhailte a aithnítear sa Straitéis Spáis agus Eacnamaíoch Réigiúnach.
- Pleananna Ceantair Tosaíochta: Le haghaidh ceantar i mbailte nó i gcathracha ina bhfuil acmhainneacht mhór tithíochta nó forbartha eile.
- Pleananna Comhordaithe Ceantair: Curtha le chéile ag dhá (nó níos mó) údarás áitiúil i gcomhar le chéile.
Straitéisí tithíochta: Caithfidh údaráis áitiúla riachtanais tithíochta an lae inniu agus an todhchaí a mheas, lena n-áirítear cóiríocht inacmhainne agus cóiríocht ar cíos de réir costais chun pleanáil níos fearr d’fhás daonra.
Bord Comhairleach don Rialaitheoir Pleanála: Curtha ar bun chun treoracha straitéiseacha a thabhairt, maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme, agus comhairle a chur in iúl maidir le beartas.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an TD James Browne:
"Is céim thábhachtach eile iad na hathruithe seo i dtreo próisis phleanála atá níos simplí, níos daingne agus níos trédhearcaí. Mar rialtas, táimid ag tabhairt aghaidh ar ghéarchéim náisiúnta tithíochta, agus cinnteoidh na hathruithe seo go mbíonn an phráinn chéanna ar ár n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla.
"Cruthóidh na hathchóirithe atá á dtosú sa chéim seo cur chuige níos comhionainne ar phleanáil agus ar fhorbairt ó bharr anuas agus ó bhun aníos. Anois, beidh pleananna forbartha ar an leibhéal áitiúil in ann feidhmiú ag an am céanna le straitéis náisiúnta chun úsáid níos fearr acmhainní agus criosú níos straitéisí a chinntiú mar fhreagra ar riachtanais áitiúla agus náisiúnta araon.
"Ní hamháin go ligfidh sé sin dúinn níos mó tithe a sheachadadh ar an scála agus ag an luas atá ag teastáil, ach cuideoidh sé chun forbairt chothrom réigiúnach agus fás inbhuanaithe i gceantair uirbeacha a chinntiú freisin. Ligfidh sé dúinn beocht ár gceantar tuaithe a chaomhnú freisin, chomh maith lenár dtimpeallacht agus oidhreacht a chosaint agus a fheabhsú, agus na caighdeáin dearaidh is fearr á gcur i bhfeidhm."
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, an TD John Cummins:
“Tá mé an-sásta go bhfuil na hathruithe seo, a raibh ag teastáil go géar, ag teacht i bhfeidhm. Tabharfaidh na hathruithe seo deis d’údaráis áitiúla comhordú i bhfad níos éasca a dhéanamh le beartas náisiúnta agus cuideoidh siad chun dlús a chur le seachadadh tithíochta agus bonneagair atá riachtanach chun freastal ar riachtanais daoine ar fud na Tíre.
"Tá a fhios againn go raibh dúshláin ag baint lenár gcóras pleanála san am atá caite, ach cruthóidh na hathchóirithe seo an tsoiléireacht agus cinnteacht atá de dhíth chun tacú le fás inbhuanaithe, infheistiú a mhealladh, agus torthaí níos fearr a tháirgeadh do phobail ar fud na hÉireann.
"Píosa reachtaíochta an-mhór atá ann, atá fairsing agus uaillmhianach ag an am céanna, ach i mo ról mar Aire Stáit um Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, tá mé tiomanta chun na hathchóirithe atá fágtha a chur i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir. Is cloch mhíle eile é seo ar an aistear sin inniu.”
Nótaí d’Eagarthóirí
Íoslódáil téacs iomlán an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2024.
Tuilleadh Sonraí faoi Phleananna Forbartha
- Faoin reachtaíocht nua, beidh saolré 10 mbliana in áit 6 bliana ag pleananna forbartha. Déanfar athbhreithniú eatramhach ar an bplean forbartha i mbliain 5 den phlean forbartha chun comhréireacht chuí a chinntiú idir an plean forbartha agus an Daonáireamh, an Creat Náisiúnta Pleanála, agus an straitéis spáis agus eacnamaíoch réigiúnach ábhartha. Mar thoradh air sin, beidh pleananna níos cothroime le dáta; rud a chuirfidh le cinnteacht go bhfuil go leor talún criosaithe ar fáil i gcónaí chun freastal ar riachtanais na straitéise forbartha tithíochta agus na straitéise forbartha eacnamaíche; agus a chruthóidh cinnteacht níos mó thar tréimhse níos faide do na páirtithe leasmhara go léir.
- Sa saolré 10 mbliana, le hathbhreithniú gach 5 bliana, beidh gach ball tofa páirteach i gceapadóireacht an Phlean Forbartha nó san athbhreithniú nó aon athchóiriú féideartha tríd an athbhreithniú eatramhach.
- Beidh ábhar na bpleananna forbartha níos straitéisí ná faoin Acht 2000. Cuimseoidh an plean forbartha straitéis iomlán chomhtháite don cheantar agus sé straitéis théamach. Neartóidh na straitéisí téamacha spriocanna éigeantacha agus lánroghnacha faoin Acht 2000 chun creat ciallmhar agus spriocdhírithe a chur ar fáil le haghaidh forbartha chothrom réigiúnaigh, fáis inbhuanaithe i gceantair uirbeacha, beocht i gceantair tuaithe, cosaint agus feabhsú ar an timpeallacht agus ar acmhainní nádúrtha agus oidhreachta, agus ionchorprú caighdeán dearaidh. Beidh gá le pleananna forbartha chun spriocanna a rialáil a bhaineann go sonrach le lonnaíochtaí a bhfuil níos mó ná 1,500 duine iontu, ceantair áirithe Gaeltachta, oileáin amach ón gcósta a bhfuil cónaí ann agus lonnaíochtaí beaga eile. Caithfear aon chriosú a chur san áireamh sa phlean forbartha chun comhsheasmhacht na straitéise ginearálta maidir le forbairt na cathrach nó an chontae atá i gceist a chinntiú, agus chun forbairt bonneagair - tithíocht ina measc - a chur i gcrích go tráthúil.
Tuilleadh Eolais faoin mBord Comhairleach a dhéanfaidh maoirseacht ar agus a chuideoidh le hOifig an Rialaitheora Pleanála
Beidh 5 ball ar a laghad, agus 7 mball ar a mhéad (an cathaoirleach san áireamh) ar an mBord Comhairleach.