n chéad ghairm ar thionscadail don Chiste Infheistíochta Bonneagair Thithíochta €1 Bhilliún fógartha ag an Rialtas
-
Ó: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta; An Roinn Airgeadais
- Foilsithe: 21 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2026
Inniu d’fhógair an Tánaiste Simon Harris TD agus an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, an chéad ghairm ar thionscadail do Chiste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta nua an Rialtais. Mar chuid den Chiste, leithdháilfear €1 Bhilliún sna cúig bliana amach romhainn chun tacú le seachadadh tionscadal bonneagair phoiblí a spreagadh lena mbainfear tairbhe as láithreáin tithíochta i mbailte agus i gcathracha ar fud na hÉireann.
Is ionann an Ciste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta agus tiomantas ilbhliantúil suntasach chun tairbhe a bhaint as talamh seirbhísithe ar scála mór. Is é seo an ciste bonneagair tithíochta is mó a fógraíodh in Éirinn le blianta fada anuas agus beidh sé á riar ag an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta nuabhunaithe.
Tacóidh an ciste seo le forbairt an bhonneagair phoiblí atá de dhíth chun na mílte tithe a chur ar fáil ar fud bailte agus cathracha, agus glacfar leis mar cholún lárnach de phlean tithíochta nua an Rialtais, Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil, agus tacóidh sé leis an sprioc 300,000 teach nua a chur ar fáil faoi 2030.
Tá chéad Ghairm an lae inniu oscailte d’Údaráis Áitiúla agus don Ghníomhaireacht Forbartha Talún anois. Tá an Ghairm seo dírithe ar thionscadail ar féidir tosú ag obair orthu go tapa.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Tánaiste agus an tionscnamh á sheoladh aige:
“Is ionann an ciste €1 bhilliún seo agus ceann de na hidirghabhálacha is suntasaí le breis is deich mbliana anuas chomh fada is a bhaineann le tithíocht a sholáthar. Ar fud na tíre, tá talamh criosaithe díomhaoin de bhrí nach bhfuil an bonneagar riachtanach chun tacú le forbairt tithíochta ann. Tabharfar aghaidh ar an bhfadhb seo go díreach leis an gCiste €1 Bhilliún Euro nua seo. Trí infheistíocht a dhéanamh ar scála anois, is féidir linn dlús a chur le tógáil tithe agus na tithe atá riachtanach chun spriocanna uaillmhianacha ár bPlean Gníomhaíochta Tithíochta nua a chomhlíonadh.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Browne le linn dó gairm an lae inniu ar thionscadail oiriúnacha a mhíniú:
“Inniu, tá an chéad ghairm ar thionscadail oiriúnacha á fógairt againn. Tá Gairm 1 dírithe go sonrach ar thionscadail ar féidir tosú ag obair orthu go tapa agus ar scála. Tá muid sa tóir ar thionscadail láidre, ar féidir iad a chur i gcrích agus ar féidir tosú ag obair orthu láithreach ionas gur féidir tús a chur leis na hiarrachtaí chun déileáil le soláthar tithíochta láithreach. Tá na hÚdaráis Áitiúla agus an Ghníomhaireacht Forbartha Talún i ndiaidh insint dom go bhfuil roghanna oiriúnacha ar fáil, agus inniu, tá muid ag iarraidh orthu iarratas a chur isteach ar mhaoiniú le haghaidh na dtionscadal sin.”
Tá an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ag leanúint ar aghaidh leis an gCiste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta a fhorbairt, agus tá sé beartaithe an cur chuige a fhorbairt ag tús 2026 ionas gur féidir níos mó cur chuige soláthair a chur san áireamh, mar aon le níos mó comhpháirtithe soláthair san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach.
Dúirt an tAire Browne:
“Cé go bhfuil Gairm 1 dírithe go sonrach ar údaráis áitiúla agus ar an nGníomhaireacht Forbartha Talún, tá mé ag iarraidh go mbeidh an ciste seo in ann tairbhe a bhaint as na féidearthachtaí ar fad atá ann ionas gur féidir tosú ag obair ar thionscadail go tapa. Chuige sin, tá mé i ndiaidh nóta scríofa a sheoladh chuig grúpaí ionadaíocha an tionscail inniu chun ionchur a mball a fháil i dtaca le príomhdheiseanna chun deireadh a chur le baic i mbailte agus i gcathracha ar fud na tíre agus maidir leis an gcaoi is féidir ról lárnach a bheith ag an earnáil phríobháideach san obair seo. Déanfar gach deis atá ann a fhiosrú agus tá súil agam go mbeidh an dara gairm ar thuilleadh tionscadal á fógairt go luath.”
Ní mór iarratais faoi Ghairm 1 a sheoladh ar aghaidh faoi mheán lae, ar an Aoine, an 27 Feabhra 2026. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an gCiste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta agus an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta ar fáil anseo.
CRÍOCH
Nótaí
Fógraíodh an Ciste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta mar chuid den chiste Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025–2030. Is ciste ilbhliantúil atá ann atá á chur ar fáil faoi Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN) nuashonraithe 2025-2035.
Is é an aidhm atá leis an gCiste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta ná an bonneagar atá riachtanach chun tabhairt faoi fhorbairt chónaithe ar scála móra a sholáthar. Cuirfidh an Ciste le hinfheistíocht a bheidh á déanamh ag Ranna Rialtais agus ag gníomhaireachtaí bonneagair eile, leithéidí Uisce Éireann agus Líonraí BSL, a fuair maoiniú faoin PFN nuashonraithe chun tacú le fás tithíochta, mar chuid de chur chuige níos comhordaithe. Cinnteoidh sé sin go bhfreastalaítear ar thailte atá sainaitheanta agus a bhfuil tús áite tugtha dóibh i dtaca le tithíocht agus go mbeidh siad réidh chun tithe a chur ar fáil.
Faoi Ghairm 1, díreoidh an Ciste ar thionscadail bhonneagair atá forbartha agus ar féidir iad a chur ar fáil laistigh den tréimhse ama gníomhachtaithe tithíochta 2026–2028.
Leanfaidh an Roinn ar aghaidh leis an gCiste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta a fhorbairt, agus tá sé beartaithe aici an cur chuige a fhorbairt ag tús 2026 chun roinnt comhpháirtithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach a chur san áireamh. Is dócha freisin go n-athróidh critéir an chiste le himeacht ama agus aird á tabhairt ar riachtanais bhonneagair na tíre, ar chumas earnálacha chun bonneagar agus tithíocht a sheachadadh, agus ar athruithe sna tírdhreacha beartais agus reachtaíochta níos leithne ar leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE. Is é an phríomhaidhm atá ann ná clár infheistíochta rollach a fhorbairt lena dtéitear i ngleic leis na bacainní a bhaineann le soláthar tithíochta.
An Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta
I gClár Rialtais 2025, Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, moladh go mbunófaí Oifig Tithíochta Straitéisí agus Seachadta Bonneagair faoin Aire Tithíochta chun cabhrú le: comhordú a dhéanamh agus dlús a chur le tógáil tithe trí mhoilleanna ar bhonneagar a réiteach; agus comhordú a dhéanamh ar an infheistíocht i seirbhísí le haghaidh tailte criosaithe.
Is í an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta (OGT) an mheicníocht seachadta don tiomantas seo. Tá saineolaithe sinsearacha ó Uisce Éireann, Líonraí BSL, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Bonneagar Iompair Éireann agus ón earnáil rialtais áitiúil san áireamh san Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta. Is é an ról atá ag an oifig ná páirtithe leasmhara a chomhordú, bacainní bonneagair a shainaithint, agus talamh a dhíghlasáil ar mhaithe le forbairt tithíochta—go háirithe i mbailte agus i gcathracha móra inar féidir tithe a sheachadadh ar scála mór.
Beidh an Ciste á bhainistiú agus á chur chun feidhme ag an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (an Roinn), agus tarraingítear aird ar an bpointe in Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil go bhfuil sé riachtanach go mbeidh maoiniú ar fáil chun tacú le príomhthionscadail bhonneagair a sheachadadh ionas go n-éireoidh leis an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta.
Íoslódáil Téarmaí Tagartha na hOifige um Ghníomhachtú Tithíochta
D’fhógair an tAire sonraí maidir leis an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta ar an 29 Aibreán 2025.
Sonraí maidir leis an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta
Grúpa um Sheachadadh Gníomhachtaithe Tithíochta agus Grúpa Tionscail
Thionóil an tAire Browne Grúpa um Sheachadadh Gníomhachtaithe Tithíochta agus Grúpa Tionscail nua ar an 6 Samhain 2025. Beidh na grúpaí sin ag teacht le chéile gach ráithe agus beidh siad ag feidhmiú mar fhóram do chaidreamh gníomhach rialta le Ranna Rialtais agus le gníomhaireachtaí bonneagair agus le hoifigigh an tionscail chun tacú leis an obair atá á déanamh ag an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta.