Tá leasuithe ceadaithe ag an Rialtas chun an Scéim um Bloic Choincréite Lochtacha a neartú

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá leasuithe ceadaithe ag an Rialtas chun an Scéim um Bloic Choincréite Lochtacha a neartú

D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, inniu go bhfuil an rialtas tar éis sraith leasuithe reachtaíochta a cheadú atá ceaptha chun feabhas a chur ar thacaíochtaí d’úinéirí tí atá buailte ag bloic choincréite lochtacha.

Tá na leasuithe ceaptha chun an scéim athchóirithe a dhéanamh níos cothroime, níos praiticiúla agus níos tacúla do theaghlaigh atá ag déileáil le bloic choincréite lochtacha.

Faoi na leasuithe, tabharfar isteach níos mó solúbthachta le haghaidh tithe leathscoite agus comhcheangailte. Má tá réadmhaoin amháin cáilithe le haghaidh athchóirithe, féadfar an réadmhaoin in aice láimhe a bheith san áireamh freisin le haghaidh measúnaithe faoin Scéim, fiú mura gcomhlíonann sí an tairseach iomlán damáiste.

I gcásanna teoranta áirithe, déanfar foráil do thógáil áitreabh in aice láimhe. Tá an beart seo beartaithe chun cabhrú le teaghlaigh leochaileacha a bhfuil dúshláin rompu maidir le cóiríocht mhalartach oiriúnach a aimsiú agus a dtithe á n-athchóiriú.

Beidh ar thógálaithe a chruthú anois go bhfuil siad ag cloí leis na rialacháin sula bhféadfar tithe a áitiú, rud a chinnteoidh tithíocht níos sábháilte do theaghlaigh. Rialtófar oibreacha a rinneadh gan fógra cuí san am atá thart le próiseas nua, agus tabharfaidh cumhachtaí forfheidhmithe leathnaithe níos mó solúbthachta d’údaráis chun saincheisteanna a réiteach go cothrom.

Ag labhairt dó tar éis cheadú na Comh-Aireachta, dúirt an tAire Browne:

“Bhuail mé go díreach le daoine a raibh tionchar ag an gceist seo orthu agus chonaic mé an damáiste mór a rinneadh dá dtithe agus an tionchar a bhí aige ar a saol. Mar sin, táim tiomanta scéim a chinntiú a oibríonn mar is ceart chun a leasa.

“Baineann na leasuithe seo le cothrom na Féinne, praiticiúlacht agus cosaint an todhchaí. Tá scéim a oibríonn tuillte ag úinéirí tí atá buailte ag bloic choincréite lochtacha, go háirithe i dtithe comhcheangailte ina gcaithfear an obair dheisiúcháin a chomhordú.

“Beidh solúbthacht ag úinéirí tí i dtithe leathscoite agus sraithe anois, agus áitribh taobh le taobh nó áitribh chóngaracha san áireamh san obair dheisiúcháin chun tacú le teaghlaigh atá ag streachailt le cóiríocht le linn deisiúchán.

“Ag an am céanna, táimid ag neartú agus ag leathnú nósanna imeachta forfheidhmithe rialaithe foirgníochta ar mhaithe le comhlíonadh na Rialachán Foirgníochta a chinntiú.”

Rachaidh na leasuithe ar aghaidh anois chuig gnáthphróisis reachtacha an Oireachtais.

Nótaí

Bille Leasaithe BCL 2025

Ar an 4 Meitheamh 2025, cheadaigh an rialtas an Scéim Ghinearálta um Leasúchán ar Theaghaisí a nDearnadh Damáiste Dóibh mar gheall ar Úsáid Bloc Coincréite Lochtach (Leasú), 2025 mar bhonn le haghaidh dréachtú dlíthiúil tosaíochta chun íocaíochtaí cúlghabhálacha a sholáthar d’iarratasóirí áirithe ar an Scéim Deontais um Bloic Choincréite Lochtacha.

Mar a fhoráiltear i Scéim Ghinearálta an Bhille, déantar foráil sa Bhille freisin do roinnt leasuithe teicniúla chun riarachán éifeachtach na scéime a chinntiú.

Príomhfhorálacha an Bhille:

  • beidh úinéirí ábhartha a thabhaigh caiteachas cáilitheach ón 29 Márta 2024 nár íocadh mar gur bhain siad an t-uasmhéid scéime €420,000 a bhí i bhfeidhm ag an am sin amach in ann iarratas a dhéanamh chuig a n-údarás áitiúil ainmnithe chun méid nua deontais rogha feabhsúcháin a chinneadh i gcomhréir leis an uasteorainn scéime mhéadaithe agus na rátaí dá bhforáiltear faoin scéim i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2024. Nuair a gheofar an méid nua deontais seo, beidh úinéirí ábhartha in ann sonraisc neamhíoctha a chur isteach lena mbreithniú chomh maith le híocaíocht chuig a n-údarás áitiúil ainmnithe i gcomhréir lena méid nua deontais
  • beidh úinéirí ábhartha ar tugadh rogha gan scartáil dóibh (rogha 2 go 5) agus nach bhfuil tús curtha fós lena n-oibreacha nó a scoir d’oibreacha ar an láthair amhail an 6 Samhain 2024 in ann iarratas a dhéanamh chuig a n-údarás áitiúil ainmnithe le haghaidh athbhreithniú teicniúil ar a rogha feabhsúcháin chinnte agus ar mhéid an deontais nuair a fhoilseofar an caighdeán náisiúnta athbhreithnithe I.S.465
  • ní féidir le húinéirí ábhartha a bhfuil uasteorainn deontais na scéime faoin Acht bainte amach acu iarratas a dhéanamh ar dheontais choimhdeacha. Leis an leasú ceadófar don chohórt seo iarratas a dhéanamh ar dheontais choimhdeacha agus é á chinntiú fós go bhfanfaidh an íocaíocht iomlán fhoriomlán leis an úinéir tí laistigh de na méideanna incheadaithe sa scéim deontais
  • ní cheadaítear leis an Acht do dhuine nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar “úinéir ábhartha” a bheith ina n-úinéir ábhartha i gcás ina bhfuil, nó ina raibh, sé nó sí i gcaidreamh le húinéir ábhartha. Leis an leasú éascófar é seo do lánúineacha pósta, dóibh siúd atá i bpáirtnéireacht shibhialta nó atá in aontíos
  • leis an Acht cuirtear teorainneacha ama 65 seachtain i bhfeidhm chun oibreacha feabhsúcháin a chríochnú ar thosach agus ceanglas chun iarratas a dhéanamh 12 sheachtain roimh an tréimhse éaga seo chun síneadh breise ar na 65 seachtain a lorg ar a mhéad 24 seachtain bhreise. Sa leasú méadófar an t-am chun oibreacha a chríochnú ó 65 go 130 seachtain agus laghdófar an t-am iarratais ó 12 sheachtain go 2 sheachtain le haghaidh sínidh
  • san Acht ceadaítear faisnéis áirithe a roinnt le hÚdarás Fuinnimh Inbhuanaithe na hÉireann (ÚFIÉ) ag údaráis áitiúla ainmnithe nuair is gá agus nuair is comhréireach é. Chun cabhrú le ÚFIÉ a chinntiú nach ndéanann sé dúbailt ar íocaíochtaí ciste a dhéanann sé faoina scéim athchóirithe fuinnimh d’iarratasóirí scéime BCL, leis an leasú ligfear do ÚFIÉ faisnéis a roinnt le húdaráis áitiúla ainmnithe
  • Sa Bhille ceadófar dara muirear a chruthú ar réadmhaoine BTC i gcás ina bhfaigheann na húinéirí ábhartha maoiniú breise faoin ngné chúlghabhálach

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat