Formheasann an Rialtas foilsiú an Bhille um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2025
- Foilsithe: 8 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2026
Inniu (17 Meitheamh 2025), d’fhormheas an rialtas foilsiú an Bhille um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2025 chun achtú tosaithe.
Forálann an Bille do na nithe seo a leanas:
- a mheas nach CBCanna iad mar CBCanna ón lá tar éis achtaithe go dtí an 28 Feabhra 2026; agus
- síneadh dhá mhí, go dtí an 28 Feabhra 2026, ar oibriú na gCriosanna Brú Cíosa atá ann cheana féin.
Inniu leag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne béim ar an méid seo a leanas:
“Táimid ag cosaint cíosaithe, agus táim ag bogadh go tapa ar seo. I gcomhréir le formheas an rialtais an tseachtain seo caite maidir le dréachtú práinneach reachtaíochta chun feidhmiú na gCriosanna Brú Cíosa a leathnú agus a mhéadú, is féidir liom a fhógairt anois go bhfuil foilsiú na reachtaíochta riachtanaí ceadaithe ag an rialtas – an Bille um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2025 – chun achtú práinneach.
“Cé go raibh na bearta cíosa a fógraíodh casta de réir riachtanais chun glacadh le cásanna éagsúla inár margadh cíosa, ba mhaith linn cinnteacht, soiléireacht agus cobhsaíocht don earnáil cíosa a bheith ann, lena n-áirítear iad siúd a fhaigheann maoin ar cíos agus iad siúd a ligeann a gcuid maoine.
“Tá sé tábhachtach, mar bheart eatramhach, go ndéanfaí gach tionónta a chosaint, a luaithe is féidir, faoi na srianta reatha ar ardú cíosa atá i bhfeidhm in CBCanna. Forálann an Bille seo an chosaint riachtanach sin do gach tionónta go dtí an 28 Feabhra 2026.”
Luaigh an tAire Stáit John Cummins TD an méid seo a leanas:
“Tá sé tugtha le fios go soiléir ag an rialtas go gcaithfidh aon athruithe a dhéantar ar Chriosanna Brú Cíosa cosaintí méadaithe a bheith ann do thionóntaí. Sin é an fáth go bhfuilimid ag bogadh go tapa chun an Crios Brú Cíosa a leathnú agus a mhéadú chun an tír ar fad a chur san áireamh chomh tapa agus is féidir.”
Is é an Bille um Thionóntachtaí Cónaithe (Leasú) 2025 an chéad chéim i sraith beart a d’fhógair an Rialtas an 10 Meitheamh 2025, chun cosaintí tionóntachta níos láidre agus daingne tionachta a sholáthar do gach tionóntacht nua a cruthaíodh (is é sin, tionóntacht den chéad uair idir páirtithe) ar an 1 Márta 2026 ní ina dhiaidh sin.