Athbhreithniú rialtais ar dhíolúintí ceada pleanála le dul chuig comhairliúchán poiblí an samhradh seo
- Foilsithe: 30 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2026
Thug an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, an t-eolas is déanaí don Chomh-Aireacht inniu maidir leis an dul chun cinn ar an athbhreithniú ar na forálacha Forbartha Díolmhaithe atá ar siúl faoi láthair. Tá an t-athbhreithniú mar chuid den Phlean Cur Chun Feidhme le haghaidh an Achta um Pleanáil agus Forbairt, 2024. D’fhógair an tAire Browne go bhfuil an t-athbhreithniú ag druidim chun deiridh agus go mbeidh Dréacht-Rialacháin Forbartha Díolmhaithe nuashonraithe ar fáil go luath le haghaidh comhairliúchán poiblí a dhéanfar le linn thréimhse an tsamhraidh.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Browne:
“Is príomhthosaíocht don rialtas seo an tithíocht agus táimid tiomanta gach a bhfuil ar ár gcumas a dhéanamh. Réimse ríthábhachtach le breithniú is ea an cumas díolúintí pleanála atá ann cheana a leathnú agus a fheabhsú ionas gur féidir oiriúnú cuí a dhéanamh ar áitribh do riachtanais atá ag athrú. Ina theannta sin, dá mbeadh níos mó díolúintí againn, bhainfeadh sé sin go leor iarratas as an gcóras nach bhfuil gá leo i ndáiríre - rud a shaorfadh am Phleanálaithe na n-údarás áitiúil agus a chumasódh níos mó acmhainní a dhíriú ar thionscadail níos mó.
“Mar sin féin, beidh aighneachtaí poiblí thar a bheith tábhachtach agus muid ag bogadh ar aghaidh mar go n-aithnítear, go háirithe i gceantair uirbeacha, go bhféadfadh tionchair neamhbheartaithe a bheith ag roinnt forbairtí díolmhaithe ar réadmhaoine in aice láimhe. Dá bhrí sin, ní féidir aon díolúintí atá beartaithe maidir le tithíocht a fheabhsú ach trí chomhairliúchán poiblí iomlán agus mholfainn d’aon duine a bhfuil rud éigin le rá acu páirt a ghlacadh sa phróiseas nuair a osclófar é.”
Faoin athbhreithniú reatha, d’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith san áireamh i ndíolúintí pleanála atá beartaithe ionas gur féidir oiriúnú a dhéanamh ar áitribh d’athruithe:
- athoiriúnuithe áiléir (díonléasacha san áireamh);
- foroinnt áitreabh atá ann;
- athoiriúnuithe agus síntí chun roghanna tithíochta a sholáthar do dhaoine scothaosta;
- teorainneacha dearaidh reatha síntí ar fhoirgnimh atá ann cheana féin – mar shampla, díonta claonta;
- foirgnimh scoite den chineál modúlach a fhéadfar a úsáid mar spás ináitrithe laistigh de theorainn príomháite cónaithe
Chuir an tAire Stáit le freagracht as Pleanáil, John Cummins, béim ar an méid seo a leanas:
“Tá mo thuairimí soiléirithe agam maidir le díolúintí pleanála a sholáthar le haghaidh tithe stíle modúlaí ag cúl áite cónaithe. Creidim gur beart ciallmhar agus praiticiúil é a chuirfidh roghanna tithíochta ar fáil do dhaoine nuair is iomchuí.
“Mar aon leis seo, tá deiseanna ann ar fud go leor réimsí chun an próiseas toilithe pleanála a chuíchóiriú chun díolúintí réasúnta a éascú, rud a shaorfaidh acmhainní pleanála laistigh d’Údaráis Áitiúla.
“Táim ag tnúth leis an bpróiseas comhairliúcháin a thosóidh níos déanaí an mhí seo chun tuairimí an phobail a chloisteáil ar raon athruithe atá á moladh tar éis idirphlé fairsing le ranna rialtais eile agus is mór agam an t-aiseolas dearfach a fuair mé go dtí seo.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Stáit do Dhaoine Scothaosta, Kieran O’Donnell:
“Mholfainn don phobal páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán poiblí seo maidir le díolúintí ceada pleanála. Gealltar i gclár an rialtais raon roghanna tithíochta praiticiúla a thabhairt chun cinn le haghaidh dul in aois dearfach. Leis na cineálacha cearta díolúintí pleanála, is féidir linn é a dhéanamh níos simplí agus níos éasca spásanna maireachtála ar leith a dhéanamh de thithe, rud a chuireann ar chumas daoine scothaosta leanúint ar aghaidh a bheith ina gcónaí ina dtimpeallacht féin agus iad ag oiriúnú do riachtanais atá ag athrú.”
Tá sé beartaithe go mairfidh an comhairliúchán poiblí ar feadh thart ar cheithre seachtaine i rith an tsamhraidh agus, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na haighneachtaí uile, cuirfear Rialacháin Forbartha Díolmhaithe nuashonraithe i gcrích a luaithe is féidir.