Tá athchóirithe suntasacha le tabhairt isteach ag an Rialtas san earnáil cíosa

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá athchóirithe suntasacha le tabhairt isteach ag an Rialtas san earnáil cíosa

  • reachtaíocht chun rialuithe cíosa a leathnú ar fud na tíre
  • bearta nua chun soláthar cíosa agus infheistíochta san earnáil chónaithe a threisiú
  • athruithe suntasacha ar rialúchán cíosa chun daingne tionachta a neartú do chíosaithe a thuilleadh
  • mar thoradh ar seo, beidh díbirt gan locht ag teacht chun deiridh do thromlach na gcíosaithe

D’fhógair an rialtas inniu bearta polasaí nua chun borradh a chur faoi infheistíocht i soláthar tithe ar cíos agus chun cinnteacht a thabhairt don mhargadh cónaithe níos leithne, agus ag an am céanna cosaintí a leathnú a thuilleadh do chíosaithe.

tá sé ceadaithe ag an gcomh-aireacht na criosanna brú cíosa reatha a leathnú go córas rialaithe cíosa don tír ar fad agus táthar ag tabhairt reachtaíocht chun cinn sna seachtainí amach romhainn. Tiocfaidh athruithe breise ar an gcóras crios brú cíosa agus na cosaintí feabhsuithe tionóntachta i bhfeidhm an 1 Márta 2026.

Tá cinntí an lae inniu bunaithe ar thorthaí Athbhreithnithe na Gníomhaireachta Tithíochta ar Chriosanna Brú Cíosa agus Roghanna Beartais Fhéideartha agus ar an moladh is fearr a thugann an Ghníomhaireacht chun feidhm reatha rialuithe cíosa a mhodhnú.

Tuarascáil Athbhreithnithe ar Chriosanna Brú Cíosa

Leag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne béim ar an méid seo a leanas:

“Tá cosaintí níos láidre agus cinnteacht níos fearr ceadaithe ag an rialtas inniu do chíosaithe, agus bearta nua á gcruthú ag an am céanna, mar chuid de shraith oibre atáthar a dhéanamh chun soláthar tithe nua a threisiú agus tiarnaí talún atá sa mhargadh a choinneáil.

“Níl dóthain árasán á dtógáil againn chun déileáil leis an éileamh. Tá a fhios againn go gcaithfimid 50,000 teach a thógáil in aghaidh na bliana. Táim diongbháilte é sin a dhéanamh.

“Beimid ag leathnú rialuithe cíosa go náisiúnta chun gach tionónta a chosaint. Dhéanfadh sé seo oibríocht na rialuithe cíosa a shimpliú agus chinnteofaí go dtairgfí cosaintí rialaithe cíosa do gach tionónta.

“Beidh méaduithe cíosa go náisiúnta nasctha le boilsciú. Mar sin féin, chun tionóntaí a chosaint in amanna ard-bhoilscithe, tá sé beartaithe an teorainn ar bhoilsciú cíosa cheadaithe a choinneáil ag 2% le heisceachtaí teoranta.

“Ina theannta sin, chun daingne tionachta níos fearr a sholáthar do thionóntaí, tabharfaidh an rialtas athruithe reachtacha isteach freisin a chuirfidh srian suntasach ar ‘dhíbirt gan locht’. Cuirfidh na hathruithe seo a thuilleadh le soláthar reatha tionóntachtaí a mhairfidh thar thréimhse neamhtheoranta le tabhairt isteach tionóntachtaí rollacha de thréimhse sé bliana ar a laghad.

“Ní bheidh tionóntaí a bhfuil léas acu le tiarnaí talún níos mó, (a bhfuil ceithre thionóntacht nó níos mó acu), ag dul i ngleic le ‘díbeartha gan locht a thuilleadh, tar éis achtú na reachtaíochta molta seo. Bainfidh tionóntaí a bhfuil léas acu le tiarnaí talún níos lú (a bhfuil trí thionóntacht nó níos lú acu) leas freisin as cosaintí tionóntachta atá feabhsaithe go suntasach.”

Ag labhairt dó faoin ngá atá le cosaintí a chothromú do chíosaithe agus an gá le hinfheistíocht níos mó a mhealladh i soláthar nua, mhínigh an tAire Browne:

“I ndeireadh na dála, ní mór dúinn an scéal a fheabhsú do chíosaithe, agus gné lárnach den fhreagra ná soláthar cóiríochta ar cíos a mhéadú. Faoi láthair, tá rialú cíosa nasctha le réadmhaoin, seachas le tionóntacht. Leag tuarascáil na Gníomhaireachta Tithíochta béim air seo mar bhac ar infheistíocht.

“D’fhonn infheistíocht a spreagadh agus tiarnaí talún atá ann cheana a choinneáil sa mhargadh, tá sé beartaithe go gceadófar cíosanna a athshocrú go luach margaidh do thionóntachtaí nua mar chuid den athchóiriú ar rialuithe cíosa. Chun an soláthar ‘d’athshocrú cíosanna’ as a dtiocfaidh ‘díshealbhuithe eacnamaíochta’, a sheachaint, áit a ndéanann tiarnaí talún iarracht tionóntaí a aistriú amach ionas gur féidir leo cíos níos airde a ghearradh, tá sé beartaithe nach gceadófar cíosanna a athshocrú le haghaidh díbeartha ‘gan locht’. Éascóidh an beart seo freisin do thiarnaí talún cíosanna do thionóntaí a laghdú más mian leo, agus fios acu go mbeidís in ann athshocrú go dtí cíosa an mhargaidh ag tús tionóntachta nua.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag John Cummins, an tAire Pleanála agus Rialtais Áitiúil:

“Tá géarghá le hinfheistíocht a mhealladh isteach chun árasáin nua a thógáil agus dár margadh cíosa ar fud na tíre, agus an rud atá á mholadh againn ná go mbeadh rialú cíosa d’árasáin nua a tógadh, tar éis achtú na reachtaíochta, nasctha le boilsciú chun cinnteacht agus soiléireacht a chur ar fáil agus infheistíocht a spreagadh.

“Níl an córas reatha thar barr – do chíosaithe ná do thiarnaí talún nua a d’fhéadfadh a bheith ann – agus ní mór athruithe a dhéanamh. Cuirfidh na hathruithe atá á moladh ag an Rialtas inniu cosaint i bhfad níos láidre ar fáil do thionóntaí agus cuirtear leasanna tionóntaí agus an gá atá le tuilleadh infheistíochta príobháidí sa mhargadh cíosa phríobháidigh san áireamh iontu.

“Níl an córas reatha thar barr – do chíosaithe ná do thiarnaí talún nua a d’fhéadfadh a bheith ann – agus ní mór athruithe a dhéanamh. Cuirfidh na hathruithe atá á moladh ag an Rialtas inniu cosaint i bhfad níos láidre ar fáil do thionóntaí agus cuirtear leasanna tionóntaí agus an gá atá le tuilleadh infheistíochta príobháidí sa mhargadh cíosa phríobháidigh san áireamh iontu.

“Beidh na bearta, a sholáthraíonn cinnteacht níos mó agus cosaint i gcoinne díbeartha gan locht, mar idirghabháil ríthábhachtach freisin chun easpa dídine a sheachaint.”

I measc na bpríomhathruithe atá ceadaithe ag an rialtas inniu tá:

  • reachtaíocht a thabhairt isteach atá dírithe ar sholáthar cóiríochta ar cíos a mhéadú agus feabhsuithe suntasacha a chur ar fáil do dhaingne tionachta do gach tionóntacht nua
  • go dtabharfar leasuithe ar rialúchán cíosa isteach chun infheistíocht a chur chun cinn agus gach tionónta a chosaint go náisiúnta
  • córas náisiúnta rialaithe cíosa le huasteorainn ar mhéaduithe cíosa do gach tionóntacht ag an ráta boilscithe (Innéacs Praghsanna do Thomhaltóirí). In amanna ardbhoilscithe, beidh uasteorainn de 2% ar a mhéad ar arduithe cíosa don chuid is mó de thionóntachtaí
  • feabhas suntasach ar chosaintí tionónta do gach tionóntacht nua (tar éis 1 Márta 2026) ag cur tuilleadh feabhais ar dhaingne tionachta do gach tionóntacht nua a cruthaíodh tar éis reachtaíocht nua a thabhairt isteach
  • cur le tionóntachtaí a bhfuil fad neamhtheoranta acu trí thionóntachtaí rollacha sé bliana ar a laghad a thabhairt isteach do thiarnaí talún níos lú (trí thionóntacht nó níos lú) agus cúiseanna teoranta ann le deireadh a chur leis an tionóntacht
  • deireadh a chur le ‘díbirt gan locht’ do thiarnaí talún níos mó (ceithre thionóntacht nó níos mó). Ní cheadófar do thiarnaí talún le ceithre thionóntacht nó níos mó deireadh a chur le tionóntacht i gcás ina bhfuil an tionónta tar éis a c(h)uid oibleagáidí a chomhlíonadh ach amháin i gcúinsí an-teoranta
  • ceadófar do gach tiarna talún é a bheith de cheart acu deireadh a chur le tionóntacht i gcás ina sáraíonn an tionónta a c(h)uid oibleagáidí nó i gcás nach bhfuil an mhaoin oiriúnach a thuilleadh do riachtanais teaghlaigh an tionónta
  • Le linn tionóntachta sé bliana ní cheadófar do thiarnaí talún níos lú (trí thionóntacht nó níos lú) deireadh a chur leis an tionóntacht ach amháin i gcúinsí teoranta:
  • i gcás go mbítear ag déileáil le cruatan, a shaineofar i reachtaíocht (mar shampla: idirscaradh/easpa dídine/eisimirceach ag filleadh ó thar lear/féimheacht);
  • tá an áit chónaithe de dhíth orthu do bhall dlúth teaghlaigh (tuismitheoir/leanbh/céile)
  • ag deireadh gach tionóntacht sé bliana, ceadófar do thiarna talún níos lú deireadh a chur le tionóntacht mar gheall ar:
  • rún é a dhíol;
  • athchóiriú na maoine;
  • maoin a éileamh do bhall teaghlaigh
  • athrú úsáide
  • ceadófar do gach tiarna talún a rinne socrú tionóntachta nua ar 1 Márta 2026 nó tar éis, cíos a athshocrú i gcás ina bhfuil an cíos faoi bhun an mhargaidh ag deireadh gach tionóntacht sé bliana, mura dtarlaíonn ‘díbirt gan locht’. Faoi na hAchtanna um Thionóntachtaí Cónaithe beidh sé fós toirmiscthe cíos a shocrú os cionn cíos an mhargaidh
  • beidh gach tiarna talún in ann maoin a dhíol le tionónta fós istigh ann ag am ar bith
  • chun forbairt ar árasáin nua a spreagadh beidh teorainn ar mhéaduithe cíosa de réir Phraghasinnéacs Tomhaltóirí, faoi réir fógra tosaithe d’údaráis phleanála inniu nó tar éis seo

Chun dóthain ama a thabhairt chun an reachtaíocht riachtanach a fhorbairt agus chun na hathruithe a chur in iúl do thiarnaí talún agus do thionóntaí, beartaítear na socruithe nua a thabhairt isteach maidir le cosaintí tionóntachta ón 1 Márta 2026.

Tá rún ag an Aire Browne tuilleadh formheasa a lorg ón rialtas, roimh shos an tsamhraidh, do Cheannairí Bille mar bhonn don dréachtú tosaíochta ar leasuithe reachtacha ar an Acht um Thionóntachtaí Cónaithe chun foráil a dhéanamh do na hathruithe a fógraíodh inniu.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat