Tá méadú ar mhaoiniú d’Údaráis Áitiúla in 2026 fógartha mar thoradh ar athluacháil ar an gCáin Mhaoine Áitiúil

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá méadú ar mhaoiniú d’Údaráis Áitiúla in 2026 fógartha mar thoradh ar athluacháil ar an gCáin Mhaoine Áitiúil

  • Mar gheall ar mhéadú €42 milliún ar bhonnlíne CMÁ, beidh leithdháiltí iomlána cothrom le €744 milliún an bhliain seo chugainn
  • le hathrú ar an tsamhail leithdháilte tiocfaidh méadú freisin ar leibhéal maoinithe a choinníonn roinnt de na húdaráis níos mó dá n-úsáid féin

D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreacht, James Browne agus an tAire Stáit le freagracht as Pleanáil agus Rialtas Áitiúil, John Cummins méadú €42 milliún ar ‘mhaoiniú bonnlíne’ na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) d’Údaráis Áitiúla inniu - rud a fhágann go mbeidh a leithdháiltí iomlána cothrom le €744 milliún an bhliain seo chugainn.

Táscaire suntasach is ea ‘bonnlínte’ na Cánach Maoine Áitiúla maidir leis an maoiniú atá ar fáil do gach údarás. Sa chás go bhfuil toradh cánach maoine áitiúla an údaráis áitiúil níos ísle ná an bhonnlíne, cuireann an státchiste breis airgid leis an údarás go dtí an bhonnlíne shocraithe.

Faoi na tograí a d’fhógair an tAire Browne inniu, méadófar maoiniú bonnlíne gach údarás áitiúil i gcomhréir leis an toradh a bhfuiltear ag súil leis ina gceantar.

Chomh maith leis sin, mar gheall ar athrú ar an tsamhail leithdháilte, beidh méadú breise ar mhaoiniú maidir le ‘húsáid féin’ do roinnt údarás a fhaigheann ioncam Cánach Maoine Áitiúila os cionn a mbonnlíne – coinneoidh siad níos mó den ioncam sin dá n-úsáid féin. Tá an Rialtas ag súil go n-úsáidfear an t-airgead breise a choinnítear le haghaidh cláir athghiniúna uirbí agus i mBaile Átha Cliath, úsáidfear é i leith cur chun feidhme moltaí ó Thascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath.

Athluacháil ar CMÁ

Cuirfidh an méadú a fógraíodh inniu le méadú €75 milliún ar bhonnlínte in 2024 mar fhreagairt ar athbhreithniú a rinneadh sa bhliain roimhe sin.

Tá an méadú seo a rinneadh le déanaí mar aitheantas ar athluacháil ar an gCáin Mhaoine Áitiúil atá le déanamh i mí na Samhna seo chugainn le haghaidh na bliana dliteanais in 2026.

Mar gheall ar na hathruithe beartaithe ar bhandaí na Cánach Maoine Áitiúla agus ar mhuirir sheasta, fanfaidh an chuid is mó d’úinéirí tí sna bandaí athluachála ina bhfuil siad faoi láthair ach beidh méadú, réasúnta go leor, ar mhuirir Cánach Maoine Áitiúla an bhliain seo chugainn.

Mar thoradh air sin beidh méadú ar ioncam d’Údaráis Áitiúla

Chomhaontaigh an Rialtas go gcaithfear an saothrú breise a ghintear leis an gCáin Mhaoine Áitiúil a bhuí de na hathruithe - a mheastar go mbeidh méadú €42 air - a thabhairt go díreach do na húdaráis áitiúla.

Mar thoradh air sin, beidh méadú ar ioncam Cánach Maoine Áitiúla do gach údarás ar aon líne leis an méadú ar thoradh a bhfuiltear ag súil leis ina gceantar.

Maoiniú bonnlíne

Faigheann gach údarás áitiúil méid íosta maoinithe (‘bonnlíne’) ón gCáin Mhaoine Áitiúil, arna fhorlíonadh ag maoiniú ón státchiste sa chás go bhfuil ioncam Cánach Maoine Áitiúil an údaráis áitiúil níos ísle ná a bhonnlíne.

Tá an maoiniú bonnlíne sin bunriachtanach agus aithnítear leis an ról ríthábhachtach atá ag údaráis áitiúla maidir le raon leathan seirbhísí a sheachadadh ó lá go lá.

Tagarmharc suntasach is ea an bhonnlíne ag a bhfuil tionchar ar an leibhéal maoinithe atá ar fáil d’údaráis áitiúla agus i ndiaidh na n-athruithe sin, beidh méadú níos mó ná 33% uirthi sna trí bliana roimh 2026.

Coinneoidh roinnt Údaráis Áitiúla cuid níos mó den bharrachas dá n-úsáid féin

Ina theannta sin, ó 2026 coinneoidh na húdaráis ag a bhfuil ioncam Cánach Maoine Áitiúil os cionn a mbonnlínte maoinithe cion níos mó den bharrachas sin dá n-úsáid féin.

  • In 2023 mhéadaigh sé sin ó 20% go 22.5% den saothrú foriomlán
  • Ó 2026 méadóidh sé arís ar bhonn suntasach go 31% den saothrú foriomlán.
  • Mar a bhí roimhe seo, úsáidfear an chuid eile den bharrachas chun tithíocht agus/nó bóithre a fhéinmhaoiniú sna ceantair sin in ionad cistí ón státchiste lárnach.

De bharr na n-athruithe sin ar an bpróiseas leithdháilte agus ar an mbonnlíne, beidh méadú bliain ar bhliain san earnáil ar an maoiniú iomlán le haghaidh úsáid féin arb ionann é agus níos mó ná €85 milliún.

Ag fógairt na n-athruithe suntasacha sin dó chun tacú le hobair ag Údaráis Áitiúla ar fud na tíre, dúirt an tAire James Browne:

“Ón tús, táim ag cinntiú go dtugtar aon saothrú breise a thuilltear ón athluacháil ar an gCáin Mhaoine Áitiúil go díreach do na háiteanna inár gceantair áitiúla a bhfuil gá leis. Tá ról bunriachtanach ag Údaráis Áitiúla maidir le seachadadh seirbhísí dár ndaoine agus dár bpobail, agus beidh méadú ar mhaoiniú faighte ag gach ceann acu ar aon líne lena dtoradh méadaithe.

“Nuair atá tú ag íoc cánacha maoine áitiúla, ba chóir duit an iarracht a dhéanann tú agus tú i mbun oibre i do cheantar áitiúil a fheiceáil, agus rinne mé athruithe inniu chun a chinntiú go gcaithfear ioncam a fuarthas go háitiúil, san áit ar tháinig sé aisti.

“Tá mé ag fógairt méadú breise ar mhaoiniú d’údaráis áitiúla ag a bhfuil saothrú os cionn a ‘mbonnlíne maoinithe íosta’ acu. Bhí méadú mór tagtha ar a ndaonra agus ar líon na réadmhaoine sna húdaráis sin agus cinnteofar leis seo go bhfuil na cistí atá ar fáil le haghaidh cláir athghiniúna ina lárionaid uirbeacha féin. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin chun na moltaí uaillmhianacha agus ríthábhachtacha a rinne Tascfhórsa Chathair Bhaile Átha Cliath dár bpríomhchathair a chur i gcrích.”

Chuir John Cummins, an tAire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil fáilte roimh na hathruithe ar an gCáin Mhaoine Áitiúil in 2026, agus dúirt sé:

“Dea-scéala is ea é seo d’údaráis áitiúla a fheicfidh buntáiste ina saothrú in 2026, rud atá an-tábhachtach maidir le seirbhísí agus príomhthionscadail bhonneagair a sheachadadh ina gceantair.

“Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don Aire Airgeadais Paschal Donohoe a d’oibrigh liom chun a chinntiú aon saothrú breise ó CMÁ a thabhairt do na húdaráis áitiúla.

“Do na 10 nÚdarás Áitiúil ag a bhfuil barrachas, gheobhaidh siad ardú suntasach a chabhróidh leo cláir athghiniúna uirbí a sheachadadh chun leas a bpobal atá ag fás.”

Tá Miondealú ar mhaoiniú de réir contae ar fáil sna Nótaí.

Nótaí

Local Property Tax Allocations table

Maidir le ‘Maoiniú Bonnlíne’

Níl an cumas céanna ioncam a chruinniú ar bhonn áitiúil ag na húdaráis áitiúla go léir.

Is mór an difríocht idir údaráis áitiúla maidir le méid, leibhéil daonra, dáileadh daonra, éilimh ar sheirbhís phoiblí, bonneagar agus foinsí ioncaim eile, nach mór iad go léir a chur san áireamh agus comparáid á déanamh idir leibhéil mhaoinithe i gceantair éagsúla údaráis áitiúla.

Dá bhrí sin cuireadh leibhéil chuí tacaíochta airgeadais ar fáil chun tacú le hiarrachtaí ag údaráis áitiúla buiséid chomhardaithe a ghlacadh agus chun a chinntiú go soláthraítear leibhéal leordhóthanach seirbhísí.

An tSamhail atá ann faoi láthair

Faoin tsamhail leithdháilte CMÁ atá ann faoi láthair, tá leibhéal maoinithe íosta ag gach údarás áitiúil a bhfuil ar fáil dó, ar a dtugtar ‘an bhonnlíne’. Cé go bhfuil éagsúlacht ar fud na tíre maidir le leibhéil CMÁ, tá sé tábhachtach go bhfaigheann gach údarás áitiúil an leibhéal bonnlíne maoinithe sin, ar a laghad, chun a chinntiú gur féidir leo leibhéil leordhóthanacha seirbhíse a sholáthar.

Cothromú

Cinntítear leis seo go bhfaigheann na 31 údarás áitiúil ar fad íosmhéid maoinithe ó choinneáil áitiúil CMÁ arb ionann é agus a mbonnlíne CMÁ ar a laghad.

Má tá an toradh CMÁ measta in údarás áitiúil níos ísle ná bonnlíne an údaráis, cuirtear ‘breisiú’ nó ‘cothromú’ ar fáil don údarás go dtí an mbonnlíne sin.

Sa chás go bhfuil toradh CMÁ i bhfad níos airde ná an bhonnlíne

I roinnt de na ceantair údaráis áitiúla, tá an toradh CMÁ a bhfuiltear ag súil leis i bhfad níos airde ná an bhonnlíne. Sna ceantair sin, ceanglaítear ar an údarás áitiúil cuid den saothrú sin a chaitheamh ar thithíocht agus/nó ar sheirbhísí bóthair.

Tagraítear dó sin mar fhéinmhaoiniú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat