Sonraí míosúla maidir le Fógraí Tosaithe foilsithe do mhí Mheithimh
- Foilsithe: 18 Lúnasa 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Lúnasa 2025
Tá a cuid sonraí míosúla maidir le líon na bhFógraí Tosaithe (tús curtha le tógáil tithe cónaithe) a fuarthas foilsithe ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta do mhí Mheithimh 2025.
Léiríonn na sonraí gur taisceadh 1,356 fógra tosaithe do thithe nua i mí an Mheithimh 2025.
Ar bhonn atrátha 12 mhí (Iúil 2024 go Meitheamh 2025), fuarthas 40,804 fógra tosaithe.
As na 1,356 fógra tosaithe a taisceadh i mí an Mheithimh, ba thithe cónaithe scéime 34.5% díobh, árasáin 37.5% díobh agus tithe ar leith 28% díobh.
As na 6,235 fógra tosaithe ar fad sa chéad sé mhí de 2025 (Eanáir-Meitheamh), bhain 31.5% díobh le ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath. De réir Údarás Áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh tús leis an líon ba mhó tithe (1,433), agus Contae Chorcaí (515) agus Dún na nGall (365) ina dhiaidh sin.
Is féidir teacht ar an tacar sonraí iomlán na dtosaithe ar: June Commencements 2025.