English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Líon tosuithe tí níos airde ná mar a bhí riamh i gcéad ráithe 2024

  • Tosaíodh ar thógáil beagnach 12,000 áit chónaithe nua idir Éan Márta 2024
  • Méadú 51% ar thosuithe míosúla i mí an Mhárta i gcomparáid leis an mí chéanna an bhliain seo caite

D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sonraí míosúla ar líon na bhFógraí Tosaithe (tosuithe tógála cónaithe) do mhí an Mhárta agus do R1 2024.

Is léir ó na sonraí gur tosaíodh ar 11,956 áit chónaithe (líon níos airde ná riamh) sa chéad trí mhí de 2024, méadú 63% ar an tréimhse chéanna in 2023. Is ionann é sin agus an líon is airde tosuithe tógála cónaithe bliantúla don tréimhse sin ó thosaigh taifid in 2015. Le 12 mhí anuas (mí Aibreáin 2023 go mí an Mhárta 2024), tosaíodh ar 37,408 aonad, méadú 37% ar an 12 mhí roimhe sin.

Is léir ó shonraí an lae inniu gur tosaíodh ar 4,900 áit chónaithe nua i mí an Mhárta 2024, méadú 51% ar mhí an Mhárta anuraidh (3,244), arb ionann é agus an líon is airde do mhí an Mhárta ó thosaigh taifid in 2015.

Agus é ag tabhairt léiriú ar na figiúirí agus ar an dul chun cinn atá déanta, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,

Darragh O’Brien T.D.:

“Tá sé soiléir anois go bhfuil an soláthar, atá ríthábhachtach maidir le dul i ngleic leis an dúshlán tithíochta atá againn, ag méadú go tapa agus ar scála mór. Is léir ó shonraí an lae inniu go bhfuil stoc láidir tithíochta nua ar na bacáin. Tá sé soiléir go bhfuil ag éirí le líon tacaíochtaí chun inmharthanacht tógála áiteanna cónaithe a chinntiú agus an soláthar tithíochta a threisiú – tarscaoileadh an tobhaigh forbartha agus aisíoc Uisce Éireann go háirithe a tugadh isteach an bhliain seo caite agus a chabhraigh le go leor den ghníomhaíocht sin a thabhairt chun tosaigh. Cé go bhfuil mé sásta leis na figiúirí sin, tá mé níos sásta fós ós rud é go seachadfar, tríd an ngníomhaíocht sin, deiseanna ar úinéireacht áite cónaithe a athróidh saol lín níos mó dár saoránaigh. Tá na treochtaí láidir, ach nílimid réchúiseach, agus leanfaimid le gach uirlis atá ar fáil dúinn a úsáid chun tógáil ar an móiminteam sin.”

As na 4,900 aonad ar cuireadh tús leo i mí an Mhárta 2024, is áiteanna cónaithe scéime iad 49%, is árasáin iad 37%, agus baineann 14% le haonaid aonuaire.

As na háiteanna cónaithe ar cuireadh tús leo an mhí seo caite, bhí 32% díobh sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. Beidh na háiteanna cónaithe sin claochlaitheach do na lárionaid uirbeacha go háirithe ina bhfuil gá ag cion mór den daonra cónaí agus obair. Áirítear leis sin Fine Gall (731 áit chónaithe) agus Corcaigh (984 ar an iomlán thar 534 sa Chathair agus 450 sa Chontae) arb ionann é agus 20% de na tosuithe ar fad an mhí seo.

Is féidir teacht ar an tacar sonraí tosuithe iomlán ag: Staitisticí Gníomhaíochta Tógála