English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Laghdú 0.25% tagtha ar ráta úis do mhorgáistí Údaráis Áitiúil d’iasachtaithe nua

D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD go mbeidh ráta úis laghdaithe 0.25% i bhfeidhm maidir le gach morgáiste nua de chuid an Údaráis Áitiúil ón lá inniu [an 10 Meán Fómhair 2021] ar aghaidh.

Dúirt an tAire O'Brien,

“Mar chuid de ‘Thithíocht do Chách’, gheall mé iasachtaí morgáiste an Údaráis Áitiúil a athchóiriú d’fhonn tacú le húinéireacht tí. Is é an chéad ghníomh atá á chur i bhfeidhm agam ná an ráta úis morgáiste d’iasachtaithe nua a laghdú 0.25%. Baineann an laghdú seo ar rátaí úis le hiasachtaí nua faoi Iasacht Tithíochta Atógáil Éireann (RIHL) ón 10 Meán Fómhair 2021. Fágfaidh sé sin go mbeidh aisíocaíochtaí níos inacmhainne agus cuideoidh sé le hiasachtaithe morgáiste ráta seasta fadtéarmach a fháil chun teach dá gcuid féin a cheannach.

“Mar chuid de Thithíocht do Chách d’fhógair mé freisin go mbeidh comharba leasaithe ar an RIHL, Iasacht Tithíochta an Údaráis Áitiúil, i bhfeidhm níos déanaí in 2021. Táim ag tnúth le tuilleadh sonraí a fhógairt maidir le hIasacht Tithíochta na nÚdarás Áitiúil sna míonna amach romhainn.

“Tá inacmhainneacht agus an deis teach a bheith agat i gcroílár bheartas tithíochta an rialtais. Ba mhaith linn cuidiú leis an oiread daoine agus is féidir a dteach féin a bheith acu agus is céim bheag ach thábhachtach sa treo ceart é fógra an lae inniu, maidir le rátaí úis níos ísle ar mhorgáiste an Údaráis Áitiúil,” a dúirt sé.

CRÍOCH