English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Laghdú 36% ar Liosta Feithimh le haghaidh Tithíocht Shóisialta le sé bliana anuas

Ar an 24 Márta, d'fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, figiúirí ón Achoimre ar Mheasúnuithe le haghaidh Tithíocht Shóisialta 2022 (AMTS), figiúirí a léiríonn gur tháinig laghdú nach beag de 36.8% ar an liosta feithimh le haghaidh tithíocht shóisialta ó rinneadh an chéad mheasúnú bliantúil in 2016.

Léirigh AMTS na bliana 2022 gur measadh, tar éis measúnú a dhéanamh orthu, 57,842 líon tí a bheith incháilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta, agus an tacaíocht sin ag teastáil uathu, ón 1 Samhain 2022. Is ionann an figiúr sin agus laghdú 1,405 (2.4%) ar an 59,247 líon tí a bhí i gceist ar an 17 Samhain 2021. Is ionann an figiúr sin freisin agus laghdú de 33,758 (36.8%) ó 2016 i leith.

Líon na dTeaghlach ar Liostaí Feithimh na nÚdarás Áitiúil

D’fháiltigh an tAire roimh fhoilsiú na sonraí, ag tabhairt faoi deara gur lean líon iomlán na dteaghlach ar liostaí feithimh na n-údarás áitiúil de bheith ag laghdú don séú bliain as a chéile.

Ag labhairt dó ar fhigiúirí an lae inniu, dúirt an tAire O’Brien:

“Is ábhar misnigh é an treocht ach ní féidir linn, agus ní dhéanfaimid, dearmad go bhfuil os cionn 57,000 teaghlach fós ag brath orainn tacaíocht tithíochta a sholáthar.

“É sin ráite, táimid ag dul sa treo ceart. Tá infheistíocht shuntasach á déanamh i dtithíocht shóisialta inacmhainne agus tá maoiniú i bhfeidhm chun an líon is airde riamh de 11,830 teach sóisialta (9,100 teach nuathógtha san áireamh) a sholáthar in 2023.”

Nótaí

Achoimre ar Mheasúnachtaí Tithíochta Sóisialta 2022 - Príomhthorthaí

Tagraítear don phríomhfhigiúr a thuairiscítear san AMTS mar ‘Ghlanriachtanas’ - is é sin líon iomlán na dteaghlach atá cáilithe do thacaíocht tithíochta sóisialta ach nach bhfuil a riachtanas á shásamh faoi láthair. Ní áirítear leis an iomlán seo teaghlaigh a thiteann faoi na catagóirí seo a leanas:

  • iarratais dhúblacha – i gcás ina bhfuil iarratas déanta ag teaghlach ar thithíocht shóisialta chuig níos mó ná limistéar amháin, ní chuirtear san áireamh ach an t-iarratas is sine acu sa chomhaireamh sin
  • teaghlaigh a bhfuil tacaíocht tithíochta sóisialta á fáil acu cheana féin, mar shampla: teaghlaigh a bhfuil cónaí orthu faoi láthair i gcóiríocht údaráis áitiúil atá ar cíos, i gcóiríocht dheonach/chomhoibríoch, i gcóiríocht a chuirtear ar fáil faoin scéim ÍCT, i gcóiríocht a chuirtear ar fáil faoin Scéim Chóiríochta ar Cíos, nó i gcóiríocht a chuirtear ar fáil faoi na scéimeanna Cláir Caiteachais Reatha um Thithíocht Shóisialta
  • teaghlaigh atá ar liosta aistrithe - aon teaghlach a chuir isteach ar aistriú ó chineál tacaíochta tithíochta sóisialta atá ann cheana féin

Tá torthaí mionsonraithe na hAchoimre ar Mheasúnachtaí Tithíochta Sóisialta roimhe seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na roinne trí na naisc seo a leanas a úsáid:

Achoimre ar Mheasúnachtaí Tithíochta Sóisialta 2016 - 91,600 ar liosta

Achoimre ar Mheasúnachtaí Tithíochta Sóisialta 2017 - 85,799 ar liosta

Achoimre ar Mheasúnachtaí Tithíochta Sóisialta 2018 – Príomhthorthaí - 71,858 ar liosta

Achoimre ar Mheasúnachtaí Tithíochta Sóisialta 2019 - Príomhthorthaí - 68,693 ar liosta

Achoimre ar Mheasúnachtaí Tithíochta Sóisialta 2020 – Príomhthorthaí - 61,880 ar liosta

Achoimre ar Mheasúnachtaí Tithíochta Sóisialta 2021 – Príomhthorthaí - 59,247 ar liosta