Latest social and affordable housing delivery statistics show 42% quarterly increase in new-build social homes

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Latest social and affordable housing delivery statistics show 42% quarterly increase in new-build social homes

  • méadú 42% ar thithíocht shóisialta nuathógtha i gcomparáid le R2 agus 54% níos airde ná L1 2024
  • beagnach 27,000 teach sóisialta á ndearadh nó á dtógáil
  • méadú 40% ar sheachadadh tithíochta inacmhainne

Tá seachadadh tithíochta sóisialta agus inacmhainne ag dul i méid i gcónaí, agus léirítear leis na staitisticí ráithiúla is déanaí fás láidir agus píblínte láidre sa dá shruth seachadta. Léirítear an dul chun cinn sin i bhfigiúirí seachadta R2 a d’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, inniu.

Tithíocht shóisialta

I Ráithe 2 2025, seachadadh 1,757 teach sóisialta nua, lena n-áirítear 1,443 teach nuathógtha, 162 fáil agus 152 teach a seachadadh trí chláir léasaithe. Tá líon na dtithe nuathógtha 42% níos airde ná an figiúr comhfhreagrach i Ráithe 2 2024 nuair a seachadadh 1,016 teach nuathógtha.

Ina theannta sin, tá méadú beagnach 54% tagtha ar sheachadadh tithe sóisialta nuathógtha sa chéad leath den bhliain (1,804) i gcomparáid leis an gcéad sé mhí de 2024 (1,174). Tá sé níos airde freisin ná seachadadh L1 in 2022 (1,761) agus seachadadh L1 in 2023 (1,393).

Nuair a chuirtear an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (1,740) agus an Scéim Cóiríochta Cíosa (491) leis, seachadadh 3,988 tacaíocht tithíochta in R2 2025.

Cé gur ábhar misnigh iad figiúirí seachadta an chéad leath den bhliain, beidh léargas iomlán níos soiléire faoi dheireadh na bliana, toisc go luathaíonn seachadadh tithíochta sóisialta ag údaráis áitiúla agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCT) de ghnáth sa dara leath den bhliain.

Píblíne tithíochta sóisialta

D’fhoilsigh an roinn Tuarascáil maidir le Stádas Tógála R2 2025 inniu freisin, ina bhfuil mionsonraí faoi ghníomhaíocht tithíochta sóisialta nuathógtha de réir an údaráis áitiúil. Léirítear líne soláthair láidir leis agus bhí 26,684 teach sóisialta i gcéimeanna éagsúla dearaidh agus tógála ag deireadh mhí an Mheithimh 2025.

Ag fáiltiú dó roimh fhigiúirí an lae inniu, dúirt an tAire Browne:

“Léirítear leis na figiúirí seo go bhfuil tionchar ag ár n-iarrachtaí chun seachadadh tithíochta sóisialta a luathú, go háirithe tithe nuathógtha.

“Le breis is 50% níos mó tithe sóisialta nuathógtha seachadta sa chéad leath de 2025 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh agus píblíne láidir i bhfeidhm, tá siad ag dul i méid i gcónaí agus tá difríocht mhór á déanamh againn.

“Táim tiomanta go daingean i gcónaí don dul chun cinn a choinneáil ar bun. I mí Iúil, rinne mé bogadh suntasach i dtreo Próiseas Faofa Aonchéime do thionscadail tithíochta sóisialta faoi €200 milliún. Leis sin, cuirfear dlús leis an seachadadh agus tacófar le baint amach ár spriocanna uaillmhianacha, agus chuir ár n-údaráis áitiúla fáilte mhór roimhe.

“Cé go bhfuil fócas an lae inniu ar na huimhreacha, is faoi na daoine taobh thiar díobh atá sé i ndeireadh na dála. Mar Aire, tá an phribhléid agam taisteal ar fud na tíre agus an tionchar mór a bhíonn ag baile buan slán ar dhaoine aonair agus ar theaghlaigh a fheiceáil go pearsanta.

“Ba mhaith liom tithe a thógáil ar luas agus ar scála i ngach cineál, sóisialta, inacmhainne, cíos de réir costais agus príobháideach.

“Táimid ag tógáil níos mó tithíochta sóisialta anois ná mar a bhí riamh ó na 1970idí, agus táim tiomanta a chinntiú go leanfar den dhul chun cinn sin.”

Tithíocht inacmhainne

Léirítear le sonraí an lae inniu freisin go bhfuil scéimeanna tithíochta inacmhainne ag oibriú ar scála mór anois agus go bhfuil an clár seachadta tithíochta inacmhainne fós ag leathnú agus ag forbairt bliain ar bhliain, agus leibhéil gan fasach infheistíochta Stáit mar thaca leo.

Tríd is tríd, in R2 2025, seachadadh 2,312 rogha tithíochta inacmhainne trí údaráis áitiúla, Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta, Scéim an Chéad Bhaile, agus tríd an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha agus tá píblíne láidir i bhfeidhm don chuid eile de 2025.

Is éard atá san aschur sin méadú os cionn 40% i gcomparáid le R2 2024. Go carnach, tá seachadadh na chéad leathbhliana cothrom le 61% de sprioc 2025 de 6,400 tacaíocht inacmhainne.

Ceannach Inacmhainne Údaráis Áitiúil

Le Scéim Ceannaigh Inacmhainne Údaráis Áitiúil, cuidítear le ceannaitheoirí incháilithe, ceannaitheoirí céaduaire go príomha, tithe nuathógtha a cheannach ar phraghas laghdaithe.

Go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2025, seachadadh breis is 1,950 teach Ceannaigh Inacmhainne Údaráis Áitiúil, lena n-áirítear 224 in R2 2025 ann féin. Léirítear leis sin méadú leanúnach na scéime agus a rannchuidiú méadaitheach le húinéireacht tí inacmhainne.

Leanann an Ciste Tithíochta Inacmhainne de bheith ag tacú le píblíne atá ag fás de thithe ceannaigh inacmhainne, agus breis is 5,150 teach faofa le haghaidh maoiniú chun cabhrú le ceannaitheoirí incháilithe úinéireacht tí a bhaint amach.

Cíos de réir costais

Is rogha cíosa fhadtéarmaigh inacmhainne í Tithíocht ar Cíos de réir Costais agus bíonn na cíosanna 25% faoi bhun rátaí an mhargaidh de ghnáth agus i gcásanna áirithe, suas le 50% níos ísle.

Ó seoladh an tionacht nua seo, tá breis is 4,500 teach ar cíos de réir costais curtha ar fáil, lena n-áirítear 554 in R2 2025. Is iad na Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus údaráis áitiúla a sheachaid iad sin, mar aon le tríd an scéim Cíos de réir Costais do Thionóntaí in Situ.

Maidir le seachadadh Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta, ó seoladh an Iasacht ar Chothromas Cíosa de réir Costais in 2021 go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2025, seachadadh breis is 2,500 teach ar fud cúig údarás áitiúla déag agus faomhadh 5,065 teach eile lena seachadadh faoi dheireadh 2027.

Scéim an Chéad Bhaile

Is scéim cothromais chomhroinnte í Scéim an Chéad Bhaile a chuidíonn le ceannaitheoirí incháilithe an bhearna idir a n-éarlais, a morgáiste agus costas tí nua a chlúdach.

Leanann sí de bheith ina tacaíocht ríthábhachtach do cheannaitheoirí céaduaire, agus eisíodh beagnach 8,400 faomhadh ó seoladh í i mí Iúil 2022. In R2 2025 ann féin, bhí 831 faomhadh ann, as ar eascair 368 ceannach tí. Leanann an scéim de bheith ag cur ar chumas ceannaitheoirí incháilithe tithe agus árasáin nua a cheannach sa mhargadh príobháideach, agus táthar ag súil go leanfar den ghlacadh láidir leis.

Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha

Leis an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha, cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil chun réadmhaoine folmha nó tréigthe a athchóiriú le haghaidh úsáid chónaithe.

Ó seoladh é i mí Iúil 2022, tá 13,737 iarratas faighte ag an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha, agus 9,979 ceadú agus 2,856 deontas íoctha faoi dheireadh R2 2025. Tháinig méadú thart ar 174% bliain ar bhliain ar tharraingtí anuas deontais, agus meastar go leanfar den treocht aníos sin de réir mar a chríochnófar níos mó oibreacha athchóirithe.

Dúirt an tAire Browne:

“Léirítear leis an méadú suntasach ar sheachadadh tithíochta inacmhainne sa chéad leath den bhliain cé chomh héifeachtach is atá bearta inacmhainneachta an rialtais mar fhreagairt ar an ngéarchéim tithíochta.

“Tá níos mó daoine aonair agus teaghlach i riocht réadúil anois chun teach a cheannach nó lóistín cíosa fhadtéarmaigh inacmhainne a fháil, ach tuigim go maith go bhfuil dúshláin shuntasacha fós roimh dhaoine maidir le teach a cheannach nó tithe inacmhainne a fháil ar cíos. Táim tiomanta don scéal sin a fheabhsú.

“Sa bhuiséad le déanaí, gheallamar an leithdháileadh tithíochta is mó riamh de bhreis is €9 mbilliún chun cur i bhfeidhm leanúnach scéimeanna inacmhainneachta tábhachtacha a thiomáint, lena n-áirítear Ceannach Inacmhainne, Cíos de réir Costais, agus Scéim an Chéad Bhaile. Léirítear leis an infheistíocht seo ár n-uaillmhian chun rochtain ar thithe slána inacmhainne a leathnú.”

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat