Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Léiríonn na staitisticí is déanaí maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne méadú 48% ar thithe sóisialta nuathógtha sna chéad naoi mí de 2025


  • Beagnach 26,000 teach sóisialta á ndearadh nó á dtógáil
  • 93% den sprioc don bhliain maidir le seachadadh tithíochta inacmhainne bainte amach sna chéad naoi mí

Inniu, d’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an TD James Browne, na figiúirí maidir le seachadadh tithíochta sóisialta agus inacmhainne le haghaidh R3, ina bhfeictear fás láidir agus píblínte daingne sna dhá shruth seachadta fós.

Cé gur ábhar misnigh iad na figiúirí sin, beidh an léargas iomlán níos soiléire faoi dheireadh na bliana, toisc go luathaíonn seachadadh ag údaráis áitiúla agus Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCT) sa dara leath den bhliain de ghnáth, nuair a tharlaíonn formhór an tseachadta.

Seachadadh tithíochta sóisialta

Le linn R3 de 2025, seachadadh 1,605 teach sóisialta nua, figiúr a chuimsíonn 1,330 teach nuathógtha, 120 teach a ceannaíodh, agus 155 teach trí chláir léasa. Tá líon na dtithe nuathógtha 40.6% níos airde ná sa ráithe chéanna in 2024, agus 946 teach seachadta sa tréimhse sin.

Agus Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (1,712) agus an Scéim Cóiríochta Cíosa á gcur san áireamh (440), cuireadh 3,757 tacaíocht tithíochta ar fáil san iomlán le linn R3 de 2025.

Sna chéad naoi mí de 2025, seachadadh 3,143 teach sóisialta nuathógtha -is é sin, breis agus 48% níos mó ná sa tréimhse chéanna in 2024, (2,120) agus níos mó ná na torthaí le haghaidh R1-R3 sna blianta 2023 (2,638) agus 2022 (2,704) araon.

Píblíne tithíochta sóisialta

D’fhoilsigh an Roinn Tuarascáil maidir le Stádas Tógála R3 2025 inniu freisin, ina bhfuil mionsonraí faoi ghníomhaíocht tithíochta sóisialta nuathógtha de réir an údaráis áitiúil. Léirítear líne soláthair láidir inti, agus 25,848 teach sóisialta i gcéimeanna éagsúla dearaidh agus tógála ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2025.

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an TD James Browne:

“Ábhar misnigh atá sna figiúirí a chonaic muid inniu, go háirithe maidir le tithíocht shóisialta nuathógtha. Léiríonn na sonraí an borradh atá ag teacht faoin bhfás agus na píblínte láidre atá i bhfeidhm – rud a chinntíonn go mbeidh rochtain ag níos mó teaghlaigh ar thithe seasmhacha ar ardchaighdeán. Is léiriú é an dul chun cinn sin ar thiomantas na n-údarás áitiúil, na gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta agus an Rialtais chun freastal ar riachtanais tithíochta ár bpobal.

“Ag an am céanna, aithním go gcaithfear níos mó a dhéanamh. Sin é an fáth go bhfuil muid ag méadú an líon tithe sóisialta nua a thógtar gach bliain go dtí 12,000 ar an meán faoin mbliain 2030 faoinár bPlean Gníomhaíochta Tithíochta nua 'Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil'. Táimid ag oibriú go dlúth le húdaráis áitiúla lena chinntiú go mbaineann siad a gcuid spriocanna amach agus déanfaimid cinnte go gcuirfear béim ar sheachadadh na dtithe sóisialta nua atá ag teastáil uainn. Tá sé sin ríthábhachtach chun méid na ndaoine atá ina gcónaí i gcóiríocht shealadach agus méid na ndaoine gan dídean a laghdú.

“Tacaíonn maoiniú de beagnach €20 billiún, an infheistíocht is mó sa tithíocht i stair an Stáit, lenár bPlean Gníomhaíochta Tithíochta uaillmhianach. Cabhróidh an maoiniú ollmhór sin le tacaíocht a thabhairt chun 72,000 teach sóisialta nua a sheachadadh agus cinnte a dhéanamh go mbeidh rochtain ag na mílte teaghlach ar thithíocht sheasmhach ar ardchaighdeán.”

Tithíocht inacmhainne

Léiríonn na sonraí a foilsíodh inniu go bhfuil scéimeanna tithíochta inacmhainne ag feidhmiú ar scála suntasach anois, agus an seachadadh ag méadú gach bliain, le tacaíocht ó infheistíocht Stáit atá níos airde ná riamh.

Le linn R3 de 2025, cuireadh 2,061 rogha tithíochta inacmhainne ar fáil trí údaráis áitiúla, Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta, Scéim an Chéad Bhaile, an Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh. Is méadú 11% é sin i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

Ar an iomlán, tá 5,978 nó 93% de sprioc na bliana seo (6,400 tacaíocht) maidir le seachadadh tithíochta inacmhainne bainte amach, rud a léiríonn an dul chun cinn láidir atá á dhéanamh.

An Scéim um Cheannach Tí Tosaigh

Leis an Scéim um Cheannach Tí Tosaigh, cuidítear le ceannaitheoirí incháilithe, ceannaitheoirí céaduaire go príomha, tithe nuathógtha a cheannach ar phraghas laghdaithe.

Faoi dheireadh Mheán Fómhair 2025, bhí breis agus 2,100 teach seachadta faoin scéim, agus 563 acu seachadta sna chéad naoi mí den bhliain. Léiríonn sé sin dul chun cinn leanúnach na scéime agus an ról - atá ag éirí níos tábhachtaí - atá aici chun tacú le húinéireacht tí inacmhainne.

Tá píblíne láidir á spreagadh ag Ciste na Roinne um Thithíocht Inacmhainne freisin, agus 5,400 teach faofa lena maoiniú chun cuidiú le ceannaitheoirí incháilithe bheith ina n-úinéirí tí ar fud 23 údarás áitiúil.

Cíos de réir costais

Cuireann tithíocht ar cíos de réir costais roghanna cíosa fadtéarmacha inacmhainne ar fáil, agus cíosanna lascainithe faoi 25% ar a laghad.

Ó tugadh an tionacht sin isteach, tá níos mó ná 4,800 teach ar cíos de réir costais seachadta, lena n-áirítear 969 teach sna chéad naoi mí de 2025. Is a bhuí leis na Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta, údaráis áitiúla, an Ghníomhaireacht Forbartha Talún agus an scéim Cíos de réir Costais do Thionóntaí in Situ a seachadadh iad.

Ó seoladh Iasacht Chothromas Tí ar Cíos de réir Costais in 2021, tá níos mó ná 2,700 teach seachadta ag Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta ar fud 16 údarás áitiúil. Faomhadh 5,231 teach eile lena seachadadh faoi dheireadh na bliana 2029, cruthúnas go bhfuil scála agus tionchar an mhúnla seo ag méadú.

Scéim an Chéad Bhaile

Is scéim cothromais chomhroinnte í Scéim an Chéad Bhaile a chuidíonn le ceannaitheoirí incháilithe an bhearna idir a n-éarlais, a morgáiste agus costas tí nua a chlúdach.

Leanann sí de bheith ina tacaíocht ríthábhachtach do cheannaitheoirí céaduaire, agus eisíodh beagnach 8,400 faomhadh ó seoladh í i mí Iúil 2022. Tugadh 794 faomhadh le linn R3 de 2025 amháin.

Leanann an scéim de bheith ag cur ar chumas ceannaitheoirí incháilithe tithe agus árasáin nua a cheannach sa mhargadh príobháideach, agus táthar ag súil go leanfar den ghlacadh láidir atá leis.

Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh

Leis an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh, cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil chun réadmhaoin fholamh nó tréigthe a athchóiriú lena húsáid mar thithíocht.

Ó seoladh é i mí Iúil 2022, tá 14,910 iarratas faighte ag an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh, agus 11,059 faomhadh agus 3,672 deontas íoctha faoi dheireadh R3 de 2025. Tháinig méadú thart ar 104% ar tharraingtí anuas deontais i gcomparáid le R3 de 2024, agus meastar go leanfar den treocht aníos sin de réir mar a chríochnófar níos mó oibreacha athchóirithe.

Dúirt an tAire Browne:

“Tá formhór mór de sprioc na bliana seo maidir le seachadadh tithíochta inacmhainne bainte amach cheana féin. Is léiriú é sin ar na bearta éifeachtacha atá á ndéanamh ag an Rialtas chun úinéireacht tí a mhéadú agus chun roghanna inacmhainne cíosa a chur ar fáil ar fud na tíre.

“Cuirfidh ár gClár nua um Cheannach Tí Tosaigh, atá mar bhunchloch den phlean tithíochta Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil, dlús leis an dul chun cinn sin ionas go leanfaidh sé ar aghaidh. Agus maoiniú spriocdhírithe á chur ar fáil againn d’údaráis áitiúla agus don Ghníomhaireacht Forbartha Talún, cinnteoimid go gcuirtear an tacaíocht is cuí ar fáil sna háiteanna cuí, ionas go mbeidh ceannach agus cíos inacmhainne ina bhféidearthacht do níos mó daoine.”

Tá na sonraí ar fad maidir le tithíocht shóisialta agus inacmhainne ar fáil anseo.

Tuarascáil maidir le Stádas Tógála Tithíochta Sóisialta R3 2025

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat