English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda d’Éirinn fógartha ag Airí

Tá Liosta Sealadach Oidhreachta Domhanda d’Éirinn fógartha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD agus ag an Aire Stáit ar a bhfuil freagracht i ndáil le hOidhreacht agus Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan, TD.

Is ionann an Liosta Sealadach agus fardal de láithreáin nádúrtha agus chultúir a d’fhéadfadh Luach Uilíoch Sármhaith a léiriú agus dá bhrí sin, a mheastar iad a bheith oiriúnach lena n-ainmniú chuig an Liosta Oidhreachta Domhanda. Tá sé mar réamhchoinníoll i ndáil le hainmniúchán nár mhór do láithreán a bheith ar an Liosta Sealadach ar feadh bliain amháin ar a laghad sular féidir tús a chur leis an obair a bhaineann le sainchomhad ainmniúchán. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach féidir talamh slán a dhéanamh de go gcuirfear láithreán ar an Liosta Oidhreachta Domhanda díreach mar thoradh é a bheith ainmnithe. Ní féidir láithreán a chur ar an Liosta Oidhreachta Domhanda ach amháin má chinneann an Coiste Oidhreachta Domhanda go bhfuil Luach Uilíoch Sármhaith ag baint leis don uile dhuine ar domhan.

De réir threoirlínte UNESCO, lorg an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta iarratais do Liosta Sealadach nua d’Éirinn in Eanáir 2019 chun teacht in ionad an liosta reatha a cuireadh i dtoll a chéile sa bhliain 2010. Iarradh ar na hÚdaráis Áitiúla go léir iarratais a dhéanamh chuig an Roinn i ndáil le láithreáin ar bith laistigh dá ndlínse féin.

Fuarthas sé iarratas faoin spriocdháta i Meitheamh 2021 agus tar éis sainphróiseas meastóireachta uileghabhálach a thabhairt chun críche le haon mhí dhéag anuas, tá sé socraithe gur cheart trí iarratas a áireamh ar an Liosta Sealadach nua d’Éirinn, agus tá sonraí na láithreán sin á gcur ar aghaidh chuig UNESCO Páras. Is iad sin:

1. Tírdhreach na dTuamaí Pasáiste i gCo. Shligigh

2. Tionól Cábla Trasatlantach: Dairbhre, Co. Chiarraí - Heart’s Content (ainmniúchán srathach trasnáisiúnta le Ceanada)

3. Láithreáin Ríoga na hÉireann: Dún Aillinne, Contae Chill Dara; Cnoc Uisnigh, Co. na hIarmhí; Carraig Phádraig, Co. Thiobraid Árann; Ráth Cruachan, Co. Ros Comáin agus Teamhair, Co. na Mí; (féidearthacht ann d’ainmniúchán srathach trasteorann le hEamhain Mhacha, Co. Ard Mhacha).

Is éard a dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD maidir le comhdhéanamh an Liosta Shealadaigh nua:

"Tugaim aitheantas do na hiarratasóirí ar fad agus do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus do na saineolaithe a chuidigh linn le bliain anuas. Ba phróiseas uileghabhálach é seo a raibh na míonna de mheastóireacht i gceist leis, mar a éilítear i ndáil le huaillmhian a bheith mar láithreán UNESCO. Molaim na hiarratasóirí ar fad as an uaillmhian sin. Maidir leis na trí iarratasóir a bhfuil na critéir riachtanacha bainte amach acu, bíodh a fhios agaibh go dtabharfaimid an oiread tacaíochta daoibh agus is féidir chun bheith ag teacht leis an treallús áitiúil chun ainmniúchán iomlán mar Láithreán Oidhreachta Domhanda a fháil sna blianta atá amach romhainn. Bóthar dúshlánach a bheidh ann, ach tá sé léirithe agaibh go bhfuil sibh ag iarraidh aghaidh a thabhairt air agus beimid ann i bhur dteannta i rith an ama."

Dúirt an tAire O’Brien freisin:

"Maidir leis na hiarratasóirí sin ar cinneadh nach bhfuil na láithreáin a bhaineann lena n-iarratas ag comhlíonadh na riachtanas maidir le Luach Uilíoch Sármhaith go fóill, bíodh a fhios agaibh go leanfaimid de bheith ag tacú libh chun an paisean atá agaibh d’oidhreacht bhur n-áite a chur chun cinn.

Is éard a dúirt Malcolm Noonan TD, an tAire Stáit atá freagrach as Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán:

"Táimid fíorbhuíoch de na painéil a threoraigh tríd an bpróiseas uileghabhálach seo muid ar bhealach chomh cumasach agus chomh críochnúil sin. Is é toradh na meastóireachta mionchúisí sin go bhfuil sraith láithreán ann a d’fhéadfadh clú agus cáil a bhaint amach ó thaobh na staire de, agus a bhfuil an uaillmhian sin ann go mbeidh siad ina láithreáin Oidhreachta Domhanda amach anseo. Oibreoimid leis na hiarratasóirí sna blianta amach romhainn chun na doiciméid riachtanacha ainmniúcháin a chur i dtoll a chéile agus na struchtúir bhainistithe a chur ar bun lena chinntiú go mbeidh siad in ann a n-áit a ghlacadh i measc na Láithreán Oidhreachta Domhanda a bhfuil tábhacht leo ar fud an domhain."

Maidir le comhdhéanamh an Liosta Shealadaigh nua, dúirt an tAire Stáit ar a bhfuil freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD:

"Tá tús áite in eastát oidhreachta na hÉireann ag an dá Láithreán Oidhreachta Domhanda atá againn in Éirinn cheana féin agus atá á mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí, is iad sin Brú na Bóinne agus Sceilg Mhichíl. Tréaslaím leosan atá ag cur tús leis an aistear dúshlánach inniu i dtreo ainmniúchán Oidhreachta Domhanda a fháil. Beidh muidne in Oifig na nOibreacha Poiblí, a bhfuil go leor de ghnéithe na n-iarratas seo faoinár gcúram, ag obair libhse agus leis an Roinn ar feadh an ama chun ár gcuid saineolais a roinnt maidir leis an bpróiseas ainmniúcháin agus maidir le bainistiú na láithreán seo amach anseo, tráth a mbeidh siad ina Láithreáin Oidhreachta Domhanda, tá súil againn."

Tá acmhainn ag baint le hiarratas eile maidir lena bheith ina láithreán Oidhreachta Domhanda amach anseo, is é sin iarratas thar ceann Thírdhreach Cultúir Ardtailte Bhoirne i gCo. an Chláir agus i gCo. na Gaillimhe, ach tá tuilleadh oibre le déanamh ag na hiarratasóirí chun Luach Uilíoch Sármhaith an tírdhreacha a shainiú de réir cheanglais UNESCO. Tá an Roinn tiomanta do thacú le Comhairle Chontae an Chláir agus le Comhairle Chontae na Gaillimhe chun an t-iarratas seo a fhorbairt tuilleadh agus táimid ag súil le comhiarratas athbhreithnithe ar an Liosta Sealadach a fháil.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Nuair a chuirfear an Liosta Sealadach nua seo faoi bhráid UNESCO, tiocfaidh sé in áit an Liosta Shealadaigh atá ann cheana, a cuireadh i bhfeidhm sa bhliain 2010. Tá sé i gceist ag an Roinn an Liosta Sealadach a athbhreithniú ar bhonn níos rialta amach anseo chun deiseanna i ndáil le stádas Oidhreachta Domhanda in Éirinn a mhéadú.

Beidh an Roinn, i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí, ag díriú anois ar thacaíocht a thabhairt don trí láithreán ar an Liosta Sealadach nua chun a dtairiscintí ainmniúcháin atá le cur ar aghaidh chuig an Ionad Oidhreachta Domhanda i bPáras a fhorbairt. Beimid ag tacú go fóill leis na hiarratais sin a bhfuil tuilleadh oibre ag teastáil orthu freisin.

Foilseoidh an Roinn Dréacht-Straitéis Oidhreachta Domhanda d’Éirinn go gairid le haghaidh comhairliúchán poiblí. Cuirfear creat ar fáil leis i ndáil le láithreáin Oidhreachta Domhanda a bhainistiú in Éirinn agus láithreáin eile a chur le Liosta Oidhreachta Domhanda na hÉireann as seo go ceann deich mbliana.

CRÍOCH

Nótaí d'Eagarthóirí

Is ionann Láithreáin Oidhreachta Domhanda agus láithreáin chultúir agus/nó oidhreachta nádúrtha arna n-ainmniú ag UNESCO le bheith ina láithreáin Luacha Uilíoch Sármhaith don uile dhuine. Tá dhá láithreán in Éirinn ar Liosta Oidhreachta Domhanda UNESCO faoi láthair, is iad sin Brú na Bóinne agus Sceilg Mhichíl, agus cuireadh an péire sin ar an liosta sna 1990idí.

De réir threoir UNESCO chun an Liosta Sealadach a athbhreithniú gach deich mbliana, lorg an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta iarratais do Liosta Sealadach nua d’Éirinn in Eanáir 2019 chun teacht in ionad an liosta reatha a cuireadh i dtoll a chéile sa bhliain 2010. Iarradh ar na hÚdaráis Áitiúla go léir iarratais a dhéanamh chuig an Roinn i ndáil le láithreáin ar bith laistigh dá ndlínse féin. Fuarthas sé iarratas faoin spriocdháta i Meitheamh 2021, mar seo a leanas:

1. Tírdhreach na dTuamaí Pasáiste i gCo. Shligigh;

2. Tionól Cábla Trasatlantach: Dairbhre, Co. Chiarraí - Heart’s Content, Talamh an Éisc agus Labradar, Ceanada;

3. Láithreáin Ríoga na hÉireann;

4. Tírdhreach Cultúir Ardtailte Bhoirne, Co. an Chláir;

5. Inis Cealtra, Co. an Chláir;

6. Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin

Ceapadh Grúpa Comhairleach Saineolaithe um Oidhreacht Dhomhanda chun measúnú domhain a dhéanamh ar na hiarratais agus eisíodh réamh-mholtaí chuig na hiarratasóirí ar fad i mí na Samhna seo caite. I ndiaidh an méid sin, tháinig an Grúpa Saineolaithe le chéile arís níos luaithe i mbliana, le hionchur ón gComhairle Idirnáisiúnta um Shéadchomharthaí agus Láithreáin, chun tuilleadh comhairle theicniúil mhionsonraithe a chur ar fáil do na hiarratasóirí agus treoir shonrach a thabhairt dóibh i ndáil le bainistiú Láithreáin Oidhreachta Domhanda amach anseo. Tá an próiseas seo tugtha chun críche anois.

Is iad seo a leanas na trí Iarratas ar éirigh leo áit a fháil ar Liosta Sealadach nua na hÉireann:

1. Tírdhreach na dTuamaí Pasáiste i gCo. Shligigh

Bhí rath agus bláth ar thógáil séadchomharthaí deasghnácha ar fud na hEorpa idir cúig mhíle bliain agus sé mhíle bliain ó shin, agus is iontach an léiriú é tírdhreach na dtuamaí pasáiste i Sligeach air sin, agus iad ar chuid de na samplaí is faide siar agus is suntasaí dá leithéid. Léiriú cumhachtach ar thimpeallacht chultúir nach raibh ann le fada an lá, inar cothaíodh dian-idirphlé leanúnach idir ailtireacht agus tírdhreach nach bhfuil a shárú le fáil fós i dtéarmaí an domhain, atá in idirnascacht na séadchomharthaí cloiche agus na topagrafaíochtaí áitiúla iléagsúla - a mbíonn cairn ardtalún agus tuamaí meigiliteach le hard-idirléargas ar fud tírdhreacha suaithinseacha mar chuid dóibh go hiondúil;

2. Tionól Cábla Trasatlantach: Dairbhre, Co. Chiarraí - Heart’s Content (ainmniúchán srathach trasnáisiúnta le Ceanada)

Tionól Cábla Trasatlantach: Is ionann Dairbhre-Heart’s Content agus láithreán srathach trasnáisiúnta a chuimsíonn an dá chríochfort (stáisiún cábla) ar tír den chéad bhuan-theileagraf leictreach trasaigéanach faoi uisce ar domhan. Ba ionann nascadh rathúil an chábla faoi uisce idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh agus comhartha de theacht chun cinn ré nua-aoiseach na teileachumarsáide domhanda.

3. Láithreáin Ríoga na hÉireann: Dún Aillinne, Contae Chill Dara; Cnoc Uisnigh, Co. na hIarmhí; Carraig Phádraig, Co. Thiobraid Árann; Ráth Cruachan, Co. Ros Comáin agus Teamhair, Co. na Mí; (féidearthacht ann d’ainmniúchán srathach trasteorann le hEamhain Mhacha, Co. Ard Mhacha).

Ón ochtú haois RCh, is ionann Eamhain Mhacha, Dún Aillinne, Carraig Phádraig agus Ráth Cruachan agus lárionaid thraidisiúnta ríoga chúige an Tuaiscirt, an Oirthir, an Deiscirt agus an Iarthair, mar aon le Teamhair, ceanncheathrú na nArdríthe, agus Cnoc Uisnigh, lárphointe siombalach na hÉireann, arb ionann iad ar fad le chéile agus grúpa coimpléasc deasghnách seandálaíochta ar leith nach bhfuil a leithéid ar fáil áit ar bith eile ar domhan. Is léiriú fisiciúil iad ar fhorbairt cumhachta, searmanais agus reiligiúin i sochaí Ceilteach nach raibh ach tionchar fánach ag na Rómánaigh uirthi.

Maidir leis na trí iarratas eile ar an Liosta Sealadach, rinneadh na cinntí seo a leanas ina dtaobh:

4. Tírdhreach Cultúir Ardtailte Bhoirne, Co. an Chláir

Tá acmhainn shuntasach ag baint le Tírdhreach Cultúir Ardtailte Bhoirne, Co. an Chláir le bheith ina láithreán Oidhreachta Domhanda amach anseo. Rinneadh obair mhór go dtí seo ar an iarratas don Liosta Sealadach ach tá tuilleadh oibre ag teastáil fós ó thaobh an Luacha Uilíoch Sármhaith atá aige a shainiú, mar aon le machnamh ar an gcaoi a bhféadfaí é a bhainistiú agus a fheidhmiú dá mbeadh sé ina láithreán Oidhreachta Domhanda. Dá bhrí sin, ní chuirfear Tírdhreach Cultúir Ardtailte Bhoirne leis an Liosta Sealadach nua ag an tráth seo ach tá an Roinn tiomanta do thacú le Comhairle Contae an Chláir agus Comhairle Chontae na Gaillimhe chun an t-iarratas seo a fhorbairt tuilleadh agus chun comhiarratas athbhreithnithe a chur faoi bhráid na Roinne faoi mhí Dheireadh Fómhair 2024 le meastóireacht a dhéanamh air.

5. Inis Cealtra, Co. an Chláir

Rinneadh cinneadh nach bhfuil dóthain acmhainne maidir le Luach Uilíoch Sármhaith léirithe san iarratas d’Inis Cealtra, Co. an Chláir, in ainneoin an luach suntasach oidhreachta a bhaineann leis, agus dá bhrí sin, ní chuirfear ar an Liosta Sealadach é.

6. Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin

Tá stop curtha ag Comhairle Chontae Chill Mhantáin lena hiarratas don Liosta Sealadach i ndáil le Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin go dtí go mbeidh an obair ar phróiseas Mháistirphlean Pháirc Náisiúnta Ghleann Dá Loch agus Shléibhte Chill Mhantáin tugtha chun críche.