An Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil – céim shuntasach i dtreo athchóiriú a sholáthar
- Foilsithe: 26 Meitheamh 2025
 - An t-eolas is déanaí: 15 Deireadh Fómhair 2025
 
D’fhreastail an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, agus an tAire Stáit um Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, John Cummins, ar an gcéad chruinniú den Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil inniu.
Thionóil an Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil, a bunaíodh chun moltaí a dhéanamh chun an rialtas áitiúil a athchóiriú agus a neartú, a chéad chruinniú inniu i dTeach an Chustaim.
Déanfaidh an Tascfhórsa, atá faoi chathaoirleacht Jim Breslin, scrúdú ar struchtúr, feidhmeanna, rialachas agus maoiniú na n-údarás áitiúil, agus cuirfidh sé le ról agus le cumhachtaí na gcomhairleoirí tofa.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, agus é ag cur fáilte roimh bhunú an tascfhórsa:
“Tá ár Rialtas Áitiúil riachtanach dár ndaonlathas mar thír. Caithfidh sé a bheith láidir, ní mór tacú leis, agus ba chóir go mbeadh sé ionadaíoch dár bpobail. Tá sé riachtanach go neartófar struchtúir ár rialtais áitiúil.
“Is céim mhór é bunú an Tascfhórsa ar an mbealach chun athchóiriú tábhachtach a dhéanamh san earnáil rialtais áitiúil. Leagtar clár uaillmhianach amach i dTéarmaí Tagartha an Tascfhórsa, arna gcomhaontú ag an Rialtas.
“Guím gach rath ar na baill uile sa tasc atá glactha acu, beidh sé ina obair a sheasfaidh do gach contae sna blianta amach romhainn.”
Dúirt an tAire Cummins go raibh áthas air a fheiceáil gur reáchtáil an Tascfhórsa, a bhunaigh an Rialtas ar an 4 Meitheamh, a chéad chruinniú agus go bhfuil an dara cruinniú beartaithe don mhí seo chugainn.
Dúirt an tAire Cummins:
“Aithnímid an tábhacht a bhaineann lenár ndaonlathas a neartú agus a athchóiriú ar leibhéal áitiúil, chun a chinntiú go bhfuil na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá ag comhairleoirí chun freastal ar na daoine a thogh iad.
“Cé go mbainfidh an Tascfhórsa leas as an obair atá déanta cheana féin ag Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann, Cumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil, Coiste Comhairliúcháin an tSeanaid agus grúpa monatóireachta an AE, tá méid mór oibre le déanamh.
“Áirítear leis seo scrúdú a dhéanamh ar athchothromú cumhachta idir comhairleoirí tofa agus an Feidhmeannas, agus níos mó cumhachtaí cinnteoireachta a chineachadh do chomhairleoirí; chomh maith le sonraí feabhsaithe agus ionchur níos mó a sholáthar do chomhairleoirí thar bhuiséad na n-údarás áitiúil, i measc go leor rudaí eile.
“Táim ag tnúth le moltaí an Tascfhórsa a fháil i gceann 6-9 mí.”
Eagrófar obair an Tascfhórsa i gceithre phríomhcholún: Struchtúr, Airgeadas, Feidhmeanna agus Rialachas/Cuntasacht, agus breithneofar cumhachtaí na gComhairleoirí faoi gach colún.
Breithneoidh an Tascfhórsa prionsabal na coimhdeachta, agus scrúdóidh sé an fhéidearthacht go ndéanfaí níos mó cumhachtaí cinnteoireachta a chineachadh chuig Comhairleoirí. Scrúdóidh an Tascfhórsa freisin conas creat agus cumhachtaí na gCeantar Bardasach agus na gCoistí Ceantair a neartú.
Leagtar amach sna Téarmaí Tagartha don Tascfhórsa go ndéanfaidh an Tascfhórsa breithniú freisin ar chomhréir na mball údaráis áitiúil leis an daonra agus go scrúdóidh sé conas éagsúlacht níos mó ionadaíochta a sholáthar.
Beidh ionchur láidir ag an Tascfhórsa ón earnáil Rialtais Áitiúil, agus beidh sé comhdhéanta de chomhlachtaí ionadaíocha tofa na nÚdarás Áitiúil, ionadaithe feidhmiúcháin na nÚdarás Áitiúil, an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, an tSeirbhís Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chomh maith le roinnt saineolaithe neamhspleácha.
Is iarArd-Rúnaí na Roinne Leanaí, Sláinte, Ardoideachais agus Breisoideachais é Jim Breslin.
Nótaí
Tiomantas Chlár an Rialtais
Deir Clár an Rialtas go dtabharfaidh an Tascfhórsa seo moltaí chun cinn a bhreithneoidh an Rialtas, agus fócas ar leith ar na nithe seo a leanas:
- prionsabal na coimhdeachta
 - réimse na bhfeidhmeanna forchoimeádta a mhéadú agus breithniú a dhéanamh ar níos mó cumhachtaí a thabhairt d’údaráis áitiúla le haghaidh seirbhísí áitiúla
 - ionchur agus smacht níos mó a thabhairt do chomhairleoirí maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm bhuiséad an údaráis áitiúil
 - cumhacht a athchothromú idir comhairleoirí tofa agus oifigigh feidhmiúcháin, chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag oifigigh tofa dul i gcomhairle leo maidir le réimse níos mó cinntí agus an ceart eolas a fháil ar gach cinneadh eile go tráthúil
 - cuntasacht an Phríomhfheidhmeannaigh agus na Stiúrthóirí Seirbhísí a mhéadú do chomhairleoirí le haghaidh cinntí feidhmiúcháin
 - féinriail fhioscach a fheabhsú
 - tuairisciú tráthúil an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNMI) agus rannpháirtíocht le hionadaithe poiblí
 - an cion de chomhaltaí na n-údaráis áitiúil i gcomparáid leis an daonra
 - creat agus cumhachtaí na gCeantar Bardasach agus na gCoistí Ceantair a neartú
 - creataí tacaíochta do Chomhairleoirí chun a ndualgais a chomhlíonadh agus iad ag tarraingt ó thuarascáil Moorhead
 
Téarmaí Tagartha an Tascfhórsa
Tá cóip de na Téarmaí Tagartha comhaontaithe don Tascfhórsa ar fáil anseo ar leathanach gréasáin an Tascfhórsa.
Tá tuilleadh eolais faoi chúlra an Tascfhórsa, an méid mór oibre atá déanta cheana féin a chuireann bonn eolais ar fáil do na Téarmaí Tagartha, le fáil ar leathanach gréasáin an Tascfhórsa.
Ballraíocht an Tascfhórsa
Is iad seo a leanas Baill an Tascfhórsa um Dhaonlathas Áitiúil:
- An tUasal Jim Breslin, Cathaoirleach an Tascfhórsa
 - An Comhairleoir Kieran O’Hanlon, (Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh) (Uachtarán CRÁÉ)
 - An Comhairleoir Jimmy McClearn, (Comhairle Chontae na Gaillimhe) (Leas - Uachtarán CRÁÉ)
 - An Comhairleoir Anne Colgan, (CRÁÉ) (Comhairle Contae Dhún Laoghaire Ráth an Dúin)
 - An Comhairleoir Damien Ryan (Cathaoirleach CCÚÁ) (Comhairle Contae Mhaigh Eo)
 - An Comhairleoir Brian Lawlor (Ard-Rúnaí CCÚÁ) (Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas)
 - Niamh Larkin Uasal / An tUasal Daragh McMahon, Seirbhís Iniúchóireachta an Rialtais Áitiúil
 - Fiona Quinn Uasal, Rúnaí Cúnta, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
 - An tUasal Michael McCarthy, Cathaoirleach an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNMI)
 - An tUasal Paddy Mahon, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Chontae an Longfoirt, (Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach)
 - AnnMarie Farrelly Uasal, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Fhine Gall, (Cumann Bainistíochta Contae agus Cathrach)
 - Pauline Mulligan Uasal, Príomhfheidhmeannach, GBRÁ
 - An Dr Bríd Quinn, ionadaí na hÉireann ar Ghrúpa Saineolaithe Neamhspleácha CLRAE Chomhairle na hEorpa agus iar-Roinn na Polaitíochta & an Riaracháin Phoiblí in Ollscoil Luimnigh
 - An Dr Philip Byrne, an tIar-Fhoras Riaracháin, Cathaoirleach Choistí Iniúchóireachta Chomhairle Contae Chorcaí agus Chomhairle Contae Chill Mhantáin