Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tascfhórsa um Dhaonlathais Áitiúil bunaithe chun rialtas áitiúil a athchóiriú agus a neartú

Dheimhnigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, agus an tAire Stáit atá freagrach as pleanáil rialtais áitiúil, John Cummins, bunú an Tascfhórsa um Dhaonlathais Áitiúil chun clár athchóirithe a thabhairt chun críche agus rialtas áitiúil in Éirinn a neartú

Leagtar amach i dTéarmaí Tagartha an Tascfhórsa, arna gcomhaontú ag an Rialtas an tseachtain seo, clár oibre uaillmhianach agus mionsonraithe, a bhfuiltear ag súil go mbeidh sraith athchóirithe san earnáil rialtais áitiúil mar thoradh air.

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne:

"Réiteoidh obair an Tascfhórsa an bealach don chéad ghlúin eile d'athchóiriú rialtais áitiúil. Tá ról tábhachtach ag an rialtas áitiúil inár ndaonlathas agus i seachadadh seirbhísí riachtanacha in Éirinn. Soláthraíonn údaráis áitiúla breis agus 1,100 seirbhís agus tá siad mar bhunchloch do shaol go leor inár bpobal ar an leibhéal áitiúil.

“Anois níos mó ná riamh, aithnímid an tábhacht a bhaineann le hiarracht leanúnach a dhéanamh chun feabhas a chur ar ár ndaonlathas ag an leibhéal áitiúil, ag cinntiú go dtéann na daoine is fearr isteach sa rialtas áitiúil agus go mbeidh na cumhachtaí agus an cumas acu oibriú thar ceann na ndaoine a thogh iad.”

Dúirt an tAire Stáit atá freagrach as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, John Cummins, go bhfuil sé ag tnúth le moltaí a fháil ón Tascfhórsa i gceann 6-9 mí. Dúirt sé:

“Scrúdóidh an Tascfhórsa seo roinnt ábhar a bhaineann le struchtúr, feidhmeanna, rialachas agus maoiniú na n-údarás áitiúil.

“Áirítear leis seo scrúdú a dhéanamh ar athchothromú cumhachta idir comhairleoirí tofa agus an Feidhmeannas, agus níos mó cumhachtaí cinnteoireachta a chineachadh do chomhairleoirí; chomh maith le sonraí feabhsaithe agus ionchur níos mó a sholáthar do chomhairleoirí thar bhuiséad na n-údarás áitiúil, i measc go leor rudaí eile.

“Tá méid suntasach oibre déanta cheana féin chun cumhachtaí, feidhmeanna agus freagrachtaí an Rialtais Áitiúil a scrúdú.

''Cuirfidh an obair atá déanta ag CRÁÉ, Coiste Comhairliúcháin an tSeanaid agus an grúpa monatóireachta an AE go mór leis an obair atá le déanamh ag an Tascfhórsa um Rialtas Áitiúil. Dá réir sin, nílimid ag tosú ón tús, agus leagann an obair atá déanta go dtí seo bunús an-láidir ar a gcuirfidh an tascfhórsa leis.”

Beidh Jim Breslin, iar-Ard-Rúnaí na Roinne Leanaí, Sláinte, Ardoideachais agus Breisoideachais, ina chathaoirleach ar an Tascfhórsa.

Eagrófar obair an Tascfhórsa i gceithre phríomhcholún: Struchtúr, Airgeadas, Feidhmeanna agus Rialachas/ Cuntasacht. Breithneofar cumhachtaí na gcomhairleoirí faoi gach colún.

Breithneoidh an Tascfhórsa prionsabal na coimhdeachta agus scrúdóidh sé:

  • an fhéidearthacht go dtabharfaí níos mó cumhachtaí cinnteoireachta do Chomhairleoirí;
  • conas creat agus cumhachtaí na gCeantar Bardasach agus na gCoistí Ceantair a neartú;
  • breithniú a dhéanamh ar ionchur agus smacht níos mó a thabhairt do chomhairleoirí ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm bhuiséad na n-údarás áitiúil agus ar mheicníochtaí chun neamhspleáchas fioscach a fheabhsú.

Scrúdóidh sé freisin:

  • athchothromú na cumhachta idir comhairleoirí tofa agus an feidhmeannach, chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag oifigigh tofa dul i gcomhairle leo maidir le raon níos leithne cinntí;
  • meicníochtaí chun cuntasacht an Phríomhfheidhmeannaigh agus na Stiúrthóirí Seirbhísí a mhéadú do chomhairleoirí le haghaidh cinntí feidhmiúcháin, agus
  • cion na mball údaráis áitiúil leis an daonra agus scrúdú a dhéanamh ar conas éagsúlacht ionadaíochta níos fearr a sholáthar.

Beidh ionchur láidir aige ón earnáil Rialtais Áitiúil, agus beidh sé comhdhéanta de chomhlachtaí ionadaíocha tofa na nÚdarás Áitiúil, ionadaithe feidhmiúcháin na nÚdarás Áitiúil, an Coimisiún Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta, an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil, an tSeirbhís Iniúchóireachta Rialtais Áitiúil, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chomh maith le roinnt saineolaithe neamhspleácha.

Táthar ag súil go mbeidh a chéad chruinniú ag an Tascfhórsa níos déanaí an mhí seo.

Is gealltanas lárnach sa Chlár Rialtais é an Tascfhórsa.

Tuilleadh eolais

Cathaoirleach an Tascfhórsa

Bhí 30 bliain caite ag Jim Breslin i seirbhís phoiblí shinsearach na hÉireann. Bhí sé ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (2011–2014), ar an Roinn Sláinte (2014–2020), agus ar an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (2020–2023). Is stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin é ar Chomhlacht Maoirseachta Seachtrach Óglaigh na hÉireann agus ar Ghrúpa Cúraim Sláinte Naomh Uinseann, agus is Cathaoirleach é ar Fhuinneamh In-Athnuaite Éireann, comhpháirtíocht de phríomhchomhlachais fuinnimh inbhuanaithe na tíre. Reáchtálann sé an clár um Rialachas Corparáideach sa Chleachtas d’Institiúid na Stiúrthóirí. Tá Máistreacht sa Riarachán Poiblí aige ó Scoil Harvard Kennedy, Teastas sa Ghnó agus san Athrú Aeráide ó Ollscoil Cambridge, agus Dioplóma i Stiúradh Cuideachtaí ó Institiúid na Stiúrthóirí. Bhí sé ina Chomhalta Ceannaire Beartais ag an Ionad um Eolaíocht agus Beartas, Ollscoil Cambridge freisin.

Ballraíocht an Tascfhórsa

Chun rannpháirtíocht éifeachtach a éascú, meastar go mbeidh 14 dhuine sa Tascfhórsa agus go n-áireofar i measc na mball:

  • Comhlachtaí ionadaíocha comhaltaí tofa na nÚdarás Áitiúil (5);
  • Ionadaithe feidhmiúcháin Údaráis Áitiúil (2);
  • Cathaoirleach CNMI
  • Príomh-Fheidhmeannach na Gníomhaireachta Bainistíochta Rialtais Áitiúil (GBRÁ);
  • Stiúrthóir na Seirbhíse Iniúchta Rialtais Áitiúil
  • Rúnaí Cúnta na Rannóige Rialtais Áitiúil, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus
  • Saineolaithe neamhspleácha

Tiomantas Chlár an Rialtais

Deir an TCR go dtabharfaidh an Tascfhórsa seo moltaí chun cinn a bhreithneoidh an Rialtas, agus fócas ar leith ar na nithe seo a leanas:

  • prionsabal na coimhdeachta
  • réimse na bhfeidhmeanna forchoimeádta a mhéadú agus breithniú a dhéanamh ar níos mó cumhachtaí a thabhairt d'údaráis áitiúla le haghaidh seirbhísí áitiúla
  • ionchur agus smacht níos mó a thabhairt do chomhairleoirí maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm bhuiséad an údaráis áitiúil
  • cumhacht a athchothromú idir comhairleoirí tofa agus oifigigh feidhmiúcháin, chun a chinntiú go bhfuil sé de cheart ag oifigigh tofa dul i gcomhairle leo maidir le réimse níos mó cinntí agus an ceart eolas a fháil ar gach cinneadh eile go tráthúil
  • cuntasacht an Phríomhfheidhmeannaigh agus na Stiúrthóirí Seirbhísí a mhéadú do chomhairleoirí le haghaidh cinntí feidhmiúcháin
  • féinriail fhioscach a fheabhsú
  • tuairisciú tráthúil an Choimisiúin Náisiúnta Maoirseachta agus Iniúchóireachta (CNMI) agus rannpháirtíocht le hionadaithe poiblí
  • an cion de chomhaltaí na n-údaráis áitiúil i gcomparáid leis an daonra
  • creat agus cumhachtaí na gCeantar Bardasach agus na gCoistí Ceantair a neartú
  • creataí tacaíochta do Chomhairleoirí chun a ndualgais a chomhlíonadh agus iad ag tarraingt ó thuarascáil Moorhead

Téarmaí Tagartha an Tascfhórsa

Tá cóip de na Téarmaí Tagartha comhaontaithe don Tascfhórsa ar fáil anseo ar leathanach gréasáin an Tascfhórsa.

Tá tuilleadh eolais faoi chúlra an Tascfhórsa, an méid suntasach oibre atá ann cheana féin a chuireann bonn eolais ar fáil do na Téarmaí Tagartha ar fáil ar leathanach gréasáin an Tascfhórsa.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat