Cloch mhíle mhór san athchóiriú pleanála tosaithe ag an Aire Browne agus Aire Stáit Cummins
- Foilsithe: 5 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Nollaig 2025
- Cuirfear Ráitis Phleanála Náisiúnta, nach mór d’údaráis áitiúla a comhlíonadh, in ionad Alt 28 ‘Treoirlínte Aireachta’ anois
- Ní mór do Thionóil Réigiúnacha faoi stiúir Comhairleoirí tús a chur le hathbhreithnithe ar a straitéisí réigiúnacha
Tionscnaíodh cloch mhíle mhór i gclár athchóirithe pleanála na hÉireann le tosach feidhme na gCaibidlí is déanaí den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2024.
Leis an gcéim seo tosaigh feidhme, soláthraítear an bunús reachtúil don Chreat Náisiúnta Pleanála (CNP) agus do Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha (RSES) faoin Acht nua, agus do Ráitis Phleanála Náisiúnta a chur in ionad alt 28 de na Treoirlínte Aireachta.
Ceanglaítear ar Thionóil Réigiúnacha anois tosú ar athbhreithniú a dhéanamh ar a Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha (RSES) chun léiriú a thabhairt ar an gCreat Náisiúnta Pleanála (CNP) Athbhreithnithe. Leis sin, neartófar ailíniú pleanála le cuspóirí náisiúnta, a bhaineann le réimsí tosaíochta amhail tithíocht, bonneagar agus fuinneamh in-athnuaite.
Le Ráitis Phleanála Náisiúnta, atá le faomhadh ag an Rialtas, cuirfear beartais phleanála náisiúnta shoiléire chomhsheasmhacha ar fáil nach mór do gach údarás réigiúnach agus áitiúil a chomhlíonadh. Cinnteofar leis sin go mbeidh ailíniú níos fearr ann le tosaíochtaí an rialtais agus go seachadfar tithíocht agus bonneagair ar fud na tíre ar bhealach níos éifeachtaí.
Tá athbhreithniú ar bun faoi láthair ar Threoirlínte Aireachta atá ann cheana féin, agus tá sé beartaithe Ráitis Phleanála Náisiúnta a chur ina n-áit.
Spreagfar leis na tosaigh feidhme sin cur chuige níos comhordaithe idir Tionóil Réigiúnacha agus údaráis áitiúla, chun seachadadh tithíochta a luathú, úsáid talún criosaithe a bharrfheabhsú, agus infheistíocht bonneagair a ailíniú go láidir le riachtanais tithíochta.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne:
“Tá athchóiriú pleanála riachtanach dúinn chun go mbeidh deis againn tithe atá ag teastáil go géar a sheachadadh. Tá a fhios againn go bhfuil dúshláin sa réimse seo, agus táim i mo cheann feadhna ar an gcláir oibre athchóirithe ónar thosaigh mé mar Aire go luath i mbliana. Is beart tábhachtach eile é seo mar réimse de mo chuid oibre.
“Tá suim agam i bpróiseas láidir trédhearcach a mbeidh tithe ardcháilíochta á dtógáil mar thoradh air. Leis an ngníomh seo, déanfar ár dtosaíochtaí rialtais a ailíniú leis an méid atá beartaithe ar an talamh, i ngach údarás áitiúil ó Bhaile Átha Cliath go Loch Garman go dtí an Clár. Mar rialtas, táimid ag freagairt do ghéarchéim tithíochta náisiúnta, agus is é sin an tosaíocht chéanna a bhfuilim ag súil leis ónár n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla.
“Mar Aire, féadfar agus déanfar Ráitis Phleanála Náisiúnta a eisiúint anois, chun go mbeidh i bhfad níos mó cinnteachta, comhordaithe agus, dá bhrí sin, seachadta tithe ann. Ba mhaith liom go mbeidh gach leibhéal ag gníomhú i gcomhréir leis an ngá práinneach seo.
“Ba mhaith liom cur chuige comhcheangailte, agus úsáid níos fearr na talún atá criosaithe againn cheana féin agus na talún atáimid ar tí a chriosú, chun go seachadfar tithe ar luas agus ar scála atá ag teastáil go práinneach.
“Tá an bonneagar i gcroílár an tseachadta tithíochta agus, mar sin, ní mór é a nascadh go háitiúil, go réigiúnach agus go náisiúnta.”
Dúirt an tAire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, John Cummins:
“Is céim shuntasach chun cinn iad na hathchóirithe seo, rud a chuireann ar chumas tionóil réigiúnacha a gcuid straitéisí a thabhairt cothrom le dáta agus a thugann an modh don Rialtas chun tuilleadh soiléireachta agus treorach a sholáthar maidir le príomhearnálacha amhail tithíocht agus fuinneamh in-athnuaite. Scaoilfear leis seo comhordú bonneagair seachadta agus tacaíochta.
“Soláthraítear leis na hathchóirithe seo an tsoiléireacht agus an deimhneacht is gá chun tacú le fás inbhuanaithe, infheistíocht a mhealladh, agus torthaí níos fearr a sheachadadh do phobail ar fud na hÉireann.
"Mar Aire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, táim ag iarraidh go gcuirfimid na codanna eile den reachtaíocht thábhachtach nua seo i bhfeidhm chomh tapa agus is féidir agus is cloch mhíle eile é an lá inniu i dtreo an chuspóra sin.”
Leagtar amach mionsonraí maidir leis an tosach feidhme céimnithe atá beartaithe d’Acht 2024 i gCaibidil 10 den Phlean Cur Chun Feidhme atá ar fáil lena fheiceáil ag www.gov.ie/planning agus tá leathanach gréasáin ina bhfuil achoimre ar Orduithe Tosaigh agus ar fhorálacha Acht 2024 atá i bhfeidhm cheana féin (ar fáil lena fheiceáil anseo) san áireamh.
Cuireadh tús le Caibidlí 1-4 de Chuid 3 den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2024 – lena réitítear an bealach do na hathruithe nua – Déardaoin, an 2 Deireadh Fómhair.
Nótaí
Tá Tionóil Réigiúnacha freagrach as cinntí a dhéanamh maidir le pleanáil straitéiseach agus maoiniú AE dá réigiún. Cuidíonn na tionóil le hobair na n-údarás áitiúil a chomhordú.
Tá trí thionól réigiúnacha in Éirinn: Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair; Tionól Réigiúnach an Deiscirt agus Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.
Tá comhaltaí ar Thionóil Réigiúnacha a thoghtar chuig comhairlí laistigh den réigiún faoi seach.