English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá €436 milliún leithdháilte ag an Aire Browne le haghaidh tithíocht shóisialta


€111 milliún chun níos mó ná 1,300 teach sóisialta nua a thógáil


€325 milliún le haghaidh an Chláir Tithíochta Sóisialta um Éadálacha Athláimhe lena n-áirítear ceannacháin tionónta in situ atá dírithe orthusan is mó gá

Dheimhnigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, inniu (Dé Luain an 31 Márta) go bhfuil €436 milliún leithdháilte aige chun freastal ar riachtanais tithíochta sóisialta.

Áirítear leis sin leithdháiltí maoinithe caipitil ar luach €325 milliún san iomlán a bhfuil fógra fúthu curtha chuig údaráis áitiúla anois maidir leis an gclár tithíochta sóisialta um éadálacha athláimhe le haghaidh 2025.

Tá €111 milliún leithdháilte ag an Aire Browne chomh maith ar 82 tionscadal nua tithíochta sóisialta lena soláthrófar breis agus 1,300 teach nuathógtha a mbeidh luach costais forbartha €517 milliún orthu. Leithdháileadh na €111 milliún sin as an €450 milliún le haghaidh tithíocht shóisialta agus inacmhainne a d’fhógair an Rialtas le déanaí.


Tionscadail um Thithíocht Shóisialta Nua a Thógáil

Leis na ceaduithe a eisíodh le roinnt seachtainí anuas, soláthraítear maoiniú in 2025 chun 82 tionscadal a chur chun cinn a sholáthrófar 1,325 teach thar an tréimhse 2025 – 2027, agus soláthrófar 575 díobh i mbliana. Tá na ceaduithe i ndáil leis na láithreacha seo a leanas:

  • 542 teach i mBaile Átha Cliath
  • 234 teach i gCathair Chorcaí agus i gContae Chorcaí
  • 60 teach san Iarmhí
  • 58 teach sa Mhí
  • 59 teach i Luimneach
  • 56 teach i gCiarraí
  • 55 teach i gCill Mhantáin
  • 30 teach i gCill Chainnigh

231 teach go carnach ar fud Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Chathair agus Chontae na Gaillimhe, Ros Comáin, an Chabháin, an Longfoirt, Thiobraid Árann, Ros Comáin, Cheatharlach, Phort Láirge, Chill Dara agus Laoise.

Agus é ag labhairt faoin maoiniú chun tithe sóisialta nua a thógáil, leag an tAire Browne béim ar:

“Thiomantas an rialtais don chlár um thithíocht shóisialta nua a thógáil, mar go bhfuil sé ríthábhachtach soláthar foriomlán tithíochta a mhéadú chun dul i ngleic leis an dúshlán tithíochta agus go háirithe chun easpa dídine fadtéarmach a chosc agus deireadh a chur léi. Sin an fáth a bhfuil spriocanna uaillmhianacha socraithe ag an Rialtas maidir le tithíocht shóisialta nua thógáil i gClár an Rialtais chun 12,000 teach in aghaidh na bliana a thógáil go dtí 2030. Chun an uaillmhian a bhaint amach, is gá dúinn soláthar a mhéadú agus is leathnú eile iad na ceaduithe sin ar sholáthar tithe sóisialta nua atá á dtógáil.”


An Clár Tithíochta Sóisialta um Éadálacha Athláimhe

Le maoiniú €325 milliún, tacófar leis an gclár um éadálacha athláimhe a raibh ina ghné thábhachtach chun easpa dídine a chosc ó thug an Rialtas an sruth éadálacha Tionónta In Situ isteach in 2023.

Soláthrófar leis an gclár um éadálacha athláimhe in 2025 d’éadáil tithe athláimhe le haghaidh na riachtanas tosaíochta seo a leanas:

  • Éadálacha Tionónta In Situ
  • daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas
  • fágálacha ó sheirbhísí do dhaoine gan dídean; agus
  • Éadálacha Ceannach agus Athnuachan lena dtéitear i ngleic le tithe folmha

Faoi shocruithe athbhreithnithe le haghaidh 2025, fuair údaráis áitiúla leithdháileadh maoinithe caipitil chun áiteanna cónaithe athláimhe a fháil. Is féidir leis na húdaráis an maoiniú sin a dhíriú dá rogha féin – cibé acu ar cheannacháin tionónta in situ nó ar chuspóirí eile – rud a thugann an tsolúbthacht dóibh chun freastal ar riachtanais áitiúla agus éilimh laistigh de na catagóirí éadálacha dá dtugtar tacaíocht.

Agus é ag labhairt faoin maoiniú le haghaidh an chláir um éadálacha athláimhe, luaigh an tAire Browne tiomantas an Rialtais don chlár éadálacha agus don sruth éadálacha tionónta in situ arís, de bharr an róil thábhachtaigh atá aige chun easpa dídine a chosc.

Dúirt sé:

“Mhaoinigh an Rialtas an fháil de bheagnach 7,000 teach sóisialta athláimhe ó bhí 2020 ann ar chostas €2 billiún. Díobh siúd, fuarthas beagán níos mó ná 3,100 teach idir 2023 agus an fómhar anuraidh. Níl aon amhras faoi thiomantas an rialtais de bharr leathnú an chláir éadálacha ar aghaidh go 2025 leis an tacaíocht mhaoinithe shuntasach €325 milliún. An rud is tábhachtaí ná go dtugtar an tsolúbthacht d’údaráis áitiúla chun an t-airgead sin a dhíriú chun a chinntiú go gcuirtear a bhfreagairtí in oiriúint do riachtanas áitiúil.”