D’fhógair an tAire Browne maoiniú breise luach €50 milliún d’éadálacha tithíochta a bheidh spriocdhírithe ar theaghlaigh a bhaint amach as cóiríocht éigeandála fhadtéarmach
- Foilsithe: 9 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 9 Eanáir 2026
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, inniu go bhfuil sé beartaithe aige tús áite a thabhairt do agus díriú ar an €50 milliún breise a fógraíodh le déanaí chun tacú le teaghlaigh níos mó a bhfuil leanaí acu agus le cliaint Tithíocht ar dTús, chun cóiríocht éigeandála fhadtéarmach do dhaoine gan dídean a fhágáil.
Chuige sin, leithdháilfear maoiniú ar na hocht gcomhairle cathrach agus contae a bhfuil an líon is mó teaghlach acu atá i gcóiríocht éigeandála le breis is 24 mí i réigiún Bhaile Átha Cliath agus 12 mhí nó níos mó sna ceithre húdarás réigiúnacha atá fágtha. Tá mionsonraí maidir leis na leithdháiltí faoi seach le fáil sa tábla thíos.
Déanfar monatóireacht ar dhul chun cinn agus athleithdháilfear maoiniú mar is gá chun tionchar an mhaoinithe ar theaghlaigh gan dídean a mhéadú.
Tá gealltanas tugtha ag an Aire €325 milliún a chur ar fáil cheana féin chun tacú le clár éadálacha dara láimhe in 2025, rud a cheadaíonn d’údaráis áitiúla díriú ar chatagóirí tosaíochta de riachtanas tithíochta, agus fógraíodh le déanaí go mbeadh €50 milliún breise á leithdháileadh aige d’éadálacha breise.
Leag an tAire Browne béim ar an méid seo a leanas nuair a bhí an beart spriocdhírithe do theaghlaigh a bhí gan dídean go fadtéarmach á fhógairt aige:
“Táimid ag déileáil le géarchéim tithíochta, agus éilíonn géarchéim bearta tapa agus spriocdhírithe a théann chun tairbhe na ndaoine is leochailí chomh tapa agus is féidir. Tá mé ag iarraidh a chinntiú nach mbeidh leanaí ar liosta na ndaoine atá gan dídean, ach is é an aidhm atá le gníomh an lae inniu ann ná leanaí atá i gcóiríocht éigeandála do thréimhse fhada a aistriú chuig tithe sábháilte, slána agus buana, díreach mar atá tuillte acu. Níl anseo ach gné amháin den obair shuntasach agus leanúnach níos ginearálta atá á déanamh chun déileáil le leibhéil easpa dídine na hÉireann, a thugtar faoi deara go háirithe inár bpríomhchathair, rud a éilíonn idirghabhálacha cinntitheacha cosúil leis seo.
“Tá mé ag treorú d’údaráis áitiúla an tráinse breise seo de thacaíocht mhaoinithe a dhíriú ar theaghlaigh i gcóiríocht éigeandála a bhfuiltear ag tacú leo chun cóiríocht éigeandála a fhágáil agus chun aistriú chuig tithíocht. Is mian liom laghdú a fheiceáil, ar bhonn práinneach, ar líon na dteaghlach i gcóiríocht éigeandála fhadtéarmach.
“Cuirfidh an clár éadála spriocdhírithe €50 milliún seo le hiarrachtaí atá á ndéanamh ag údarás áitiúil cabhrú le teaghlaigh éalú ó easpa dídine trí úsáid a bhaint as sruthanna seachadta eile agus as an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta. Leagfar béim ar leith ar réadmhaoin ina bhfuil ceithre sheomra a fháil, nach raibh ar fáil trí shruthanna seachadta eile.”
Cuirfear an maoiniú luach €50 milliún ar fáil ar an gcéad dul síos, d’éadálacha ar féidir gealltanas conarthach a thabhairt maidir leo agus déanfar iad a fhorchúiteamh go hiomlán in 2025, trí aon mhaoiniú a gealladh ach nár tarraingíodh síos in 2025 a bheidh ar fáil d’údaráis áitiúla in 2026 chun éadálacha a chur i gcrích.
Dheimhnigh an tAire Browne freisin go mbeidh dóthain maoinithe ar fáil ón leithdháileadh bunaidh €325 milliún chun cead a thabhairt do gach údarás áitiúil cibé éadáil tosaíochta a bheidh ar láimh acu le seachadadh in 2025 a chur i gcrích. Meastar, dá réir sin, go bhféadfadh údaráis áitiúla thart ar 850 éadáil a chríochnú i mbliana ón €325 milliún a leithdháileadh ar dtús, lena n-áirítear na céadta ceannachán Tionónta in Situ. Níl sos curtha le nó stop ag aon chéim curtha leis an scéim éadálacha Tionónta-in-Situ, a bunaíodh mar bheart maoinithe sealadach mar chuid de chlár maoinithe éadálacha dara láimhe na roinne.
Dheimhnigh an tAire Browne freisin cinnteacht maidir le maoiniú d’údaráis áitiúla d’éadálacha tosaíochta i rith na míonna fágtha de 2025 nach gá a bheith dlite le haghaidh íocaíochta go dtí 2026, rud a cheadaíonn an clár éadálacha tithíochta sóisialta dara láimhe a fhágáil oscailte i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Nótaí
Tithíocht Ar dTús
Soláthraíonn Tithíocht Ar dTús tithíocht le tacaíochtaí diana do dhaoine a chodlaíonn amuigh agus d’úsáideoirí fadtéarmacha cóiríochta éigeandála. Go minic bíonn ardriachtanais tacaíochta chasta ag daoine aonair cosúil le fadhbanna meabhairshláinte nó sláinte fisiciúla, saincheisteanna andúile nó dédhiagnóis (fadhb mheabhairshláinte agus andúil i substaintí. Foilsíodh Plean Feidhmithe Náisiúnta Tithíocht ar dTús in 2021 agus san áireamh ann tá sprioc chun 1,319 tionóntacht Tithíocht ar dTús a bhunú faoi 2026. Is comhthionscnamh idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), earnáil an cheartais choiriúil (an tSeirbhís Promhaidh agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann) agus údaráis áitiúla é cur i bhfeidhm an Phlean, i gcomhar le comhpháirtithe ENR. San áireamh i gClár an Rialtais tá gealltanas 2,000 tionóntacht Tithíocht ar dTús a chruthú.
Leithdháiltí táscacha ón €50 milliún breise
|
Údarás áitiúil |
Leithdháileadh táscach |
|
Cathair Chorcaí |
€2,000,000 |
|
Cathair Bhaile Átha Cliath |
€22,000,000 |
|
Dún Laoghaire-Ráth an Dúin |
€2,500,000 |
|
Fine Gall |
€10,000,000 |
|
Cathair na Gaillimhe |
€4,000,000 |
|
Cathair agus Contae Luimnigh |
€3,000,000 |
|
Baile Átha Cliath Theas |
€5,000,000 |
|
Cathair agus Contae Phort Láirge |
€1,500,000 |
|
Iomlán |
€50,000,000 |