Tá beagnach €700 milliún i maoiniú breise chun tacú le seachadadh tithíochta fógartha ag an Aire Browne
- Foilsithe: 11 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Feabhra 2026
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne gur cheadaigh an Rialtas €696 breise i maoiniú caipitil in 2025 chun raon clár tithíochta a mhaoiniú, rud a léiríonn an bhéim láidir ar thacú le forbairt tithe nua, tithe folmha a chur in úsáid arís, dul i ngleic le heaspa dídine agus leanúint le tacaíocht d’úinéirí tí faoin Scéim Deontais um Bloic Choincréite Lochtacha.
Seachadfar níos mó ná 4,600 teach nua sóisialta agus inacmhainne leis an maoiniú seo agus beidh 3,700 teach díobh siúd nuathógtha. Fágann sé sin gurb ionann an caipiteal breise iomlán a leithdháileadh ar an roinn agus breis agus €1.4 billiún go dtí seo i mbliana.
- Beidh an maoiniú dírithe ar phríomhthionscnaimh lena n-áirítear:
- tithíocht sóisialta nuathógtha bhreise agus inacmhainne a sheachadadh in 2025
- leanúint le tógáil na píblíne tionscadal le seachadadh sa tréimhse 2026-2028
- íostarraingt deontas faoin Scéim Deontais Athchóirithe um Réadmhaoin Fholamh, lena gcuirfear aonaid fholmha in úsáid chónaithe arís
- deontas a íostarraingeoidh úinéirí tí faoin Scéim Deontais Feabhsaithe um Bloic Choincréite Lochtacha
- tacaíocht bhreise d’éadálacha tithíochta sóisialta athláimhe ag údaráis áitiúla agus go háirithe ag Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta chun cosc a chur ar theaghlaigh leochaileacha dul in easpa dídine; agus
- tarscaoiltí ranníocaíochta forbartha chun gníomhachtú an tsoláthair tithíochta mhéadaithe a spreagadh
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Browne le linn dó fáiltiú roimh an maoiniú nua:
“Léirítear leis na €696 milliún breise seo i maoiniú ár ndiongbháilteacht dul i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta go díreach. Tabharfar an chumhacht d’údaráis áitiúla agus do chomhlachtaí tithíochta dlús a chur le seachadadh tithe nua, rochtain a leathnú ar thithíocht shóisialta agus inacmhainne, dul i ngleic le heaspa dídine, réadmhaoine folmha agus tréigthe a chur in úsáid arís, tacú le húinéirí tí atá buailte ag bloic choincréite lochtacha agus tógáil nua a spreagadh san earnáil phríobháideach.
“Dúirt mé riamh go bhfuil cur chuige leathan, comhtháite ag teastáil chun dul i ngleic lenár ndúshláin tithíochta go héifeachtach, seachas a bheith ag brath ar aon réiteach amháin. Sin an fáth gur leithdháileadh an maoiniú seo ar fud raon scéimeanna agus tionscnamh spriocdhírithe, agus tá gach ceann acu deartha chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe áirithe den chóras tithíochta agus chun cur le dul chun cinn fiúntach, fadtéarmach.”
Tá mionsonraí iomlána ar mhiondealú agus leithdháileadh an mhaoinithe le foilsiú an tseachtain seo chugainn.