Fógraíonn an tAire Browne go leanfar ar aghaidh leis an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh, a dhíreoidh ar fholús 'os cionn siopa'
- Foilsithe: 16 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Bealtaine 2026
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an TD James Browne inniu go bhfuil sé mar phríomhthosaíocht ag an Rialtas seo dul i ngleic le folús agus dearóiliú, agus tithe a thabhairt ar ais lena n-úsáid. Leag an tAire Browne béim ar an tosaíocht sin agus é ag fógairt go leanfaidh an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh ar aghaidh go dtí 2030.
Chomh maith leis sin, dúirt an tAire Browne go mbeidh sé ag tabhairt isteach pacáiste tacaíochta feabhsaithe de suas le €140,000 chun spás folamh 'os cionn siopaí' inár gcathracha, inár mbailte agus inár sráidbhailte a athúsáid mar thithe.
Ní hamháin go gcruthóidh sé sin tithe a bhfuil géarghá leo, ach beidh tionchar tábhachtach aige chun saol sóisialta agus eacnamaíoch ár mbailte, ár sráidbhailte agus ceantar ár gcathracha a fheabhsú.
Dúirt an tAire Browne:
“Tá mé an-soiléir faoin dearcadh atá agam maidir le folús agus dearóiliú. Smál atá ann ar phobail ár sráidbhailte agus ár mbailte, ach deis atá ann le haghaidh tithe nua freisin. Cabhróidh athúsáid maoine foilmhe agus tréigthe linn chun tithe atá ag teastáil go géar a chur ar fáil agus chun cur le beocht agus le hinchónaitheacht i láir ár mbailte.
“Is crá croí ceart é do dhaoine a fheiceáil go bhfuil foirgnimh ar phríomhshráideanna agus i lár bailte folamh agus muid i mbun géarchéime tithíochta – tá sé sin feicthe agam agus mé ag taisteal thart na tíre ag plé le grúpaí pobail agus le páirtithe leasmhara. Sin é an fáth go bhfuil beart spriocdhírithe á thabhairt isteach agam chun níos mó foirgneamh folamh agus tréigthe a athchóiriú – go háirithe chun go n-athúsáidfear spás os cionn siopaí mar thithíocht.”
Tá sé mar chuspóir ag an deontas méadaithe seo spás os cionn áitribh tráchtála nach bhfuil a dhóthain úsáide á baint as a athúsáid mar thithe, gan beag is fiú a dhéanamh de na castachtaí a bhaineann leis sin. Cuideoidh an méid deontais atá níos airde leis na hoibreacha sin.
Cuirfear deontas de suas le €95,000 ar fáil nuair a chruthaítear aonad cónaithe amháin, agus deontas breise de suas le €20,000 nuair is dhá aonad cónaithe atá á chruthú, agus €20,000 breise fós nuair a chruthaítear trí aonad cónaithe nó níos mó. Mar aon leis sin, cuirfear suas le €5,000 ar fáil chun comhairle a fháil ó shaineolaithe maidir le hathchóiriú na réadmhaoine sin lena húsáid mar thithíocht. Leis sin, tabharfar an pacáiste deontais iomlán a bheidh ar fáil d’athchóiriú na réadmhaoine sin suas go dtí €140,000.
Ó seoladh é, tá an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh ag cuidiú go mór le hathchóiriú agus le hathúsáid áitreabh folamh agus tréigthe a spreagadh, agus ag cur le cuspóirí eile beartais maidir le hathghiniúint bailte, seachadadh tithe, inacmhainneacht agus gníomhú ar son na haeráide. Leanann an deontas ar aghaidh ag cur go suntasach leis an méadú ar an soláthar tithíochta atá ar fáil, agus é ag tacú le hathúsáid maoine foilmhe agus tréigthe mar thithíocht.
Tá suim nach beag léirithe ag daoine ar an deontas ó seoladh é, agus breis agus 15,670 iarratas curtha isteach chuig údaráis áitiúla go dtí seo, agus níos mó ná €230 milliún de mhaoiniú deontais íoctha amach ar fud na tíre. Bhí na híocaíochtaí Deontais Athchóirithe do Mhaoin Fholamh is airde riamh in R3 2025, rud atá suntasach: íocadh 760 deontas, is é sin, méadú 126% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Ó seoladh an scéim i mí Iúil 2022, faomhadh 11,800 iarratas, rud a léiríonn an fás atá ag teacht ar an scéim agus a tionchar maidir le dul i ngleic le folús agus soláthar tithíochta a threisiú.
Nóta d’eagarthóirí
Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh
Nuair a seoladh an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh, leagadh sprioc síos go gcuirfí 2,000 maoin ar fáil mar thithe faoin mbliain 2025. Méadaíodh an sprioc sin go 4,000 i mí na Samhna 2023. Go dtí seo, tá 4,340 Deontas íoctha. Faoin bPlean Tithíochta nua Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil, athchóireofar 20,000 maoin eile lena húsáid mar thithe, le tacaíocht ón Deontas.
Ag cur leis an rath a bhí leis an Deontas go dtí seo, agus i gcomhréir leis na gealltanais a leagtar amach sa phlean tithíochta náisiúnta Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil agus i gClár an Rialtais, tacóidh na leasuithe agus na leathnaithe ar an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh a fógraíodh inniu le hathúsáid níos mó foirgneamh folamh agus tréigthe agus spáis os cionn siopaí mar thithe, rud a chuirfidh tithíocht ar fáil, a thacóidh le hathghiniúint ceantar áirithe i gcathracha, bailte agus sráidbhailte, a athbheofaidh pobail, agus a thacóidh le spriocanna forbartha inbhuanaithe.
Athruithe á dtabhairt isteach inniu:
Sínfear an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh ag go dtí 2030.
Cruthófar Deontas Folúntais Os Cionn an tSiopa, le maoiniú méadaithe suas le €140,000 chun tacú le spás 'os cionn siopaí' a athchóiriú lena úsáid mar thithíocht, agus urlár na talún fós á úsáid ar bhonn tráchtála (áirítear leis sin an Deontas Comhairle Saineolaithe – féach thíos)
Tabharfar isteach Deontas Comhairle Saineolaithe dar luach suas le €5,000 chun comhairle a thairiscint maidir le hathchóiriú spáis os cionn siopaí agus seanáitribh tráchtála lena n-úsáid mar aonaid chónaithe.
Athruithe ar an Deontas Athchóirithe do Mhaoin Fholamh mar seo a leanas:
- I gcomhréir leis an deontas athchóirithe do spás folamh 'os cionn siopaí', nuair a athchóirítear foirgneamh tráchtála iomlán lena úsáid mar aonaid chónaithe, cuirfear €20,000 breise ar fáil chun dara haonad cónaithe a chruthú agus €20,000 breise fós nuair a chruthaítear trí aonad nó níos mó, rud a bheadh mar fhorlíonadh ar an deontas de €50,000/€70,000, mar is cuí, atá ar fáil cheana féin.
- Cuirfear acmhainní breise ar fáil d’údaráis áitiúla chun tacú le soláthar leanúnach agus riarachán an deontais, agus suas le €100,000 á gcur ar fáil do gach údarás áitiúil in aghaidh na bliana.
Deontas Folúntais Os Cionn an tSiopa
Tacóidh an Deontas Folúntais Os Cionn an tSiopa a fógraíodh inniu le spás os cionn áitribh tráchtála nach bhfuil a dhóthain úsáide á baint as a athchóiriú lena úsáid mar thithe. Tá an méid breise á thabhairt mar aitheantas ar na castachtaí a bhaineann leis an maoin fholamh sin a athchóiriú lena húsáid mar thithíocht.
Tabharfaidh an Deontas Comhairle Saineolaithe deis d’úinéirí comhairle a fháil ó thús maidir leis na hoibreacha atá ag teastáil.
Cuirfear deontas de suas le €95,000 ar fáil nuair a chruthaítear aonad cónaithe amháin, agus deontas breise de suas le €20,000 nuair is dhá aonad cónaithe atá á chruthú, agus €20,000 breise fós nuair a chruthaítear trí aonad cónaithe nó níos mó. Mar aon leis sin, cuirfear suas le €5,000 ar fáil chun comhairle a fháil ó shaineolaithe maidir le hathchóiriú na réadmhaoine sin lena húsáid mar thithíocht. Leis sin, tabharfar an pacáiste deontais iomlán a bheidh ar fáil d’athchóiriú na réadmhaoine sin 'os cionn siopa' suas go dtí €140,000.
Chomh maith leis an Deontas Folúntais Os Cionn an tSiopa a thabhairt isteach d’athchóiriú agus athúsáid spáis 'os cionn siopa' (agus urlár na talún fós á úsáid ar bhonn tráchtála), fógraíodh inniu maoiniú breise de suas le €40,000 i gcomparáid le leibhéil an Deontais faoi láthair (€50,000 agus €70,000) le haghaidh cásanna ina bhfuil áitreabh tráchtála iomlán á athchóiriú lena úsáid mar níos mó ná aonad cónaithe amháin.
Cuirfear méid breise de €20,000 ar fáil más dhá aonad atá á chruthú, agus suas le €40,000 nuair atá níos mó ná trí aonad á chruthú. Tabharfaidh sé sin an méid iomlán de thacaíocht deontais atá iníoctha nuair atá foirgnimh fholmha / thréigthe á n-athchóiriú i dtrí aonad cónaithe nó níos mó suas go dtí €110,000. Is féidir le húinéirí maoine den chineál sin leas a bhaint as an Deontas Comhairle Saineolaithe freisin rud a thugann an pacáiste iomlán atá ar fáil chun tacú le hathchóiriú na bhfoirgneamh sin suas go dtí €115,000.
Tagann sé sin le chéile leis an sprioc atá ann maidir le húsáid a bhaint as foirgnimh fholmha chun tithe a chruthú.
Cuirfear an Deontas Folúntais Os Cionn an tSiopa ar fáil faoi dheireadh R1 2026.