Fógraíonn an tAire Browne leathnú ar ról agus sainchúram na Gníomhaireachta Forbartha Talún
- Foilsithe: 8 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2026
- cuirfidh na feabhsaithe ar an nGníomhaireacht Forbartha Talún neart faoin méid tithe a chuirfear ar fáil ar fud na tíre
- cuirfidh an comhlacht níos mó tithe príobháideacha ar fáil anois, chomh maith le tithíocht shóisialta, tithíocht inacmhainne agus tithíocht ar cíos costais
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, inniu leathnú uaillmhianach ar shainchúram na Gníomhaireachta Forbartha Talún (GFT) chun tacú le soláthar tithíochta a fhreastalaíonn ar riachtanais na bpobal ar fud na hÉireann. Thug an tAire an t-eolas is déanaí don Chomh-aireacht ar maidin maidir leis na conclúidí is déanaí de chuid an Choiste Comh-Aireachta um Thithíocht agus leag sé amach na gníomhartha is gá a dhéanamh.
Tiocfaidh na ranna ábhartha, an GFT agus an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta nuabhunaithe i mbun plé chun na hathruithe riachtanacha a thabhairt chun críche chun foráil a dhéanamh don leathnú seo ar shainordú an Ghníomhaireacht Forbartha Talún.
Ag labhairt dó maidir leis an leathnú atá ar an ról agus sainchúram an Ghníomhaireachta Forbartha Talún de chuid an Stáit, dúirt an tAire Browne:
“Ní mór dúinn an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as an acmhainn atá ag gach uirlis atá ar fáil dúinn má táimid chun borradh a chur faoi sholáthar tithíochta go dtí na leibhéil is gá chun freastal ar riachtanais na tíre seo. D’éirigh thar barr leis an GFT go dtí seo maidir le tithíocht shóisialta agus tithíocht inacmhainne a sholáthar agus táim cinnte gur féidir leis an nGníomhaireacht níos mó a dhéanamh fiú.
“Inniu táim ag fógairt roinnt athruithe tábhachtacha a leagfaidh síos an bunchloch le haghaidh céim chun cinn uaillmhianach maidir le seachadadh an GFT i bpobail ar fud na hÉireann agus ag an am céanna ag tacú le tosaíochtaí an Chreata Náisiúnta Pleanála d’fhorbairt inbhuanaithe bhailte agus chathracha na hÉireann.
“Tá na hathruithe seo ag teacht sna sála ar idirghabhálacha eile a tharla le déanaí: an Creat Náisiúnta Pleanála athbhreithnithe, príomhathruithe pleanála ar shíntí agus díolúintí, bunú na hOifige um Ghníomhachtú Tithíochta agus athchóiriú ríthábhachtach ar an earnáil cíosa. Leanfaidh mé orm ag tabhairt feabhsuithe agus nuálaíochtaí isteach lena chinntiú go bhfuilimid in ann na tithe atá de dhíth ar gach duine a thógáil.”
Is iad na sé phríomhathrú atá ar an GFT atá le cur chun cinn ná:
- go ndéanfaidh an GFT a chúlsoláthar talún a fhorbairt chun dul i mbun beartas gníomhach bainistíochta talún agus go ndéanfaidh an GFT tithíocht phríobháideach a sholáthar in áiteanna cuí;
- Limistéar oibríochta geografaí an GFT a leathnú;
- príomhthailte poiblí straitéiseacha a dhíghlasáil le haghaidh seachadadh láithreán athfhorbraíochta uirbeach trí infheistíocht bonneagair;
- leasú a dhéanamh ar fhorálacha an Achta GFT maidir le tailte a aistriú ó chomhlachtaí stáit trádála chun an fhorbairt ar shuíomhanna oiriúnacha a bhrostú;
- oibriú leis an Roinn Airgeadais ar an gcaoi a gcaitear le cáin ar ghníomhaíocht cíosa costais an GFT; agus
- go dtacóidh an GFT leis na húdaráis áitiúla, an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta agus leis an roinn i máistirphleanáil agus soláthar bonneagair i mbailte agus i gceantair nua
D’aontaigh an Coiste Comh-Aireachta um Thithíocht i bprionsabal leis na moltaí go léir a rinneadh agus oibreoidh na ranna ábhartha anois chun gníomhartha aonair a chur chun cinn agus chun moltaí mionsonraithe a thabhairt os comhair na Comh-Aireachta lena gceadú agus lena gcur i bhfeidhm.
Bunaíodh an GFT i 2018 chun talamh poiblí a bhainistiú agus chun tithíocht inacmhainne a sheachadadh. Tá an GFT á mhaoirsiú ag bord neamhspleách agus maoiniú cothromais faighte aige ón rialtas. Is é an misean atá aige ná an soláthar ar thithe inacmhainne ar thalamh de chuid an Stáit nó ar thalamh eile a uasmhéadú, ag tacú chun pobail ráithiúla a chruthú.