Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Leasuithe fógartha ag an Aire Browne chun moill a laghdú agus tréimhse seachadta a fheabhsú le haghaidh tionscadal tithíochta sóisialta

Próiseas nua ceaduithe aonchéime do gach tionscadal tithíochta sóisialta nua suas go dtí €200m a thógfar ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh

Beidh cur chuige caighdeánaithe dearaidh i gceist leis an bpróiseas nua chun éifeachtacht a uasmhéadú agus chun tacú le modhanna tógála comhaimseartha

D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an TD James Browne inniu go mbogfaidh gach tionscadal tithíochta sóisialta nua a thógfar, suas go dtí €200 milliún, chuig próiseas ceaduithe aonchéime ó mhí Eanáir 2026 ar aghaidh. Chomh maith leis sin, tabharfaidh an córas nua dearadh agus sonraíochtaí caighdeánaithe isteach do gach tionscadal. Leis na leasuithe sin, laghdófar moill, déanfar cuíchóiriú ar sheachadadh agus cuirfear dlús le tógáil tithe nua.

Tiocfaidh an próiseas ceaduithe aonchéime nua seo in ionad na bpróiseas ceaduithe 4‑chéime agus aonchéime atá ann faoi láthair. Laghdóidh sé aon mhoill nach bhfuil gá leis agus cruthóidh sé bealach níos soiléire agus níos tapúla chun tithe sóisialta a sholáthar. Cuirfidh dearadh agus sonraíochtaí caighdeánaithe le héifeachtacht níos mó, feabhsóidh siad comhsheasmhacht agus cinnteoidh siad luach ar airgead, rud a chiallaíonn go bhféadfar níos mó tithe ar ardchaighdeán a chur ar fáil níos tapúla do na daoine siúd a bhfuil tithe de dhíth orthu.

Dúirt an tAire Browne:

“Tá mé tiomanta leas a bhaint as gach deis atá ann chun borradh a chur faoi sheachadadh tithe sóisialta. Chun é sin a dhéanamh, caithfear maorlathas a laghdú, téip dhearg a ghearradh agus córais a chur i bhfeidhm a ligfidh dúinn tithe sóisialta nua a sheachadadh ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí.

“Déanfaidh na leasuithe sin cuíchóiriú ar cheaduithe, cabhróidh siad le caighdeánú agus tacóidh siad le húsáid modhanna tógála nua-aimseartha, agus sprioc amháin againn: tithe ar ardchaighdeán a thógáil níos tapúla do na daoine a bhfuil tithe de dhíth orthu.

“Ó 2023 i leith, tá breis agus 19,000 teach sóisialta nua curtha leis an soláthar tithíochta againn - an leibhéal is airde le glúin anuas - ach caithfear tuilleadh a dhéanamh. De bharr na leasuithe seo, tá mé ag ceapadh go dtiocfaidh méadú suntasach ar an soláthar tithíochta sóisialta a thógfaidh údaráis áitiúla ach go háirithe.

“Is ceist phráinneach í seo, agus caithfimid leanúint ar aghaidh ag gníomhú chun go mbeidh na tithe atá ag teastáil ag teaghlaigh agus ag daoine aonair.”

Leagann Plean Gníomhaíochta Tithíochta an Rialtais seo, darb ainm Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil, spriocanna soiléire síos d’údaráis áitiúla maidir le seachadadh tithíochta sóisialta a mhéadú - ó 8,000 ar an meán faoi láthair go dtí 12,000 - is é sin, 72,000 teach sóisialta nua faoi dheireadh an phlean.

Cuirfidh an próiseas cuíchóirithe ceaduithe seo deireadh leis an gceanglas maidir le haighneachtaí mionsonraithe breise le haghaidh athbhreithnithe agus ceaduithe le linn shaolré an tionscadail; agus cabhróidh sé chun tograí tionscadail ón Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a fhaomhadh níos gasta.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat