Fógraíonn an tAire Browne próiseas nua simplithe agus caighdeánaithe chun tithíocht shóisialta a sheachadadh
- Foilsithe: 8 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2026
- leasuithe chun méadú agus borradh a chur faoi sheachadadh tithe nua
- Foilsíonn an tAire freisin sonraí nua ina dtugtar tuairisc ar sholáthar tithíochta sóisialta de réir limistéir údaráis áitiúil
Inniu d’fhógair an tAire Tithíochta, rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne go mbeadh sé ag tabhairt isteach próiseas ceadaithe aonchéime do gach tionscadal tithíochta sóisialta suas go €200 milliún, chun méadú – agus borradh a chur faoi – sheachadadh tithe nua.
Tagann sé seo sna sála ar fhaomhadh na Comh-Aireachta inniu don leasú seo agus gealltanas sa Chlár an Rialtais bearta éifeachtúlachta a lorg trí phróiseas ceadaithe aonchéime a thabhairt isteach do gach tionscadal caighdeánaithe tithíochta sóisialta suas go €200 milliún.
Ina theannta sin, chun a chinntiú go dtugann tionscadail tithíochta sóisialta luach ar airgead, agus chun úsáid níos mó ar Mhodhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNT) a chur chun cinn, beidh an tAire ag sainordú freisin go n-úsáidfear dearaí sonracha agus sonraíochtaí, de réir Lámhleabhar Dearaidh Tithíochta Ardchaighdeáin agus Riachtanais Fostóirí maidir le Dearadh Sonraí Tithíochta Ardchaighdeáin a d’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, le haghaidh gach tionscadal nua tógála tithíochta sóisialta atá a bhforbairt ag údaráis áitiúla agus ag comhlachtaí tithíochta ceadaithe.
Táthar ag súil go dtiocfaidh na socruithe nua seo i bhfeidhm i R3 i mbliana d’aon tograí nua tionscadail atá á bhforbairt, faoi réir socruithe idirthréimhseacha iomchuí a bheith curtha i bhfeidhm.
Leag an tAire Browne béim ar an méid seo a leanas:
“Táim diongbháilte gach deis atá ann a úsáid chun borradh a chur faoi sheachadadh tithe. Is léir go bhfuil deis ann feabhas a chur ar sholáthar tithe sóisialta ar fud na tíre agus cuirfidh athruithe an lae inniu feabhas suntasach ar an gcaoi ar féidir le hÚdaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Faofa Tithíochta dul ina bhun sin. D’éisteamar leis na saincheisteanna a d’ardaigh údaráis áitiúla, agus táimid uaillmhianach maidir leis an mbealach a réiteach, nuair is féidir, le dul chun cinn a dhéanamh go tapa.
“Faoi láthair, is iad na húdaráis áitiúla go príomha a chuireann tionscadail tithíochta sóisialta nua féin-thógála chun cinn faoi phróiseas ceadaithe ceithre chéim – gan ach na tionscadail sin a bhfuil uasluach €8 milliún acu agus a sheachadann uasmhéid de 25 aonad ag baint leasa as ceadú aonchéime. In ionad an mheascáin de na socruithe ceadaithe aonchéime agus ceithre chéime atá ann faoi láthair, anois cuirfear próiseas ceadaithe aonchéime nua i bhfeidhm do gach tionscadal suas go €200 milliún – rud a sholáthróidh deis níos fearr do sheachadadh méadaithe agus a bheidh níos tapúla.
“Déanfaidh an próiseas aonchéime agus úsáid roghanna dearaidh caighdeánaithe agus sonraíochtaí an seachadadh a chuíchóiriú, agus táim ag súil le méadú suntasach ar sheachadadh tithíochta sóisialta féin-thógála ó údaráis áitiúla go háirithe. Tá sé ar bhonn práinne anois.”
Mar gheall ar athruithe an lae inniu táthar ag súil leis na buntáistí seo a leanas:
- cur chuige dearaidh caighdeánaithe i ngach tionscadal de chuid na húdaráis áitiúla agus comhlachtaí tithíochta ceadaithe i dtógáil tithíochta shóisialta nua;
- próiseas cuíchóirithe ceadaithe lena gcuirtear deireadh leis an gceanglas maidir le haighneachtaí mionsonraithe breise le haghaidh athbhreithnithe agus ceadaithe le linn shaolré an tionscadail;
- síniú moltaí tionscadail mar thoradh air;
- leibhéil níos airde rialaithe costais ag Údaráis Áitiúla agus Comhlachtaí Faofa Tithíochta as a dtiocfaidh cinnteacht costais níos mó don Státchiste;
- tairbhe don tionscal le héifeachtúlachtaí i dtairiscintí, i soláthar agus i gcláreagrú. i.e. beidh cinnteacht níos mó ag conraitheoir nó comhairleoir atá ag forbairt dearaí nó ag tairiscint do thionscadail tithíochta iolracha ar fud údaráis áitiúla éagsúla maidir leis an achoimre agus na ceanglais oibreacha ón tús;
- Éascú ar úsáid níos mó de MNT i dtionscadail nua-thógála tithíochta sóisialta de réir uaillmhian PfG
Táblaí Tithíochta Sóisialta na nÚdarás Áitiúil
Chomh maith céanna inniu, d’fhoilsigh an tAire Browne soláthar nua tithíochta sóisialta údaráis áitiúil agus spriocstaitisticí.
Foilsíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta staitisticí cuimsitheacha iomlána don chlár ar bhonn ráithiúil maidir le tithíocht shóisialta a sholáthar, lena n-áirítear seachadadh tithíochta sóisialta nua-thógtha údaráis áitiúil ar leith. Go dtí seo, níor áiríodh na spriocanna comhfhreagracha do gach údarás áitiúil sna foilseacháin seo.
Léirigh an tAire Browne:
“D’fhonn trédhearcacht agus cuntasacht a chinntiú leis an bpobal, tosóidh an roinn ag foilsiú an tseachadta tithíochta sóisialta nuathógtha atá bainte amach ag na húdaráis áitiúla go léir mar atá leagtha síos de réir a gcuid spriocanna. Díreoidh sé seo aird ar na scéalta ratha sna húdaráis áitiúla sin atá ag cur go dearfach leis an dúshlán tithíochta a chomhlíonadh, agus ag an am céanna sainaithneofar údaráis áitiúla a bhféadfadh fócas níos láidre a bheith ag teastáil uathu sa réimse seo.”
Soláthraíonn leibhéal na sonraí a foilsíodh inniu miondealú mionsonraithe ar sheachadadh tithíochta sóisialta nuathógtha ag leibhéal áitiúil le trí bliana anuas. Áirítear leis na sonraí seachadadh iomlán tithe nuathógtha do gach údaráis áitiúil aonair (trí chomhpháirtithe seachadta ar fad) i gcoinne spriocanna iomlána tithíochta sóisialta nuathógtha.
Soláthraíonn na sonraí eolas freisin ar dhul chun cinn gach údaráis áitiúil maidir lena dtithe sóisialta nuathógtha féin i gcoinne spriocanna iomlána tithíochta sóisialta nuathógtha.