Tá cruinnithe tionscnaimh de Ghrúpaí nua Seachadta Gníomhachtaithe Tithíochta agus Tionscail Gníomhachtaithe Tithíochta tionólta ag an Aire Browne chun bacainní bonneagair a bhaint
- Foilsithe: 30 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 30 Aibreán 2026
- Grúpa Seachadta Gníomhachtaithe Tithíochta
- Grúpa Tionscail Gníomhachtaithe Tithíochta
- Céad chéimeanna eile
- Nótaí
Thionóil an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, cruinnithe tionscnaimh dhá ghrúpa ardleibhéil nua inniu, an Grúpa Seachadta Gníomhachtaithe Tithíochta agus an Grúpa Tionscail Gníomhachtaithe Tithíochta, a bunaíodh chun seachadadh tithíochta a bhrostú agus a chinntiú go gcoinníonn bonneagar poiblí suas leis an éileamh tithíochta.
Leanann seoladh an dá Ghrúpa, a mbeidh an tAire Browne ina chathaoirleach orthu, bunú na hOifige um Ghníomhachtú Tithíochta (OGT) níos luaithe i mbliana, gealltanas lárnach rialtais atá deartha chun infheistíocht a chomhordú, i mbonneagar atá riachtanach, chun tithíocht a éascú ar phríomhshuíomhanna ar fud na tíre.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Browne:
“Chun tithe a sheachadadh ar an scála atá de dhíth orainn, teastaíonn ailíniú níos dlúithe ar fud an Rialtais agus comhoibriú níos déine idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach. Cinnteoidh an dá ghrúpa nua - an Grúpa Seachadta Gníomhachtaithe Tithíochta agus an Grúpa Tionscail Gníomhachtaithe Tithíochta, go mbeidh comhpháirtithe bonneagair, beartais agus seachadta ag obair le chéile ar bhealach comhordaithe agus trédhearcach chun bacainní a bhaint agus soláthar tithíochta a bhrostú.
“Thosaigh an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta ar a cuid oibre uaillmhianaí i mí an Mhárta agus bhuail an fhoireann le gach údarás áitiúil chun measúnú a dhéanamh ar bhacainní ar sheachadadh tithe ar scála mór. Tá foireann ardleibhéil san oifig ó gach cearn den tionscal agus den bhonneagar ionas go mbeidh an obair a dhéanaimid comhcheangailte agus dírithe go hiomlán ar luasghéarú a dhéanamh ar sheachadadh. Ba mhaith liom go sainaithneodh an fhoireann seo bacainní agus go spreagfadh sí réitigh nuair is gá.
“Go luath, ceapfar ceann nua ar an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta ach, idir an dá linn, leanann an obair ar aghaidh agus tacóidh na grúpaí a seoladh inniu – lena gcuid scileanna agus taithí shuntasach – le hobair an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta ar fud gníomhaireachtaí agus earnálacha.”
Grúpa Seachadta Gníomhachtaithe Tithíochta
Tugann an Grúpa Seachadta Gníomhachtaithe Tithíochta ceannaireacht shinsearach ó ranna rialtais agus ó ghníomhaireachtaí bonneagair i dteannta a chéile chun maoirseacht a dhéanamh ar obair na hOifige um Ghníomhachtú Tithíochta agus tacú leis an obair sin. Treoróidh an Grúpa forbairt agus cur i bhfeidhm cláir chomhordaithe infheistíochta i mbonneagar poiblí chun suíomhanna tithíochta tábhachtacha ar fud na tíre a aimsiú.
Déanfaidh an Grúpa Seachadta monatóireacht ar aon dul chun cinn, tacóidh sé le seachadadh an Chiste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta nua faoin bPlean Forbartha Náisiúnta, agus cuirfidh sé cuntasacht agus freagracht chomhroinnte chun cinn i measc na gcomhpháirtithe uile atá bainteach le bonneagar a éascaíonn tithíocht.
Grúpa Tionscail Gníomhachtaithe Tithíochta
Cuirfidh an Grúpa Tionscail Gníomhachtaithe Tithíochta fóram struchtúrtha ar fáil le haghaidh teagmháil rialta idir an tAire agus comhlachtaí ionadaíocha tionscail maidir le comhordú bonneagair agus gníomhachtú tithíochta.
Roinnfidh an Grúpa léargais ón tionscal, sainaithneoidh sé dúshláin atá ag teacht chun cinn, agus tacóidh sé leis an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta réitigh chomhoibríocha, phraiticiúla a fhorbairt maidir le baic sheachadta.
Céad chéimeanna eile
Cuirfidh an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta críoch anois le mionsonraí Chiste Infheistíochta um Bonneagar Tithíochta, roimh a sheoladh níos déanaí i mbliana, agus leanfaidh sí de bheith i dteagmháil le húdaráis áitiúla agus le soláthraithe bonneagair chun tionscadail tosaíochta a shainaithint.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Browne:
“Tá an dá Ghrúpa Seachadta agus Tionscail lárnach chun a chinntiú go bhfuil an Stát agus an tionscal ag obair le chéile i dtreo sprioc chomhroinnte aonair, ag luasghéarú seachadadh tithíochta. Baineann sé seo le comhordú, cumarsáid agus tiomantas ag gach leibhéal chun tithe a thógáil san áit is mó a bhfuil gá leo.
“Is é an lá inniu an tús le cur chuige níos comhtháite i leith seachadadh tithíochta, ceann a nascann cinnteoireacht rialtais le dúshláin an tsaoil mhóir, ag seachadadh torthaí – agus tithe nua – dár saoránaigh.”
Nótaí
An Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta
I gClár Rialtais 2025, Todhchaí na hÉireann a Dhaingniú, moladh go mbunófaí Oifig Tithíochta Straitéisí agus Seachadta Bonneagair faoin Aire Tithíochta chun cabhrú le: comhordú a dhéanamh agus dlús a chur le tógáil tithe trí mhoilleanna ar bhonneagar a réiteach; agus comhordú a dhéanamh ar an infheistíocht i seirbhísí le haghaidh tailte criosaithe.
Is í an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta (OGT) an mheicníocht seachadta le haghaidh an ghealltanais seo. Tá saineolaithe sinsearacha ó Uisce Éireann, Líonraí BSL, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, Bonneagar Iompair Éireann agus an earnáil rialtais áitiúil san áireamh in OGT.
Íoslódáil Téarmaí Tagartha na hOifige um Ghníomhachtú Tithíochta.
Ballraíocht an Ghrúpa Seachadta Gníomhachtaithe Tithíochta agus an Ghrúpa Tionscail Gníomhachtaithe Tithíochta
Foilseofar miontuairiscí chruinnithe an Ghrúpa Seachadta Gníomhachtaithe Tithíochta agus an Ghrúpa Tionscail Gníomhachtaithe Tithíochta araon ar shuíomh ghréasáin na roinne laistigh de shé mhí ón gcomhaontú.
Beidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ina chathaoirleach ar an dá ghrúpa agus beidh na comhaltaí seo a leanas iontu.
Comhaltaí den Ghrúpa Seachadta Gníomhachtaithe Tithíochta
- An tArd-Rúnaí, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO)
- An tArd-Rúnaí, Roinn an Taoisigh
- An tArd-Rúnaí, an Roinn Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóiriúcháin Seirbhíse Poiblí agus Digitiúcháin
- An tArd-Rúnaí, an Roinn Iompair
- An tArd-Rúnaí, an Roinn Aeráide, Fuinnimh agus Comhshaoil
- An tArd-Rúnaí, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta
- POF Uisce Éireann,
- Stiúrthóir Bainistíochta Líonraí BSL,
- POF Bhonneagar Iompair Éireann (BIÉ)
- POF an Údaráis Náisiúnta Iompair (ÚNI)
- POF EirGrid
- POF na Gníomhaireachta Forbartha Talún (GFT)
- Cathaoirleach Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CBCC)
Comhaltaí den Ghrúpa Tionscail Gníomhachtaithe Tithíochta
- An tArd-Rúnaí, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (RTRÁO)
- Pat Farrell – POF Irish Institutional Property (IIP)
- Andrew Brownlee – POF Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta (CTF)
- Stephen McCarthy – Uachtarán Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta (CTF)
- Michal Prenty – Uachtarán Chumann Tógálaithe Tithe na hÉireann (CTTÉ)
- Conor O’Connell – Stiúrthóir ar sheirbhísí Tithíochta, Pleanála agus Forbartha Chónaidhm Thionscal na Foirgníochta (CTF)
- David Howard – Stiúrthóir ar Thionscal Maoine Éireann de chuid CGFÉ
- Aidan Sweeney – Ceann Bonneagair agus Inbhuanaitheachta Comhshaoil CGFÉ
- Ivan Gaine – Cathaoirleach Thionscal Maoine Éireann
D’fhógair an tAire mionsonraí faoin Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta ar an 29 Aibreán 2025.