Seolann an tAire Browne glaoch nua chun tógáil árasáin inár gcathracha a chur chun cinn
- Foilsithe: 11 Meitheamh 2025
- An t-eolas is déanaí: 8 Aibreán 2026
- breis agus 1,000 árasán d’úinéir lonnaitheach sínithe cheana féin le seachadadh
- éileamh ard ar árasáin chríochnaithe “vóta muiníne” ollmhór don scéim
- tá sé níos indéanta do thógálaithe beaga iarratas a dhéanamh de thoradh an ghlaoch is déanaí
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, inniu go bhfuil an chéad ghlaoch eile ar léirithe spéise faoin Scéim Chroí Cónaithe (Cathracha) á sheoladh.
Is ciste í an Scéim Chroí Cónaithe (Cathracha) chun tacú le hárasáin a thógáil le díol le húinéirí lonnaitheacha. Tá sé mar aidhm aige an bearna inmharthanachta reatha a laghdú idir an costas atá bainteach le hárasáin a thógáil agus praghas díola an mhargaidh i gcúig chathair, Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge a líonadh.
D’fhógair an tAire Browne é seo ag forbairt árasán ag Cúirt Áth na Coille i mBaile na Lobhar, Baile Átha Cliath 18. Is iad seo na chéad árasán a fuair tacaíocht ón scéim atá ar díol i mBaile Átha Cliath.
Cheana féin, síníodh conarthaí chun 1,083 árasán a sheachadadh agus cuireadh iarratais isteach ar 1,600 breise féideartha. Ní bheadh na hárasáin seo tógtha gan an fóirdheontas faoin Scéim Chroí Conaithe (Cathracha).
Dúirt an tAire Browne:
“Faoi láthair, tá na mílte cead pleanála le haghaidh árasán i gcathracha nár cuireadh i ngníomh mar gheall ar bhearna inmharthanachta idir an costas a bhaineann le hárasáin a sheachadadh agus an luach margaidh dóibh.
“Tugann an beart spriocdhírithe seo a thacaíonn le soláthar árasán nach mbeadh tógtha murach sin, deis do dhaoine teach a cheannach i gceann dár gcathracha bríomhara. Tá an rialtas seo ag iarraidh soláthar árasán úinéir lonnaitheach uirbeach a mhéadú agus rogha níos fearr a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a bheith ina n-úinéirí tí.
“Is ábhar misnigh é go bhfuil éileamh ard cheana féin ó cheannaitheoirí tí ar na hárasáin, agus tá na haonaid ag an bhforbairt seo agus ceann eile i gCorcaigh á ndíol go tapa. Is vóta muiníne ollmhór é seo don scéim.”
Go suntasach, tá sé níos indéanta anois d’fhorbróirí níos lú iarratas a dhéanamh ar an scéim mar gheall ar na hathruithe le déanaí, leis an tairseach incháilithe íosta laghdaithe d’aonaid ó 40 go 20.
Ag trácht ar seo dúirt an tAire Browne:
“Táim thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh sé níos indéanta do thógálaithe agus d’fhorbróirí ar scála níos lú leas a bhaint as an scéim faoin nglaoch is déanaí seo ar léirithe spéise. Mar sin, táim ag spreagadh gnólachtaí tógála de gach méid iarratas a dhéanamh ar an scéim agus páirt a ghlacadh i soláthar tithe ar ardchaighdeán inár lárionaid uirbeacha.”
Dúirt Martin Whelan, Príomhfheidhmeannach na Gníomhaireachta Tithíochta:
“Tá Scéim Chroí Cónaithe (Cathracha) ag obair go héifeachtach agus ag dul i méid go mór chun tithe nua a bhfuil géarghá leo a sholáthar do cheannaitheoirí céaduaire agus d’úinéirí lonnaitheacha eile. Tá sé ag cur le soláthar tithíochta trí raon forbairtí árasán a mhaoiniú nach bhféadfaí a thógáil murach sin.
“Tríd an bhearna inmharthanachta a líonadh, tá deiseanna á gcur ar fáil ag an Scéim do dhaoine aonair agus do theaghlaigh teach a cheannach sa chathair ar mian leo cónaí inti, gar don áit ina n-oibríonn siad agus gar do na háiseanna a theastaíonn uathu. Tá an Scéim go maith d’úinéirí lonnaitheacha agus go maith do na cathracha ar mian leo maireachtáil iontu.
“Tá go leor de na gnólachtaí tógála is suntasaí in Éirinn ag baint úsáide as an tsolúbthacht a chuireann an Scéim ar fáil cheana féin chun cur go mór lena n-aschur tithíochta agus ba mhaith linn go mbeadh níos mó forbróirí páirteach leo i mbliana.”
Nótaí
Tá an Scéim Chroí Cónaithe (Cathracha) bainistithe agus riartha ag an nGníomhaireacht Tithíochta ar son na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
Tacaíonn an scéim le tógáil árasán le díol le húinéirí lonnaitheacha i gcúig chathair - Baile Átha Cliath, Corcaigh, Luimneach, Gaillimh agus Port Láirge.
Tá forbairt árasán costasach, go háirithe i gceantair uirbeacha. Tá eilimintí struchtúracha níos mó ag árasáin, mar atá ardaitheoirí nó páirceáil faoi thalamh, a chiallaíonn go bhfuil an tógáil níos costasaí ná mar atá le tithe. Chomh maith leis sin, ní féidir árasáin a dhíol ná a ligeann ar cíos ach amháin nuair a bheidh an t-ionad ar fad críochnaithe, murab ionann agus in eastáit tithíochta ar féidir iad a thógáil agus a dhíol i gcéimeanna. Déanann na gnéithe sin níos deacra é árasáin a thógáil ar chostas níos ísle ná praghas díola margaidh, agus tarlaíonn bearna inmharthanachta mar thoradh orthu.