Déanann an tAire Browne comóradh ar rath an tionscnaimh Tithíocht Tacaíochta don Óige (TTÓ) a thacaíonn le haosaigh óga teacht as an easpa dídine
- Foilsithe: 5 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Nollaig 2025
Rinne an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, comóradh inniu ar rath an tionscnaimh Tithíocht Tacaíochta don Óige (TTÓ), agus béim á leagan aige ar a ról maidir le cabhrú le haosaigh óga atá gan dídean lóistín éigeandála a fhágáil agus a saol a atógáil.
Is tionscnamh píolótach é tionscadal TTÓ faoi Straitéis na hÉireann do Dhaoine Óga gan Dídean 2023-2025, atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha daoine óga idir 18 agus 24 bliain d’aois atá gan dídean. Faigheann rannpháirtithe tacaíochtaí saincheaptha chun a dtionóntacht a choinneáil agus rochtain ar oideachas, oiliúint nó fostaíocht. Tá teorainn ama leis an gclár, agus is é is aidhm dó maireachtáil neamhspleách i lóistín fadtéarmach a chumasú.
Le linn na hócáide lenar comóradh an chéad bhliain de chlár TTÓ, chomhroinn beirt úsáideoirí na seirbhíse cuntais phearsanta ar an difríocht a rinneadh dá saol leis an tionscnamh seo, agus béim á leagan acu ar a luach maidir le cabhrú le daoine óga leochaileacha todhchaí chobhsaí neamhspleách a fhorbairt.
Ag labhairt dó ag an ócáid i mBaile Átha Cliath, dúirt an tAire Browne:
“Bhí mé an-tógtha le fianaise daoine óga a fhaigheann tacaíocht faoi láthair trí thionscnamh TTÓ, agus an tionchar mór atá aige ar a saol. Leagtar béim lena n-eispéireas ar a thábhachtaí atá tacaíochtaí tithíochta spriocdhírithe duinelárnacha.
“Is tosaíocht mhór domsa agus don Rialtas fós í an easpa dídine, agus is cuid amháin dár bhfreagairt níos leithne í an Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean. Aithnímid gur grúpa ar leith iad aosaigh óga a bhfuil a réitigh tithíochta éagsúla féin ag teastáil uathu.
“Sin é an fáth gur fhaomh mo roinn le déanaí maoiniú caipitil breise chun an chéad chéim eile den chlár a chur i bhfeidhm chun tacú le tuilleadh daoine óga cosúil leo siúd a chuala muid uathu inniu.”
D’fhorbair an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an tionscadal píolótach TTÓ i gcomhpháirtíocht leis an bhFeidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Dídine Réigiún Bhaile Átha Cliath. Tá an Fheidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Dídine Réigiún Bhaile Átha Cliath ag bainistiú chur i bhfeidhm an tionscadail phíolótaigh, agus tá Clúid Housing ag soláthar lóistín agus Focus Ireland ag soláthar na dtacaíochtaí uileghabhálacha.
Dúirt Ardmhéara Bhaile Átha Cliath, an Comhairleoir Ray McAdam:
“Is tionscnamh rathúil é Tithíocht Tacaíochta don Óige agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na hiarrachtaí comhoibríocha a mhúnlaigh an tionscadal píolótach seo; mo bhuíochas leis an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, na ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath agus an Fheidhmeannacht um Dhaoine ar Easpa Dídine Réigiún Bhaile Átha Cliath, Clúid Housing as na haonaid tithíochta a sholáthar agus Focus Ireland as na tacaíochtaí a sholáthar.”
Dúirt Niall Ó Ceallacháin, Príomhoifigeach Oibriúcháin ag Clúid:
“Trí thionscadal TTÓ, tá Clúid in ann páirt a ghlacadh i réimse na tithíochta óige ar bhealach iarbhír praiticiúil. Tá tithe iontacha i bpobail rathúla á soláthar ag Clúid le 30 bliain anuas, agus taithí fhairsing forbartha againn i seachadadh tithíochta agus i mbainistíocht tionóntachta.
“Trí chomhpháirtíocht le Focus Ireland, táimid ag cinntiú ní hamháin go bhfuil díon os a gcionn ag daoine óga, ach gur bunchloch é sin chun tógáil air. Is léir ó aiseolas na ndaoine óga go bhfuil TTÓ ag déanamh níos mó ná tithíocht a sholáthar amháin. Tá sé ag cothú muiníne agus deise. I gcomhar leis an roinn, na húdaráis áitiúla agus ár gcomhpháirtithe ag Focus, táimid ag tógáil níos mó ná tithe. Táimid ag tógáil todhchaí in áiteanna iontacha le bheith i do chónaí.”
Dúirt POF Focus Ireland, Pat Dennigan:
“Táim bródúil as an méid atá bainte amach againn tríd an tionscadal píolótach TTÓ. Léirítear leis an tionscnamh seo cad is féidir a dhéanamh nuair a thagann beartas, comhpháirtíocht agus cuspóir le chéile. Bhí ceannaireacht na roinne tríd an Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean ríthábhachtach chun TTÓ a thabhairt chun críche. De réir mar a thagann deireadh leis an Straitéis, táimid ag tnúth le torthaí na meastóireachta agus tá súil againn go leanfaimid de bheith ag obair go dlúth leis an roinn chun a chinntiú go ndéanfar TTÓ a phríomhshruthú mar fhreagairt náisiúnta ríthábhachtach ar easpa dídine óige.”
Tá meastóireacht neamhspleách ar an tionscadal píolótach ar siúl faoi láthair agus críochnófar é i lár 2026. Leis an meastóireacht sin, cuirfear eolas ar fáil maidir le TTÓ a chur i bhfeidhm ar fud na tíre.
Scéal Kirsty
“Cuireann m’oibrí bunriachtanach tacaíochtaí iontacha ar fáil amhail cúnamh fostaíochta agus moladh a dhéanamh ar mo shon.
“Is árasán álainn simplí aon seomra leapa é mo lóistín TTÓ. Tá sé an-chompordach agus tá troscán iontach ann. Tá an suíomh foirfe. Tá dea-bhail ar an árasán. Táim in árasán ina bhfuil seomra leapa amháin agus tá sé ag dul go hiontach, tá neart spáis agam.
“Bhí mo shaol roimh TTÓ ceart go leor, ach ní raibh mórán ratha orm le tithíocht agus bhí mé i mo chónaí i mbrú. Tá mo shaol tar éis TTÓ ag dul go hiontach: táim ar tí lóistín buan a fháil go luath agus tá lóistín sealadach agam freisin faoi láthair, agus mé ag fanacht leis an árasán buan nua sin a fháil.
“Le bheith ionraic, ní athróinn aon rud faoi TTÓ. Shíl mé gur sheirbhís iontach iad agus go ndearna siad obair den scoth ag abhcóideacht. Tá áthas orm go bhfuair mé an deis nascadh le TTÓ… Tugaim 5 réalta dó.”
Nótaí
Foilsíodh Straitéis do Dhaoine Óga gan Dídean i mí na Samhna 2022, straitéis arb é is aidhm di cabhrú le daoine óga idir 18-24 bliain d’aois atá gan dídean nó atá i mbaol a bheith gan dídean. Leagtar amach ann 27 príomhghníomh chun cosc a chur le heaspa dídine óige; eispéiris na ndaoine óga a fhaigheann lóistín éigeandála a fheabhsú; agus cúnamh a thabhairt do dhaoine óga easpa dídine a fhágáil.
Is é ceann de na príomhghníomhartha sa Straitéis tionscnamh píolótach a fhorbairt d’idirghabháil atá á threorú ag an tithíocht do dhaoine óga, Tithíocht Tacaíochta don Óige (TTÓ). Is é is aidhm don tionscadal píolótach 25 duine óg a bhogadh ó lóistín éigeandála do dhaoine gan dídean i mBaile Átha Cliath isteach ina lóistín féin agus tacaíochtaí uileghabhálacha acu. Cuireadh tús leis an tionscadal píolótach in 2024 agus críochnóidh sé in 2026.