Plean Infheistíochta Earnála um Thithíocht Foilsithe ag an Aire Browne mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN)
- Foilsithe: 9 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Bealtaine 2026
D’fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta James Browne Plean Infheistíochta Earnála um Thithíocht de chuid an Phlean Forbartha Náisiúnta Inniu.
Beidh an Plean Earnála seo ina chuid ríthábhachtach de chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta tithíochta nua Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030, agus is é an infheistíocht chaipitil is mó riamh i dtithíocht agus i mbonneagar ríthábhachtach mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta.
Chun tacú leis an bPlean Gníomhaíochta Tithíochta nua, leithdháileadh beagnach €25 billiún i maoiniú ón bPlean Forbartha Náisiúnta (PFN) ar Chláir Chaipitil Thithíochta thar shaolré an PFN, rud a fhorlíonfar le hinfheistíocht tríd an nGníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) agus le hiasachtú tríd an nGníomhaireacht Airgeadais do Thithe (GAT).
Leag an tAire Browne béim ar an méid seo a leanas:
“Táimid i mbun géarchéime tithíochta, agus is é an freagra atá againn ná níos mó maoiniú ná riamh a chur ar fáil don tithíocht.
“Tá sé mar thosaíocht ag an rialtas seo dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ar siúl maidir le tithíocht agus easpa dídine, agus is léiriú air sin an maoiniú a leithdháiltear mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta seo. Ligfidh sé seo dúinn seachadadh tithíochta sóisialta agus inacmhainne a uasmhéadú chuig leibhéil nach bhfacthas riamh sa stát seo.
“Ba cheart féachaint ar an maoiniú sin i gcomhthéacs na hinfheistíochta €12.2 billiún - an méid is mó riamh - a rinneadh in earnáil an uisce freisin. Socraíodh é sin mar chuid dár bplean earnála don uisce mar chuid den PFN. Tacóidh an maoiniú sin le réimse leathan tionscadal i gcathracha agus i réigiúin chun an toilleadh seirbhísí uisce atá riachtanach a chur ar fáil lenár spriocanna tithíochta nua a bhaint amach.”
Le linn an Phlean Forbartha Náisiúnta ar fad, leithdháileadh €1 billiún chun tacú leis an Oifig um Ghníomhachtú Tithíochta (OGT) agus le bonneagar tithíochta.
Tá bunú na hOifige um Ghníomhachtú Tithíochta mar phríomhchlár ag an Rialtas, agus é ríthábhachtach chun moill ar bhonneagar a laghdú agus, ar an mbealach sin, dlús a chur le tógáil tithe.
Leithdháileadh beagnach €20 billiún ar Chláir Seachadta Tithíochta Sóisialta agus Inacmhainne thar shaolré an Phlean Forbartha Náisiúnta, chun dul i ngleic le neamhionannas tithíochta do theaghlaigh ar ioncam íseal.
Féachann an Plean le méadú suntasach a dhéanamh ar sheachadadh tithe sóisialta nuathógtha sna blianta amach romhainn, ag méadú ó thart ar 8,000 teach ar an meán in aghaidh na bliana faoi láthair go dtí 12,000 ar an meán in aghaidh na bliana idir 2025 agus 2030.
Beidh infheistíocht chaipitil i dtithíocht shóisialta dírithe ar thógáil nua – tacóidh an maoiniú le seachadadh 10,200 teach sóisialta nuathógtha in 2026, agus cuirfear leis an méid sin ina dhiaidh sin chun an meán de 12,000 a bhaint amach.
Cuirfidh an leithdháileadh pacáiste de thart ar 15,000 tacaíocht inacmhainneachta ar fáil freisin - leis an sprioc cabhrú le daoine chun bheith ina n-úinéirí tí nó teach a fháil ar cíos.
Ina theannta sin, tá €4.2 billiún leithdháilte do chláir a chuireann tacaíocht ríthábhachtach ar fáil i dtaca le riachtanais tithíochta ar fud na tíre. Tá béim shuntasach curtha ar shaol agus folláine iad siúd a chónaíonn inár sráidbhailte, inár mbailte agus inár gcathracha atá ann cheana féin a fheabhsú, ag dul i ngleic le dúshláin amhail meath daonra agus marbhántacht eacnamaíoch.
Dúirt an tAire Browne:
“Chun ár bplean gníomhaíochta tithíochta nua a sheachadadh, tá gá le comhpháirtíocht láidir agus spriocdhírithe. Mar a fheictear sa phlean earnála seo, tá an Stát ag réiteach an bhealaigh, le hinfheistíocht níos airde ná riamh chun cur leis an sprioc láidir atá inár bplean gníomhaíochta. Ach braitheann rath an phlean ar chomhoibriú le daoine eile — údaráis áitiúla, an Ghníomhaireacht Forbartha Talún, Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta, an earnáil phríobháideach agus pobail.
“Tá an t-airgead á chur ar fáil chun ár spriocanna a bhaint amach ach tá toilteanas agus fócas ag teastáil freisin. Oibreoimid le gach duine chun ár sprioc uaillmhianach de 300,000 teach nua ar a laghad a bhaint amach faoin mbliain 2030 agus, nuair is gá, beimid i dteagmháil leis na comhlachtaí sin nuair a mheasaimid nach bhfuil an seachadadh á dhéanamh ag an luas agus ar an scála is cóir. Rachaidh mé i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta gan stad gan staonadh.”
Is féidir cóip de Phlean Earnála um Thithíocht de chuid an Phlean Forbartha Náisiúnta a fháil anseo:
Plean Earnála um Thithíocht de chuid an Phlean Forbartha Náisiúnta (PFN)