Tá fáilte curtha ag an Aire Browne roimh mhéadú 35% ar líon na dtithe a críochnaíodh sa dara ceathrú de 2025

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá fáilte curtha ag an Aire Browne roimh mhéadú 35% ar líon na dtithe a críochnaíodh sa dara ceathrú de 2025

Chuir an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, fáilte roimh an méadú ar líon na dtithe a críochnaíodh mar a léirítear i bhfoilsiú na Tuarascála ar Chríochnuithe Áitribh Nua do C2 2025 ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu.

Léirítear sa tuarascáil go gcríochnaíodh 9,214 áitreabh nua i míonna Aibreáin, na Bealtaine agus an Mheithimh (C2) 2025, arb ionann é sin agus ardú 35% ar na trí mhí chéanna in 2024. Is í seo an dara ceathrú as a chéile inar tuairiscíodh méadú ar chríochnuithe.

Ag labhairt dó faoi na figiúirí, leag an tAire Browne béim ar an méid seo a leanas:

“Tá soláthar lárnach chun dul i ngleic leis na príomhdhúshláin go léir sa tithíocht agus mar sin tá fáilte roimh na figiúirí a foilsíodh inniu agus rachaidh siad go mór chun sochair do na teaghlaigh agus do na daoine aonair a mbeidh cónaí orthu sna tithe seo

“Mar sin féin tá an rialtas seo fós tiomanta dá spriocanna uaillmhianacha tithíochta a bhaint amach agus tá rún agam dlús a chur le luas seachadta chun dul chun cinn níos suntasaí fós a chinntiú sa tréimhse atá le teacht.

“Níl aon réiteach amháin ar ár ndúshláin tithíochta, tá cur chuige ilghnéitheach ag teastáil. Is é sin an fáth ar chuir an rialtas seo athchóirithe pleanála chun feidhme chun síneadh ama a chur le ceadanna le haghaidh forbairtí atá ag druidim le deireadh a dtréimhse ama, ar thug sé bearta spriocdhírithe isteach chun soláthar tithe ar cíos a mhéadú agus infheistíocht san earnáil cíosa a mhealladh agus ar chuir sé tacaíochtaí nua i bhfeidhm chun cabhrú le ceannaitheoirí tí ionchasacha agus le cíosaithe.”

I measc buaicphointí eile i sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh inniu tá an méid seo a leanas:

  • críochnaíodh 9,214 áitreabh nua i míonna Aibreáin, na Bealtaine agus an Mheithimh (C2) 2025, arb ionann é sin agus ardú 35% ar na trí mhí chéanna in 2024
  • críochnaíodh 3,053 árasán in C2 2025, rud a bhí dhá oiread níos mó ná líon na n-árasán a críochnaíodh in C2 2024
  • críochnaíoh 4,643 áitreabh scéime in C2 2025, méadú 17% ó C2 2024
  • ba é 1,518 líon na n-áitreabh aonair a críochnaíodh in C2 2025, méadú 13% ó C2 2024
  • b’áitribh scéime iad níos mó ná leath de na críochnuithe (50%), b’árasáin iad 33%, agus b’áitribh aonair iad 17%
  • tháinig méadú ar chríochnuithe ó C2 2024 go C2 2025 i sé cinn de na hocht réigiún in Éirinn, lena n-áirítear ardú 85% i mBaile Átha Cliath go 3,822 críochnú

Aimsigh tuarascáil iomlán na Príomh-Oifige Staidrimh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat