Cúis áthais don Aire Browne gur cuireadh obair i gcrích ar bhreis is 36,200 teach nua in 2025
- Foilsithe: 29 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2026
Tuairiscíodh an líon bliantúil is airde tithe críochnaithe ó cuireadh tús le sonraí POS a thiomsú
Méadú 20% ar thithe nua i gcomparáid leis an mbliain seo caite
Méadú de bheagnach 40% ar líon na n-árasán
Chuir an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, fáilte roimh an méadú ar líon na dtithe a críochnaíodh mar a léirítear i bhfoilsiú na Tuarascála ar Chríochnuithe Áitribh Nua do R4 2025 ag an bPríomh-Oifig Staidrimh inniu.
De réir na tuarascála, cuireadh obair i gcrích ar 36,284 áit chónaithe nua ar an iomlán in 2025, sin méadú 20.4% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Is é seo an líon is airde tithe críochnaithe a taifeadadh in aon bhliain ar leith ó thosaigh POS leis na sonraí seo a thaifeadadh in 2011.
Le cúig bliana anuas, tá 148,995 teach nua curtha ar fáil. I gcomparáid leis sin, cuireadh 83,267 teach ar fáil sa tréimhse cúig bliana roimhe sin (2016-2020) agus níor cuireadh ach 29,217 teach ar fáil sa tréimhse cúig bliana roimhe sin arís (2011-2015).
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Browne maidir le figiúirí an lae inniu ann agus maidir leis an dlús atá faoin obair:
“Cúis dóchais iad figiúirí an lae inniu agus fianaise shoiléir go bhfuil an soláthar ag méadú – agus is fianaise ar an méid sin é an bhreis is 232,250 teach atá curtha ar fáil le deich mbliana anuas. Go deimhin, tá obair curtha i gcrích ar níos mó ná 161,300 teach nua ó mhí Iúil 2020.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin:
“Is príomhtháscaire tábhachtach amháin i gcomhthéacs dul chun cinn é líon na n-árasán nua atá á gcur ar fáil. Is údar misnigh é, i ndiaidh laghdú suntasach ar líon na n-árasán a cuireadh ar fáil in 2024, gur fianaise iad figiúirí an lae inniu ar mhéadú 38.7% ar líon na n-árasán a cuireadh ar fáil in 2025 i gcomparáid le 2024 tráth ar cuireadh obair i gcrích ar bhreis is 12,000 árasán. Is é seo an líon is airde árasán atá curtha i gcrích ó thosaigh POS le tiomsú na sonraí sin in 2011.
“Tugadh táscaire dearfach eile faoi deara níos túisce sa tseachtain sna sonraí íostarraingthe morgáiste is déanaí ó Chónaidhm Bhaincéireachta agus Íocaíochtaí na hÉireann inar léiríodh fás seasta ar ghníomhaíocht in 2025, agus bhí líon na n-íostarraingtí suas beagnach 8% bliain ar bhliain. Is féidir le ceannaitheoirí céaduaire leanúint ar aghaidh le dlús a chur leis an margadh morgáiste. Ba iad ceannaitheoirí céaduaire a bhí freagrach as 60% de na híostarraingtí morgáiste in 2025. Go deimhin, in 2025, b’ionann an 27,652 morgáiste ceannaitheora céaduaire agus an líon is airde íostarraingtí ó 2008.
“Tá neart fianaise ann go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn ach nílimid réchúiseach faoi. Tá Plean Gníomhaíochta Tithíochta nua forbartha againn, ‘Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil’. Tá níos mó maoinithe stáit ar fáil anois ná mar a bhí riamh roimhe seo. Tá an mhuinín atá againn san earnáil phríobháideach á méadú. Tá mé chun gach rud is gá a dhéanamh chun cur leis an obair seo agus chun a chinntiú go ndéanfar níos mó dul chun cinn fós sna míonna agus sna blianta amach romhainn.”
I measc buaicphointí eile i sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh inniu tá an méid seo a leanas:
- In 2025 cuireadh 12,047 árasán i gcrích, sin méadú 38.7% i gcomparáid le 2024.
- Cuireadh 18,308 áit cónaithe scéime i gcrích in 2025, sin méadú 13.1% i gcomparáid le 2024.
- Cuireadh 5,929 áit chónaithe aonair i gcrích in 2025, sin méadú 12.5% i gcomparáid le 2024.
- In 2025, áiteanna cónaithe scéime a bhí i gceist le 50.5% de na háiteanna cónaithe a cuireadh i gcrích, árasáin ba ea 33.2% agus áiteanna cónaithe aonair ba ea 16.3%.
- Bhí níos mó ná leath (57.6%) de na háiteanna cónaithe críochnaithe do bhliain iomlán 2025 i mBaile Átha Cliath nó i Réigiún an Lár-Oirthir (Cill Dara, Lú, an Mhí agus Cill Mhantáin).
- Bunaithe ar an Toghlimistéar Áitiúil, cuireadh an líon is mó áiteanna cónaithe i gcrích i gCluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath in 2025 (1,399).
- I Ráithe 4 (R4) 2025, cuireadh 11,994 áit chónaithe nua i gcrích, 38.5% níos airde ná R4 2024.
Nasc chuig Tuarascáil POS: https://www.cso.ie/en/releasesandpublications/ep/p-ndc/newdwellingcompletionsq42025/