Fáiltíonn an tAire Browne roimh an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le Tionscadal Athghiniúna Eastát Theach an Charnáin
- Foilsithe: 4 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Nollaig 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, roimh an bhfógra ar maidin go ndeachaigh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (CCBÁC) agus an Ghníomhaireacht Forbartha Talún (GFT) i gcomhpháirtíocht chun Céimeanna 2 agus 3 de Thionscadal Athghiniúna Eastát Theach an Charnáin a fhorbairt – tionscadal mór tógála cónaithe i gcroílár Chathair Bhaile Átha Cliath.
Le Céim 2 agus Céim 3, déanfar breis is 600 teach sóisialta agus inacmhainne a sheachadadh agus críochnófar Tionscadal Athghiniúna Eastát Theach an Charnáin leo, lena gcuirfear árasáin agus tithe nua ardcháilíochta fuinneamhéifeachtúla in ionad tithe atá ann cheana féin do na cónaitheoirí atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo.
Tógadh Eastát Theach an Charnáin sna 1950idí agus is é an coimpléasc árasán is mó i mBaile Átha Cliath é. Leis an tionscadal athghiniúna, rinneadh teagmháil fhairsing le cónaitheoirí agus páirtithe leasmhara áitiúla agus é mar aidhm dó an pobal a athfhorbairt agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail droch-choinníollacha maireachtála agus iompar frithshóisialta a deir muintir na háite atá tagtha chun cinn le blianta anuas.
Dúirt an tAire Browne:
“Cuirim fáilte mhór roimh fhógra an lae inniu ó Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus an Ghníomhaireacht Forbartha Talún ina ndeimhnítear a gcomhaontú dul i gcomhpháirtíocht chun an tionscadal athghiniúna ríthábhachtach seo i gcroílár ár bpríomhchathrach a chur chun cinn. Aistear fada a bhí ann, ach trí rannpháirtíocht fhairsing le cónaitheoirí agus páirtithe leasmhara áitiúla, is féidir linn breathnú le chéile anois i dtreo todhchaí níos fearr don phobal bródúil seo.
“Tá áthas ar mo roinn a dheimhniú go bhfuil an tionscadal faofa i bprionsabal agus go bhféadfaidh sé dul ar aghaidh anois go dtí céim an deartha agus na pleanála mionsonraithe. Tá a fhios agam gur oibrigh CCBÁC agus an GFT go maith le chéile ar roinnt tionscadal san am atá caite agus gan amhras cuirfidh siad a dtaithí agus a saineolas i bhfeidhm ar an tionscadal seo freisin.
“Tógadh Eastát Theach an Charnáin sna 1950idí tráth a bhí tionscadail tithíochta poiblí á dtriail ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin, ach tá go leor athraithe ó shin. Cé gur tugadh moladh mór do scála agus uaillmhian na dtionscadal sin le linn na ré áirithe sin, tá sé tábhachtach go bhfoghlaimímid ó bhotúin an ama atá caite agus go ndéanaimid ár ndícheall a bheith ar thús cadhnaíochta i dtéarmaí na dtithe agus na bpobal a thógaimid inniu. Le Tionscadal Athghiniúna Eastát Theach an Charnáin, cuirfear árasáin agus tithe nua fuinneamhéifeachtúla, mar aon leis na háiseanna uile is gá in aice láimhe, in ionad tithe atá ann cheana féin, chun pobal bríomhar a sholáthar do chónaitheoirí atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo.”