English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an Tuarascáil is déanaí ar Dhul Chun Cinn maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Thithe Folmha foilsithe ag an Aire Tithíochta

  • Tá an Tuarascáil is déanaí ar Dhul Chun Cinn maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Thithe Folmha foilsithe ag an Aire Tithíochta
  • léirítear sa tuarascáil dul chun cinn suntasach maidir leis an líon tithe folmha agus tithe tréigthe a laghdú, agus tá leibhéil náisiúnta tithe folmha ag laghdú mar thoradh air sin
  • 7,700 iarratas ar an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh a formheasadh agus breis agus 1,400 deontas a íocadh roimhe seo **
  • breis agus 1,200 réadmhaoin a formheasadh le haghaidh Maoiniú Athghiniúna agus Forbartha Uirbí
  • breis agus 1,100 fógra a fuarthas le haghaidh díolúintí pleanála chun tithe a dhéanamh d’áitribh fholmha
  • 52 baile ‘Lár Bailte ar dTús’ ar fud na tíre agus 72 foireann baile nua sa bhreis á mbunú anois

Thug an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, faisnéis don Chomh-Aireacht inniu ar an Tuarascáil is déanaí ar Dhul Chun Cinn maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Thithe Folmha. Cuirtear béim sa tuarascáil ar na príomhbhearta a rinneadh agus ar an tionchar atá acu maidir leis na mílte réadmhaoin a chur in úsáid arís mar thithe go héifeachtach. Go deimhin, maidir leis an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh, formheasadh 7,700 iarratas agus íocadh amach breis agus 1,400 deontas roimhe seo, de réir mar a chríochnaítear oibreacha athchóirithe.

Dúirt an tAire Browne:

“Tá sé mar phríomhchuspóir ag an rialtas aghaidh a thabhairt ar thithe folmha agus úsáid an stoic reatha tithíochta a uasmhéadú. Ní hamháin go soláthraítear tithíocht a bhfuil géarghá léi le hathúsáid agus le hathghiniúint na réadmhaoine folmha agus tréigthe i gcathracha, bailte, sráidbhailte agus ceantair thuaithe, ach aistrítear pobail ó bhonn agus athbheoitear iad.

>“Lenár straitéis chuimsitheach, a bhaineann leas as go leor dreasachtaí agus deiseanna maoinithe, cuireadh na mílte réadmhaoin a bhí folamh roimhe sin in úsáid arís go rathúil mar thithe daoine. Tá laghdú ar leibhéil tithe folmha ar fud na tíre mar thoradh air sin agus is é an ráta náisiúnta tithe folmha is déanaí ón Logeolaire 3.8%, arb é an ráta is ísle a taifeadadh ó 2013 i leith .”

Seo roinnt den dul chun cinn a leagtar amach sa tuarascáil:

Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh: Breis agus 11,300 iarratas chuig údaráis áitiúla ó tugadh isteach é, 7,700 iarratas a formheasadh agus breis agus 1,400 deontas a íocadh amach mar oibreacha athchóirithe curtha i gcrích.

Glao 3 den Chiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí:

Tá an ciste €150 milliún seo d’údaráis áitiúla ionas gur féidir leo foirgnimh chónaithe agus foirgnimh thráchtála atá folmha agus tréigthe le fada a fháil. Tá 1,200 réadmhaoin formheasta agus curtha le cláir údarás áitiúil anois agus táthar ag súil go mbeidh timpeall 4,800 aonad cónaithe faoi 2030.

Tá áitribh thráchtála fholmha áirithe díolmhaithe i rialacháin phleanála, lena n-áirítear spásanna de chineál ‘os cionn an tsiopa’, ón gceanglas cead pleanála a fháil chun críocha cónaithe a athrú. Faoi dheireadh 2023, bhí breis agus 1,100 fógra faighte ó fhorbróirí, rud a bhféadfadh timpeall 2,700 teach nua a sholáthrófaí a bheith mar thoradh air sin.

Leis an Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe agus leis an gClár Infheistíochta um Thithíocht Shóisialta maoinítear tiontú thithe folmha le haghaidh úsáid mar thithíocht shóisialta. Go dtí R3 2024, forbraíodh breis agus 100 teach sóisialta nua trí na tionscnaimh sin.

Tá beartas Lár Bailte ar dTús, ar pacáiste €4.5 milliún de bhearta é chun tacú le pleananna baile, á chur chun feidhme. Tá 52 baile ‘Lár Bailte ar dTús’ ar fud na tíre anois agus tá 72 foireann baile nua sa bhreis á mbunú. Príomhghné de phleananna baile is ea dul i ngleic le tithe folmha agus tréigthe.

** Athchóiriú ar thithe traidisiúnta folmha agus ar thithe feirme traidisiúnta: ** Soláthraítear deontas le haghaidh comhairle caomhnaithe chun tacú le hathchóiriú ar thithe traidisiúnta folmha agus ar thithe feirme traidisiúnta.

Leis an gClár Gníomhachtaithe um Ordú Ceannaigh Éigeantaigh leantar de bheith ag spreagadh údarás áitiúil agus de bheith ag tacú leo chun cur chuige réamhghníomhach agus córasach a ghlacadh chun réadmhaoine folmha agus tréigthe a shainaithint agus dul i dteagmháil le húinéirí ionas gur féidir na réadmhaoine sin a chur in úsáid arís mar thithe.

Méadaíodh an Cháin ar Thithe Folmha ó chúig go seacht oiread mhéid an dliteanais Bunchánach Maoine Áitiúil ar réadmhaoin, rud a sholáthraíonn díspreagadh níos láidre teach a fhágáil mar theach folamh .

Dúirt an tAire Browne:

“Tá torthaí suntasacha ann cheana féin de bharr an ghnímh go dtí seo a rinneadh agus tá fuinneamh forbartha aige ar féidir linn cur leis. Táimid meáite ar leanúint leis an dul chun cinn sin agus ar úsáid an stoic fholaimh a uasmhéadú chun tairbhí a sholáthar a athróidh saol daoine aonair agus teaghlach chomh maith le beocht nua a chur inár gcathracha, ár mbailte, ár sráidbhailte agus ár gceantair thuaithe.”

Vacant Homes Action Plan Progress Report.

An Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um Thithe Folmha

Ar deireadh, chuir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta físeán nua amach inniu lena dtugtar léargas ar an tionchar follasach atá ag dreasachtaí agus maoiniú an phlean gníomhaíochta. Tá scéal ann faoi athchóiriú tí a bhí as úsáid roimhe sin i Sligeach, teach a cuireadh in úsáid arís agus a ndearnadh teach nua-aimseartha, compordach de: