Molann an tAire Ó Súilleabháin úinéirí talún agus méadú 20% taifeadta ar dhúichí an Traonaigh
- Foilsithe: 12 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Meán Fómhair 2025
- Taifeadadh 281 dúiche thraonaigh in 2024 – méadú 20% ar an mbliain seo caite
- Taifeadadh an líon is airde de dhúichí traonaigh le 25 bliain anuas, méadú de 70% ar 2018
- Tá rannpháirtíocht an phobail feirmeoireachta ríthábhachtach don rathúlacht; tá 250 feirmeoir agus úinéir talún ag bainistiú beagnach 1500 heicteár de thailte don traonach sa lá atá inniu ann
- In ainneoin méaduithe, tá na héin fós leochaileach agus i mbaol.
Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit don Dúlra, Oidhreacht agus Bithéagsúlacht, Críostóir Ó Súilleabháin TD, inniu roimh shonraí nua a léiríonn go bhfuil ag éirí go han-mhaith le hiarrachtaí chun líon na dtraonach a mhéadú in iarthar agus i dtuaisceart na hÉireann.
Léiríodh i suirbhé ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra in 2025 go bhfuil méadú 48 éan tagtha ar phobal náisiúnta na dtraonach, méadú 20% ar fhigiúirí 2024. Ina theannta sin, tá méadú 70% tagtha ar an líon dúichí traonaigh a taifeadadh i bpríomhlimistéir phórúcháin Dhún na nGall, Mhaigh Eo agus na Gaillimhe i gcomparáid le figiúirí bonnlíne 2018. Tá beagnach 1,500 heicteár talún á mbainistiú anois ag 250 feirmeoir agus úinéir talún chun an traonach a chaomhnú.
Ag freagairt do thorthaí an tsuirbhé, dúirt an tAire Ó Súilleabháin:
“Is speiceas éan íocónach é an Traonach a bhfuil naisc dhoimhne aige lenár gceantair thuaithe agus lenár bpobail feirmeoireachta. Is iontach na torthaí suntasacha sin a fheiceáil, ar toradh díreach iad ar an gcomhoibriú dearfach idir feirmeoirí, úinéirí talún agus tionscadail chaomhnaithe an traonaigh faoi stiúir an SPNF. Is scéal ratha dochreidte é tionscadal LIFE an Traonaigh, agus is sampla é de na rudaí is féidir a bhaint amach i réimse caomhnaithe dúlra na talún feirme. Tá an SPNF tiomanta do thodhchaí na hoibre sin mar is eiseamláir í do chaomhnú dúlra atá dírithe ar an bpobal.”
“Mar is léir ón tionscadal seo, tá an SPNF tiomanta do bheith ag obair i gcomhpháirtíocht le húinéirí talún ar fud ár líonra limistéar cosanta chun seasamh lena fhocal do dhaoine agus don dúlra araon.”
Is éin talún feirme chúthaile agus rúnda iad traonaigh. Tá a nglao sainiúil le cloisteáil i gcodanna áirithe de chóstaí thuaidh agus thiar na hÉireann, ach bhíodh sé le cloisteáil go forleathan ar fud na tuaithe tráth. Tá an traonach ar an liosta dearg mar speiceas atá faoi Imní Chaomhnaithe in Éirinn agus laghdú nach beag tagtha ar a phobal agus ar a raon in Éirinn agus i dtíortha Eorpacha eile. Ó 2021 i leith, tá tionscadal LIFE an Traonaigh, atá maoinithe ag an AE agus atá faoi stiúir na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) ag obair ar roinnt beart chun meath an traonaigh a chosc. Bailíonn an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra sonraí faoin bpobal traonach ar bhonn bliantúil.
Baineann bearta caomhnaithe an traonaigh le pleanáil réamhghníomhach le feirmeoirí sna limistéir phórúcháin, ar an gcósta thuaidh agus thiar go príomha, agus le bearta frithghníomhacha ina gcuireann éin fúthu i láithreacha nua. Léiríonn sonraí ón tionscadal roinnt beart atá éifeachtach chun gnáthóg na n-éan a fheabhsú. Mar shampla, má chruthaítear paistí móra neantóg nó barr dóibh le dul i bhfolach iontu agus má chuirtear moill ar bhearradh féir go lár mhí Lúnasa, is féidir leo ál éan óg a thógáil go sábháilte. Léiríonn staidéir gur féidir básmhaireacht na n-éan óg a laghdú suas le 60% má bhaintear páirceanna ón ‘lár amach’ seachas ón ‘taobh amuigh isteach’.
Tá conraitheoirí talmhaíochta ríthábhachtach mar go bhfuil na scileanna agus an t-eolas acu chun a chinntiú nach ndéantar dochar do na héin le linn an fhómhair, agus breathnaítear ar fhorbairt ‘barraí dúisithe’ atá ceangailte le lomairí chun eagla a chur ar éin as an mbealach mar fhorbairt nuálaíoch.
Is féidir le deontais agus scéimeanna spriocdhírithe feidhmiú mar dhreasachtaí don phobal feirmeoireachta chun na héin a chosaint agus deis a thabhairt dóibh a n-óg a thógáil. De réir mar a leathnaíonn na héin a sciatháin i gceantair nua ar fud na hÉireann, tá an SPNF agus an tionscadal LIFE ag obair le chéile chun a chinntiú go bhfuil tacaíochtaí ar fáil go forleathan don phobal feirmeoireachta. I measc na bhforbairtí nua tá ‘scórchárta gnáthóige traonaigh’ agus gníomhartha tírdhreacha chun eolas a chur ar fáil do thionscadal Comhair ACRES: scéim bunaithe ar thorthaí d’fheirmeoirí atá á reáchtáil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
Dúirt Ciaran Reaney a chomhordaíonn suirbhé traonach an SPNF:
“Tá an méadú suntasach ar líon na n-éan i mbliana le feiceáil ar fud cuid mhór den Eoraip freisin, ach tá an méadú 20% in Éirinn fós an-suntasach. Is léir go raibh séasúir phórúcháin as a chéile den scoth ag na héin mar gheall ar an iarracht mhór a rinneadh chun an ghnáthóg a fheabhsú dóibh agus, gan amhras, chabhraigh coinníollacha maithe imirce an earraigh seo leo freisin. Lasmuigh dá gceantar lárnach i nDún na nGall, i Maigh Eo agus i nGaillimh, deimhníodh go raibh éin againn i gCo. Chiarraí, i gCo. Chorcaí agus i gCo. Phort Láirge freisin. Bhí an oiread sin daoine ar bís éin a chloisteáil in áiteanna nár chualathas iad le blianta fada. Bhí fonn mór ar fheirmeoirí agus ar úinéirí talún áitiúla oibriú linn chun deis a thabhairt do na héin pórú, rud a léiríonn i gcónaí cé mhéad oibre a dhéanfaidh daoine chun cabhrú leis an dúlra nuair a thugtar tacaíocht agus treoir dóibh. Bhí éin óga againn a tháinig amach chomh déanach le tús mhí Lúnasa, rud a léiríonn cé chomh tábhachtach is atá an bearradh moillithe chun an speiceas a shábháil.”
Dúirt an Dr John Carey a bhainistíonn tionscadal LIFE an Traonaigh:
“Is iontach an rud é amach is amach méadú 50% a fheiceáil ar phobal speicis thar thréimhse cúig bliana. Caithfimid cuimhneamh go raibh na héin sin beagnach díothaithe in Éirinn go háitiúil agus nach bhfuil siad le fáil in thart ar 90% dá raon roimhe seo fós.”
“Is fianaise é sin i ndáiríre ar an leibhéal oibre atá déanta agus ar fhíorphaisean gach duine a ghlac páirt ann – foirne caomhnaithe agus suirbhéireachta, feirmeoirí, úinéirí talún agus conraitheoirí talmhaíochta, oifigigh cosanta neadacha agus an pobal i gcoitinne a thugann an oiread sin tacaíochta dúinn go léir. Is toradh ar iarrachtaí gach duine an rath sin.”
“Tá na traonaigh fós an-leochaileach, agus beidh tacaíocht speisialaithe ag teastáil uathu anseo in Éirinn go ceann tamaill amach anseo, ach tá siad ag bogadh sa treo ceart anois i ndáiríre – murab ionann agus a bpobail i mórán tíortha eile in iarthar na hEorpa. Tá Éire anois ar thús cadhnaíochta maidir le caomhnú an traonaigh san Eoraip, agus tá ag éirí go hiontach léi i ngach gné de, ó bhainistíocht gnáthóg go taighde.”
Mar fhocal scoir dúirt Niall Ó Donnchú, Ard-Stiúrthóir, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra:
“Is iontach an rud é amach is amach méadú 50% a fheiceáil ar phobal speicis thar thréimhse cúig bliana. Caithfimid cuimhneamh go raibh na héin sin beagnach díothaithe in Éirinn go háitiúil agus nach bhfuil siad le fáil in thart ar 90% dá raon roimhe seo fós.”
“Is fianaise é sin i ndáiríre ar an leibhéal oibre atá déanta agus ar fhíorphaisean gach duine a ghlac páirt ann – foirne caomhnaithe agus suirbhéireachta, feirmeoirí, úinéirí talún agus conraitheoirí talmhaíochta, oifigigh cosanta neadacha agus an pobal i gcoitinne a thugann an oiread sin tacaíochta dúinn go léir. Is toradh ar iarrachtaí gach duine an rath sin.”
“Tá na traonaigh fós an-leochaileach, agus beidh tacaíocht speisialaithe ag teastáil uathu anseo in Éirinn go ceann tamaill amach anseo, ach tá siad ag bogadh sa treo ceart anois i ndáiríre – murab ionann agus a bpobail i mórán tíortha eile in iarthar na hEorpa. Tá Éire anois ar thús cadhnaíochta maidir le caomhnú an traonaigh san Eoraip, agus tá ag éirí go hiontach léi i ngach gné de, ó bhainistíocht gnáthóg go taighde.”
Mar fhocal scoir dúirt Niall Ó Donnchú, Ard-Stiúrthóir, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra:
“Is eiseamláir spreagúil agus rathúil é tionscadal LIFE an Traonaigh maidir le bearta caomhnaithe agus rannpháirtíocht phobail le feirmeoirí agus le húinéirí talún a bhaint amach. Is sampla den scoth é de chur chuige córasach agus comhtháite i leith bearta caomhnaithe mar chuid de chomhlíonadh oibleagáidí na hÉireann faoi Threoracha an AE maidir leis an Dúlra.”
CRÍOCH
Maidir le Tionscadal LIFE an Traonaigh
Díríonn an tionscadal LIFE, atá faoi stiúir na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM), Páirc Fiadhúlra Fota, Ollscoil Theicneolaíochta an Atlantaigh agus Údarás na Gaeltachta, ar ocht bpríomhréimse agus oibríonn sé i dtreo sainghníomhartha a dhéanamh ar mhaithe leis na héin.
Meastar gur gné ríthábhachtach dá rath scála an tionscadail agus a chomhtháthú agus a rannpháirtíocht le pobail áitiúla agus le tionscadail chaomhnaithe eile; ó chlár tiomnaithe scoileanna go tacaíocht do thionscnaimh phobail a léiríonn agus a chuireann ár n-oidhreacht nádúrtha chun cinn.