Tá Caighdeáin Phleanála nua le haghaidh Árasán eisithe ag na hAirí Browne agus Cummins

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá Caighdeáin Phleanála nua le haghaidh Árasán eisithe ag na hAirí Browne agus Cummins

  • treoirlínte nua chun tógáil árasán a dhéanamh níos inmharthana
  • ní chuirfidh na feabhsuithe seo isteach ar na ceanglais a bhaineann le míchumas, sábháilteacht ó dhóiteán nó an comhshaol

D’eisigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne agus an tAire Stáit le freagracht as Pleanáil, John Cummins treoirlínte inniu atá dírithe ar chothromaíocht a bhaint amach ionas go bhfreastalaíonn forbairt árasán ar riachtanais na sochaí maidir le caighdeán agus cáilíocht agus leibhéal méadaithe seachadta fhoriomláin á chur chun cinn ag an am céanna.

Sna ‘Caighdeáin Dearaidh Pleanála le haghaidh Árasán, Treoirlínte d’Údaráis Pheanála (2025)’ leagtar amach caighdeáin athbhreithnithe le haghaidh forbairt árasán maidir le hábhair lena n-áirítear an meascán árasán; caighdeáin maidir le spás inmheánach le haghaidh cineálacha éagsúla árasán; cóimheasa déthreoíochta; airde ó urlár go síleáil; cóimheasa croí staighre/ardaitheora; spásanna stórála; agus spásanna taitneamhachta lena n-áirítear balcóiní/paitiónna.

Ag eisiúint na dTreoirlínte dó, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne:

“Sa Chreat Náisiúnta Pleanála athbhreithnithe leagtar amach an gá atá ann pleanáil a dhéanamh le haghaidh thart ar 50,000 teaghlach breise in aghaidh na bliana go dtí 2040, agus athdhearbhaítear tiomantas an rialtais do dhlúthfhás inár gceantair uirbeacha de réir mar a athraíonn agus fhásann ár ndaonra a thuilleadh.

“Má táimid chun fíorluathú a bhaint amach i seachadadh tithíochta, caithfimid gach meicníocht atá ar fáil a úsáid chun ár n-mian a bhaint amach go mbeidh na tithe atá de dhíth ar an bpobal acu ionas go bhfásfaidh siad aníos agus go rachaidh siad in aois iontu.

“Táimid ag foilsiú na gCaighdeán nua Dearaidh Pleanála le haghaidh Árasán inniu. Tá siad tráthúil i bhfianaise an ghéarghá atá ann soláthar tithíochta a mhéadú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inmharthanachta a bhaineann le seachadadh árasán. Tá soláthar na n-árasán ríthábhachtach chun riachtanais ár ndaoine a chomhlánú, agus tá sé mar chuid fíorthábhachtach den mheascán foriomlán de thithe atá ag teastáil, go háirithe in áiteanna atá gar d’áiseanna agus do sheirbhísí atá ann cheana. Tá na híoschaighdeáin a thugaim isteach inniu inchurtha le noirm Eorpacha.

Is dócha go mbeidh laghdú ar chostas in aghaidh an aonaid arb ionann é agus meán €50K agus suas le €100K i roinnt cásanna mar thoradh ar na hathruithe a dhéantar, agus iad i gcomparáid leis na Treoirlínte a bhí ann roimhe seo, agus dá bhrí sin cuirfear borradh faoi thógáil árasán. Déanfar é sin gan baint de na ceanglais a bhaineann le míchumas, rialacháin dóiteáin ná an comhshaol, rud atá fíorthábhachtach.”

Fuair an tAire Browne ceadú ón rialtas inniu freisin chun leasuithe a thabhairt chun tosaigh ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (2025) ionas gur féidir scéimeanna forbartha a bhfuil cead pleanála acu faoi láthair ach nár cuireadh tús leo a athrú gan gá le hiarratas nua ar phleanáil.

Luaigh an tAire Stáit Cummins an méid seo a leanas freisin:

“Bhí tionchar an-mhór ag costais tógála atá ag ardú ar sheachadadh árasán. Léirítear leis na hathchóirithe a thugtar chun tosaigh inniu, chomh maith le bearta a rinneadh le déanaí, tiomantas an rialtais chun a chinntiú gur féidir forbairt árasán a bhaint amach inár gcathracha agus inár mbailte.

“Tá an tAire Browne agus mé féin ag gníomhú go tapa chun sraith leathan de bhearta agus athchóirithe a chur chun feidhme a chabhróidh linn seachadadh gach cineál tithíochta a mhéadú ar fud na tíre.

“Príomhbhreithniú maidir leis na hathruithe seo a thabhairt chun tosaigh ab ea an fonn chun a chinntiú nach n-imeoidh scéimeanna árasáin ar ais go tús an phróisis pleanála chun iad a athdhearadh. Sin an fáth a bhfuarthas ceadú ón rialtas inniu chun leasuithe a thabhairt chun tosaigh ar an mBille um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (2025) ionas gur féidir scéimeanna forbartha a bhfuil cead pleanála acu faoi láthair ach nár cuireadh tús leo a athrú gan gá le hiarratas nua ar phleanáil.

“Beart ciallmhar, praiticiúil atá faoi cheangal ama is ea an beart seo, atá deartha go cúramach chun a chinntiú gur féidir athruithe a dhéanamh ar leagan amach inmheánach an struchtúir cheadaithe a d’fhéadfadh cabhrú le hinmharthanacht na scéimeanna beartaithe nach bhfuil tús curtha leo fós.

“Le tabhairt isteach na gcaighdeán pleanála athbhreithnithe seo cuirfear dlús breise leis an tógáil - rud a chinnteoidh go leanfar leis na hardchaighdeáin chóiríochta d’áititheoirí amach anseo agus aghaidh á dtabhairt ar thearcsholáthar na n-árasán ag an am céanna.”

Tuilleadh eolais

Cúlra

Athbhreithníodh an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) in 2025, ina leagtar amach an gá le pleanáil do thart ar 50,000 teaghlach breise in aghaidh na bliana go dtí 2040, agus athdhearbhaítear leis tiomantas an rialtais don dlúthfhás.

Chun na gealltanais sin a bhaint amach, beidh méadú suntasach ar aschur tithíochta de gach cineál ag teastáil, go háirithe méadú ar árasáin i suíomhanna uirbeacha lárnacha agus inrochtana.

Tá inmharthanacht ina dúshlán leanúnach do sheachadadh tithíochta, agus go háirithe roimh sheachadadh árasán ‘tógáil chun díola’, áit ar tháinig bearna shuntasach chun cinn idir an costas a bhaineann le seachadadh forbartha árasán agus praghsanna margaidh ginearálta inchomparáide na tithíochta.

Tá costais mhéadaithe ina ndúshlán leanúnach roimh sheachadadh scéimeanna tithíochta sóisialta agus inacmhainne freisin.

Is é cuspóir foriomlán na dTreoirlínte seo ná cothromaíocht éifeachtach rialála a bhaint amach; a chinntiú go gcomhlíonann forbairt árasán riachtanais na sochaí maidir le caighdeán agus cáilíocht, agus ag an am céanna, leibhéal méadaithe aschuir i gcoitinne á chur chun cinn.

Caighdeáin Dearaidh Pleanála le haghaidh Árasán, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála (2025)

Tagann na Treoirlínte seo in ionad Tithíocht Uirbeach Inbhuanaithe: Caighdeáin Dearaidh le haghaidh Árasáin Nua, Treoirlínte d’Údaráis Phleanála, a eisíodh den uair dheireanach in 2023 iad (agus na huasdátuithe go léir roimhe sin), mar Threoirlínte ón Aire faoi Alt 28 den Acht.

I measc na bpríomh-shaincheisteanna a dtugtar aghaidh orthu áirítear iad seo a leanas:

  • fás inbhuanaithe agus dlúth: Dlúis mhéadaithe ag suíomhanna atá lárnach i lárionaid uirbeacha agus/nó inrochtana le seirbhísí iompair phoiblí ar ardchaighdeán, atá oiriúnach go háirithe d’fhorbairt árasán
  • riachtanais teaghlaigh atá ag athrú: De bharr athruithe déimeagrafacha agus sochaíocha leanúnacha, tá gá le héagsúlacht níos mó cineálacha árasáin a chur ar fáil chun cóiríocht a sholáthar dóibh siúd a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh cóiríochta in árasáin
  • inmharthanacht: De bharr caighdeáin deartha pleanála níos solúbtha a bhaineann le meascán aonad, méideanna árasán, soláthar spáis phríobháidigh oscailte, páirceáil carranna agus leagan amach inmheánach na scéimeanna árasáin, laghdófar an costas seachadta go suntasach
  • líon na dtithe folmha agus tréigthe a laghdú: Soláthraítear solúbthacht bhreise maidir le caighdeáin dearaidh pleanála le haghaidh scéimeanna athchóirithe foirgnimh ar láithreáin de mhéid ar bith agus scéimeanna inlíonta uirbeacha beaga
  • cóiríocht do mhic léinn: Beartais maidir le cóiríocht shaintógtha do mhic léinn lena gcuirtear níos mó comhsheasmhachta agus coigiltis costais chun cinn
  • Tugtar aghaidh ar na nithe seo a leanas sna Treoirlínte:
  • Meascán Árasán: ag aithint go mbíonn tionchar ag na ceanglais maidir le meascán aonad ar chostas seachadta na scéimeanna árasáin agus go bhféadfadh nach dtacódh an meascán leis na torthaí ab fhearr maidir leis na haonaid a sheachadtar
  • Achair Urláir Árasáin: De bharr athruithe déimeagrafacha agus sochaíocha leanúnacha, tá gá le héagsúlacht níos mó a bheith i gceist le cineálacha/méideanna árasáin chun cóiríocht a sholáthar dóibh siúd a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh cóiríochta in árasáin, agus soláthraítear caighdeán spáis laghdaithe le haghaidh árasáin stiúideo
  • Cóimheasa Déthreoíochta agus Croíthe Ardaitheora/Staighre: Tá níos mó cinnteachta de dhíth ionas go mbeidh caighdeánú níos mó bainteach le dearadh foirgnimh, solúbthacht agus inmharthanacht ar deireadh
  • Spás Príobháideach Oscailte: Féadfaidh údaráis phleanála glacadh le soláthar laghdaithe spáis phríobháidigh oscailte in imthosca áirithe nuair in áiteanna a mbeadh a luach íseal go leor
  • Saoráidí Comhroinnte, Pobail agus Cultúrtha: Níl sé éigeantach go mbeadh na saoráidí sin i gceist le haghaidh scéimeanna árasáin aonair agus cinnfear an gá sin ar leibhéal níos leithne, ar bhonn atá faoi réir ag plean

Eisítear na Treoirlínte faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000, arna leasú. Foráiltear in Alt 28 den Acht go dtabharfaidh údaráis phleanála agus an Coimisiún Pleanála aird ar threoirlínte ón Aire i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna. Nuair atá ceanglais a bhainaenn le beartais phleanála shonracha (CBPSanna) sna Treoirlínte, ceanglaítear ar údaráis phleanála agus ar an gCoimisiún Pleanála na ceanglais sin a chur i bhfeidhm ar chomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

Nótaí breise maidir le méideanna árasáin inchomparáide

Déantar méideanna íosta árasáin a rialáil ar fud na hEorpa ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí chaighdeáin phleanála agus/nó rialacháin tógála. Féadfaidh feidhm a bheith ag na socruithe rialála sin maidir le hárasán ina iomláine (amhail in Éirinn agus i gcodanna den Ríocht Aontaithe), codanna d’árasán, nó spásanna nó seomraí ar leith laistigh d’árasán (rud atá coitianta ar mhór-roinn na hEorpa). Féadfaidh caighdeáin íosta a bheith seasta nó bunaithe ar líon na n-áitritheoirí agus féadfaidh siad a bheith éagsúil ó réigiún go réigiún, nó ó chathair go cathair, laistigh de thír.

Mar sin, tá an cumas comparáid dhíreach nó ‘macasamhail le macasamhail’ á dhéanamh idir méideanna íosta árasáin ar fud na hEorpa teoranta. Tá roinnt meastacháin ghinearálta mar seo a leanas:

- An Fhrainc - is ionann an t-achar íosta maireachtála agus 33 méadar cearnach do cheathrar agus 9 méadar chearnacha in aghaidh an tseomra leapa. Bheadh sé sin cothrom le 60-65 méadar cearnach le haghaidh aonad 2 sheomra leapa do cheathrar.

- An Spáinn - is ionann an t-achar íosta maireachtála agus 20 méadar cearnach (lena n-áirítear seomra suí agus cistin), 6 mhéadar chearnacha le haghaidh seomra aonair agus 8 méadar chearnacha le haghaidh seomra dúbailte. Bheadh sé sin cothrom le 45-50 méadar cearnach le haghaidh aonad 2 sheomra leapa do cheathrar.

- An Ísiltír - is ionann an t-achar íosta agus 18 méadar chearnacha in aghaidh an duine. Bheadh sé sin cothrom le 75-80 méadar cearnach le haghaidh aonad 2 sheomra leapa do cheathrar.

Is féidir an chomparáid is dírí le hÉirinn a dhéanamh le Caighdeáin Íosta na RA (NDDS 2015) a bhfuil feidhm acu maidir le Londain agus na cathracha eile go léir:

Líon na seomraí leapa

 

Líon na ndaoine leapa 
Caighdeán NDDS na RA caighdeán NDDS na RA Teaghais aon stór amháin (méadair chearnacha) 
Caighdeán NDDS na RA caighdeán NDDS na RA Teaghais aon stór amháin (méadair chearnacha) 
Treoirlínte Árasáin 2025 d’Éirinn (méadair chearnacha)
Stiúideo
1
37
1
32
2
50
2
45
3
61
63
4
70
3
4
73
74
76
5
86

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat