Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Méadú 10% léirithe ag sonraí tosaithe mhí na Samhna

Cuireadh isteach 1,531 fógra tosaithe maidir le tithe nua i mí na Samhna 2025 – méadú 10% i gcomparáid le mí na Samhna 2024, nuair a cuireadh 1,387 fógra tosaithe isteach. Chonacthas an méadú céanna sna sonraí míosúla is déanaí a d’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta maidir le líon na bhFógraí Tosaithe faighte (táscairí maidir le tús a chur le hobair thógála chónaithe).

Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, an TD James Browne:

“Is é an chéad uair i mbliana go bhfeicimid méadú míosúil ar líon na dtosaithe i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh agus tá mé ag súil gur táscaire é ar bhorradh athnuaite sa mhargadh tithíochta. Tagann an méadú seo le chéile le comharthaí dearfacha a chonaic muid an tseachtain seo caite maidir le ceadanna pleanála, agus é léirithe ag sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh go raibh líon na gceadanna a tugadh sa tríú ráithe den bhliain seo níos mó ná 11,100 - méadú 29% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh.

“Go dtí seo i mbliana, tá plean nua gníomhaíochta tithíochta againn darb ainm 'Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil ' chomh maith le réimse athchóirithe tábhachtacha a chuidigh le cinnteacht agus muinín níos mó a chruthú san earnáil tógála tí. Measaim go neartófar ár bpíblínte tithíochta agus go dtiocfaidh méadú ar an scála seachadta sna míonna atá amach romhainn, agus ceadanna pleanála, tosaithe agus cur i gcrích á rianú againn i rith 2026.”

Ar bhonn atrátha 12 mhí (mí na Nollag 2024 go mí na Samhna 2025), fuarthas 23,743 fógra tosaithe. As na 1,531 aonad ar cuireadh tús leo i mí na Samhna, is áitribh scéime iad 774 (50%) acu, is árasáin iad 470 (31%) acu agus is aonaid aonuaire iad 287 (19%) acu.

As na haonaid uile a tosaíodh i mí na Samhna 2025, bhí 29% acu (436 aonad) suite sna ceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath. Ba iad na hÚdaráis Áitiúla is mó a tosaíodh aonaid iontu ná: Cathair Chorcaí (366), ansin Baile Átha Cliath Theas (217) agus Contae Fhine Gall (207).

Íoslódáil an tacar sonraí uile tosaithe iomlán.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat