Le breis is €200 milliún i ndeontais athchóirithe, tugtar breis is 3,600 teach folamh agus tréigthe ar ais in úsáid ghníomhach
- Foilsithe: 17 Deireadh Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Nollaig 2025
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, na figiúirí is déanaí inniu, lena léirítear gur íocadh €200.047 milliún amach tríd an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha, rud a d’éirigh le 3,672 teach a bhí folamh nó tréigthe roimhe seo a thabhairt ar ais in úsáid chónaithe ghníomhach ar fud na tíre.
Is rud suntasach é go raibh na híocaíochtaí Deontais Athchóirithe Réadmhaoine Folmha is airde riamh in R3 2025 agus íocadh 760 deontas, is é sin, méadú 126% i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh. Ó seoladh an scéim i mí Iúil 2022, faomhadh 11,059 iarratas, rud a léiríonn an fás atá ag teacht ar an scéim agus a tionchar maidir le dul i ngleic le tithe folmha agus soláthar tithíochta a threisiú.
Ag fáiltiú dó do líon na dtithe atá tugtha ar ais ó thithe folmha agus tréigthe, dúirt an tAire Tithíochta, James Browne:
"Ba mhaith liom a bheith an-soiléir. Sílim go milleann tithe folmha agus tréigthe ní hamháin pobail ár sráidbhailte agus ár mbailte móra, ach feicim iad mar chineál iompair fhrithshóisialta freisin. Tá sé do-ghlactha i rith géarchéim tithíochta, agus ní chlisfidh mé sa triail dul i ngleic leis. Féach air seo mar fholáireamh – má tá réadmhaoin thréigthe agat, táim ag súil go ndéileálfar léi go práinneach.
“Ní hamháin gur deis caillte í réadmhaoin thréigthe chun tithe atá de dhíth go géar a sholáthar, ach baineann siad an bonn d’fhuinneamh lár ár mbailte agus dá gcumas mar áiteanna cónaithe freisin.
“Is uafásach an rud é domsa go pearsanta agus tá a fhios agam go ngoilleann sé go millteanach ar dhaoine a chónaíonn in aice leo – suíomhanna a fheiceáil i gceantair seirbhísí, áit a bhfuil comhairlí ag tabhairt aire do bhóithre agus d’áiseanna in aice láimhe.
“Sin é an fáth, sa bhuiséad le déanaí, gur leathnaigh an rialtas seo an Tionscnamh Cathrach Beo chun tacú le hathchóirithe ‘os cionn an tsiopa’ agus gur thug sé Cáin Réadmhaoine Tréigthe nua isteach, a bheidh le riar ag na Coimisinéirí Ioncaim, a rachaidh in ionad an Tobhaigh ar Láithreáin Thréigthe atá ann faoi láthair.
“Léiríonn figiúirí an lae inniu go soiléir go bhfuil ról lárnach ag an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha maidir le dul i ngleic le tithe folmha agus tréigthe agus tá níos mó agus níos mó tithe ag teacht ar ais in úsáid chónaithe. Léirítear an treocht sin le sonraí a tháinig ón bPríomh-Oifig Straidrimh le déanaí, lena léirítear gur thit an ráta tithe folmha náisiúnta ó 3.6% in R4 2022 go 3.3% in R4 2023, bunaithe ar thomhaltas leictreachais.”
Ó tugadh an deontas isteach i mí Iúil 2022 go mí Mheán Fómhair 2025, is iad Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Contae Chorcaí a fuair an líon is airde iarratas agus breis is 1,000 iarratas faighte. Tagann Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath sna sála orthu, agus breis is 900 iarratas faighte aici. Is iad Comhairlí Contae Mhaigh Eo agus Thiobraid Árann na chéad chontaetha eile is airde ó thaobh gníomhaíochta faoin scéim.
Tá 14,910 iarratas faighte san iomlán don deontas ó seoladh é i mí Iúil 2022. Díobh sin, faomhadh 11,059 iarratas. Íocadh €200,047,785 san iomlán le 3,672 iarratasóir.
Seoladh físeán nua ina gcuirtear an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha i láthair. San fhíseán, insítear scéal aistir faighteora deontais amháin, leagtar béim ar thionchar an deontais, agus mínítear conas iarratas a dhéanamh.
Faigh na staitisticí is déanaí ó R3 2025 maidir leis an Deontas Athchóirithe Réadmhaoine Folmha.
Tá mapa scéala idirghníomhach againn freisin a d’fhorbair an roinn ina léirítear tionchar na scéime deontas ar fud na tíre, ina bhfuil sonraí ar leibhéal na n-údarás áitiúil maidir le deontais a eisíodh agus ina gcuirtear íomhánna ‘roimh agus tar éis’ d’athchóirithe críochnaithe i láthair.
Access the latest Vacant Property Refurbishment Grant Q3 2025 statistics.
We also have an interactive story map developed by the department illustrating the nationwide impact of the grant scheme, featuring local authority-level data on grants issued and showcasing ‘before and after’ images of completed refurbishments.
Tá an mapa ar fáil anseo: Staitisticí an Deontais Athchóirithe Réadmhaoine Folmha.