Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá breis is 3,000 teach folamh nó tréigthe curtha ar fáil le húsáid arís in 2025 leis an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh

Tá breis is 3,000 teach folamh nó tréigthe curtha ar fáil le húsáid arís in 2025 leis an Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh

  • Tá ráta na n-íocaíochtaí deontais méadaithe níos mó ná dhá oiread i gcomparáid le 2024
  • Anois tá níos mó ná 4,500 teach nach raibh in úsáid in úsáid arís ó cuireadh tús leis an scéim
  • Bhí an líon is mó iarratas, ceaduithe agus íocaíochtaí ag Comhairle Contae Dhún na Gall

In 2025, cuireadh níos mó ná 3,000 teach a bhí as úsáid ar ais in úsáid faoin Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh de réir figiúirí a chuir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar fáil inniu.

De réir mar atá an scéim ag bailiú nirt, tá méadú suntasach ar an ráta soláthair chomh maith, agus mhéadaigh ráta na n-íocaíochtaí deontais in 2025 beagnach dhá oiread i gcomparáid le 2024. Ar an iomlán anuraidh, íocadh 3,066 deontas i gcomparáid le 1,349 in 2024. Is ionann sin agus méadú 127%.

Tríd is tríd, ó seoladh an scéim i mí Iúil 2022, go mí na Nollag 2025; tá 16,607 iarratas faighte, 12,096 iarratas ceadaithe agus 4,514 deontas íoctha i ndiaidh oibreacha a bheith curtha i gcrích ar luach beagnach €247m.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, maidir leis na figiúirí nua:

“Leis an deontas seo, táimid ag tabhairt faoi fhadhb an dearóilithe agus na maoine foilmhe go díreach, agus is fianaise é an méadú ar íocaíochtaí deontais do mhaoin fholamh ar chomh maith is atá ag éirí leis an deontas chun tithe a chur ar fáil le húsáid arís inár sráidbhailte, bailte agus cathracha. De réir mar atá níos mó agus níos mó iarratas á gceadú, bheinn ag súil go leanfaidh an treocht seo ar aghaidh agus go mbeidh tithe a bhí as úsáid roimhe seo in úsáid mar áiteanna cónaithe buana ag daoine.

“Ó tharla go bhfuil ganntanas tithíochta ann i láthair na huaire, ní féidir áiteanna cónaithe ar bith a fhágáil folamh. Sin an chúis, gur chinn mé, an mhí seo caite, síneadh a chur leis an deontas go 2030. Chomh maith leis sin, bhunaigh mé pacáiste tacaíochta feabhsaithe go hoiread agus €140,000 chun spásanna folmha ‘os cionn an tsiopa’ a fhorbairt mar áiteanna cónaithe - chun pobail a athbheochan agus chun tithíocht inbhuanaithe a chruthú. Cuirfear an pacáiste tacaíochta sínte ar fáil ag deireadh R1 2026.

“Ní hamháin go bhfuil sé riachtanach tús áite a thabhairt do na hiarrachtaí chun dul i ngleic le folúntas agus le dearóiliú, tá sé riachtanach chun a chinntiú go mbeidh réadmhaoin atá ar fáil cheana féin in úsáid mar áiteanna cónaithe.”

Tá an líon is airde iarratas (1,430), ceaduithe (1,065) agus íocaíochtaí (316)ag Comhairle Contae Dhún na nGall, agus níl Comhairle Contae Chorcaí (1,355 iarratas, 1,065 ceadú, 316 íocaíocht) agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (1,007 iarratas, 811 ceadú agus 317 íocaíocht) i bhfad taobh thiar di.

Faoin Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh, is féidir leat íocaíocht go hoiread agus €70,000 a fháil chun teach folamh nó tréigthe nó seanfhoirgneamh tráchtála a fhorbairt mar áit chónaithe bhuan duit féin nó mar réadmhaoin ar léas. Íoctar na deontais nuair a chuirtear na hoibreacha i gcrích agus nuair a chuirtear an páipéarachas atá de dhíth ar fáil lena léirítear go bhfuil an obair a ceadaíodh curtha i gcrích.

Staitisticí faoin Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat