Pacáiste buiséid na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta de bheagnach €8 mbilliún fógartha
- Foilsithe: 1 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• Maoiniú caipitil €6 billiún ar son tithíochta, an méid is mó riamh
• Pacáiste €2.7 billiún d’Uisce Éireann chun bonneagar uisce riachtanach a sholáthar agus tacú le tithíocht
• Maoiniú suntasach d’Údaráis Áitiúla, Pleanáil agus Oidhreacht
Cuireadh béim ar thiomantas an Rialtais do Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht sa phacáiste buiséid foriomlán de €7.93 billiún a d’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúla agus Oidhreachta, Darragh O’Brien TD, an tAire Stáit a bhfuil freagracht air as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Alan Dillon TD, agus an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghcháin, Malcolm Noonan TD.
Beidh an móiminteam láidir atá ann le déanaí maidir le seachadadh faoi Thithíocht do Chách, straitéis tithíochta náisiúnta an Rialtais, á chothú ag infheistíocht chaipitil €6 billiún i dtithíocht in 2025, an méid is mó riamh - comhdhéanta de €3.1 billiún ó chistiúchán státchiste, €1.25 billiún leithdháilte ar an nGníomhaireacht Forbartha Talún agus €1.65 billiún don Ghníomhaireacht Airgeadais do Thithe.
Chuir an tAire O’Brien in iúl go láidir go leanfar le fás an mhóimintim a bhí ag ardú le déanaí sa seachadadh mar thoradh ar Bhuiséad an lae inniu - le spriocanna Thithíochta do Chách á sárú bliain i ndiaidh bliana.
Dúirt an tAire O’Brien:
“Ní raibh buiséad mar seo ann cheana, amhail na ceithre cinn a tháinig roimhe, le €6 billiún i gcaipiteal chun tithe sóisialta, inacmhainne agus ar cíos de réir costais a sholáthar ar son ár muintire. Is é an méid is mó a d’infheistigh an Rialtas i dtithíocht riamh.
“Bunchloch den Tithíocht do Chách is ea creat maoiniúcháin láidir agus, trí leibhéal méadaithe infheistíochta caipitil a dhaingniú, is féidir linn cinnteacht agus muinín a sholáthar dár muintir agus don mhargadh tithíochta i gcoitinne.
“Is í Éire an tír is fearr san Eoraip ó thaobh tógáil tithíochta - leis an earnáil atá ag fás - agus táthar ag súil go leanfar leis an méadú sin - fad is atá sé ag dul i léig ar an Mór-Roinn. Tabharfaidh an buiséad seo deis dúinn an chos a choinneáil ar an troitheán agus an soláthar láidir seo a choimeád.
“Tacóidh níos mó ná €2.3 billiún in infheistíocht inacmhainneachta, idir an Státchiste agus cistiú eile, leis na tionscnaimh atá curtha i bhfeidhm againn ar nós Scéim an Chéad Bhaile, an Ciste Tithíochta Inacmhainne, an Scéim um Chíos Inacmhainne don Tionóntacht Shlán agus an tionscnamh ‘Cabhair le Ceannach’.
“Sna ceithre bliana ó tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm, tá iliomad scéimeanna nó tionscnaimh curtha i bhfeidhm againn atá dírithe go sonrach ar thithe inacmhainne agus ar cíos de réir costais a sholáthar. Tá gach ceann de na scéimeanna seo ag cur tithe ar fáil do dhaoine agus cuirfimid leo an bhliain seo chugainn.
“Mar shampla, gheobhaidh Scéim an Chéad Bhaile, a bhfuil an-tóir uirthi, €80 milliún sa bhreis i gcistiúchán Státchiste in 2025, suim a bheidh á meaitseáil ag bainc rannpháirteacha, rud a chiallaíonn go mbeidh €160 milliún ar fáil an bhliain seo chugainn chun tacú le thart ar 2,000 teach a cheannach.
“Agus é ag teacht lenár bhfócas ar úinéireacht tí, cuirim fáilte mhór roimh an síneadh atá curtha ag mo chomhghleacaí an tAire Airgeadais leis an scéim Cabhair le Ceannach go dtí deireadh na tréimhse deich mbliana – rud a bhí á lorg agam toisc gur tacaíocht thábhachtach eile í sa réimse leathan cúnaimh atá againn ar mhaithe le daoine atá ag iarraidh an chéad chéim ríthábhachtach sin a fháil ar dhréimire na tithíochta.
“Leanfaidh ár n-iarrachtaí chun dul i ngleic le tithe folmha agus tréigthe ar aghaidh, agus cé go gcuireann ár ndeontais folúntais spreagadh maith dóibh siúd a theastaíonn uathu baile a dhéanamh de theach folamh nó tréigthe, gearrfaidh an Cáin Maoine Foilmhe, cáin atá ag méadú ó chúig oiread na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) go seacht n-uaire, pionós orthu a fhágann teach folamh dá ndeoin féin.
“Beidh an infheistíocht chaipitil i dtithíocht shóisialta os cionn €2 billiún dírithe ar thithe tógála nua ag údaráis áitiúla agus ár gComhlachtaí Ceadaithe Tithíochta (CCTanna) atá ina gcomhpháirtithe seachadta ríthábhachtacha.
“Chomh maith leis sin, tríd an mbuiséad seo, comhlíonfar na riachtanais tithíochta de 10,000 teaghlach breise faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta agus faoin Scéim Cóiríochta Cíosa, chomh maith le tacaíocht leanúnach do bhreis agus 66,000 tionóntacht ghníomhach atá ann cheana faoi na scéimeanna sin. Tacaíochtaí díreacha atá iontu dóibh siúd is mó a bhfuil gá acu leo.
“Tá a fhios againn go dteastaíonn ó fhormhór na dtionóntaí a dtithe féin a cheannach ach tá ár gcuid tacaíochta uathu fad is atá siad sa mhargadh cíosa. Tá áthas orm go bhfuil méadú chuig €1,000 sa Chreidmheas Cánach Cíosaithe don bhliain seo agus don bhliain seo chugainn araon fógartha ag an Aire Airgeadais. Cabhróidh sé sin leis na tionóntaí sa tréimhse láithreach bonn fad is a dhéanfaidh ár bhforleathnú ar thithe ar cíos de réir costas inacmhainne difríocht ollmhór mar atá á dhéanamh cheana do na tionóntaí sna tionóntachtaí slána sábháilte sin. Chun a thuilleadh tacaíochta a thabhairt don earnáil cíosa, gheobhaidh an Bord um Thionóntachtaí Cónaithe maoiniú €14.5 milliún. Ina theannta sin, soláthrófar €10.5 milliún ar son gníomhaíocht chigireachta údaráis áitiúil san earnáil cíosa chun comhlíontacht le caighdeáin chíosa a chinntiú.
“Gan aon amhras, tá an easpa dídine ar an dúshlán is mó atá againn - agus tá sé mar phríomhthosaíocht againn. I bpacáiste an lae inniu, táim ag cur maoiniú €303 milliún ar fáil chun seirbhísí easpa dídine a sholáthar le béim ar leith go gcoiscfear ar theaghlaigh atá i mbaol easpa dídine dul isteach i gcóiríocht éigeandála agus go dtacófar leo siúd atá i gcóiríocht éigeandála imeacht isteach i dtionóntachtaí slána a luaithe is féidir. Coinneofar an leibhéil seo maoinithe faoi athbhreithniú leanúnach ó thús deireadh na bliana 2025.
“Táimid ag tosú agus ag críochnú tithe ar na leibhéil is fearr riamh agus táimid ag soláthar tithíocht sóisialta ar leibhéal nach raibh ann ó na 1970idí. Tá Tithíocht do Chách ag soláthar agus soláthróidh sé níos mó, a bhuíochas leis an bpacáiste a nochtadh inniu.”
I measc na bpríomhphointí eile d’fhógra Buiséid an lae inniu maidir le tithíocht tá:
• Maoiniú caipitil méadaithe chun tacú le catagóirí riachtanais sonracha:
- €100 milliún do dheontais chun tithe daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas a oiriúnú agus chun moltaí maidir le hathbhreithniú na scéimeanna a chur chun feidhme. Tacóidh €25 milliún breise leis na hoibreacha oiriúnaithe ar 1,800 teach sóisialta atá ann cheana.
- Tacóidh maoiniú caipitil €12 milliún le cóiríocht idirthréimhseach agus éigeandála ar ardchaighdeán a sholáthar dóibh siúd atá gan dídean.
- Cuirtear €23 milliún ar fáil chun Cóiríocht Shonrach don Lucht Siúil a sholáthar do dhaoine den Lucht Siúil.
• €90 milliún chun tacú le hiarfheistiú a dhéanamh ar thart ar 2,500 teach sóisialta chuig Rátáil Fuinnimh Foirgnimh B2 nó comhluach is fearr ó thaobh costais, i gcomhréir le tiomantas Chlár an Rialtais chun 36,500 teach údaráis áitiúla a iarfheistiú faoi 2030.
• Tá €105 milliún á gcur ar fáil in 2025 do leasúchán tithe de bharr lochtanna, lena n-áirítear pirít, lochtanna árasáin agus bloic choincréite lochtacha.
• Tacóidh €31 milliún leis an aistriú leanúnach chuig clár cothabhála straitéiseach atá beartaithe do thithíocht shóisialta údaráis áitiúil agus le feabhas a chur ar 2,300 teach sóisialta folmha lena ligean ar ais chuig teaghlaigh ar liostaí feithimh tithíochta.
• Cuirtear leithdháileadh €50 milliún ar fáil don Chlár Náisiúnta Athghiniúna a rachaidh chun tairbhe do chuid de na pobail is mó atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch.
• Tá €30 milliún á gcur ar fáil don Scéim Croí Cónaithe (Cathracha) a thacaíonn le hárasáin a thógáil lena ndíol le húinéirí-áititheoirí trí cheadanna pleanála atá i bhfeidhm cheana féin do thithe den sórt sin a ghníomhachtú.
• €80 milliún chun tacú leis an Scéim Croí Cónaithe (Bailte) a thacóidh le foirgnimh fholmha agus thréigthe a athchóiriú i gcathracha, i mbailte agus i gceantair thuaithe, rud a chinnteoidh go n-athúsáidfí an stoc atá ann cheana.
Uisce
D’fhógair an tAire O’Brien freisin leithdháileadh foriomlán de €2.7 billiún ar Uisce Éireann, agus é ag rá:
“I dteannta an €1.7 billiún d’Uisce Éireann le haghaidh na bliana seo chugainn 2025, tá infheistíocht chothromais €1 billiún d’Uisce Éireann faighte againn chun tacú lena Phlean Infheistíochta Caipitil do 2025-2029 a chur i bhfeidhm. Tá an infheistíocht leanúnach sin i mbonneagar na seirbhísí poiblí uisce ríthábhachtach i soláthar tithíochta amach anseo.”
Pleanáil
D’fháiltigh an tAire Stáit Dillon roimh fhoráil an Bhuiséid do phleanáil. Tá breis agus €279m san iomlán á gcur ar fáil in 2024 do chlár pleanála na Roinne, a mbaineann €63 milliún de le seirbhísí reatha agus €216 mhilliún le haghaidh caiteachas caipitiúil.
Is é aidhm an chláir seo fás geilleagrach inbhuanaithe agus forbairt réigiúnach chothrom a chur chun cinn agus tacú le spriocanna an Chreata Náisiúnta Pleanála, go háirithe leo siúd a bhaineann le tithíocht, an aeráid, bonneagar, iomaíochas/poist agus forbairt uirbeach, réigiúnach agus tuaithe, trí chinntiú gur féidir le córas pleanála talún pleananna agus cinntí ardchaighdeáin, tráthúla agus láidre a sholáthar tríd an gclár leanúnach athchóirithe pleanála lena n-áirítear an Bille um Pleanáil agus Forbairt 2023 a chur i bhfeidhm.
Áirítear le leithdháileadh 2025 an Ciste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (CAFU) agus beidh €186 milliún á gcur ar fáil don chiste in 2025 le haghaidh na nithe seo a leanas:
• Cur chun cinn breise maidir le 132 iarratas rathúil ar thacaíocht CAFU faoi Ghlao 1 agus faoi Ghlao 2, ina gcuimsítear níos mó ná 400 tionscadal aonair.
• Tacaíocht leanúnach do chlár fála gach údaráis áitiúil atá ceadaithe faoin tríú babhta maoinithe CAFU (Glao 3), chun cabhrú le dul i ngleic le réadmhaoine atá folamh agus tréigthe go fadtéarmach i mbailte agus cathracha atá incháilithe do CAFU.
Dúirt an tAire Dillon:
“Ceadaíonn an leithdháileadh pleanála a fógraíodh inniu d’infheistíocht maidir le hacmhainní a chur ar fáil don chóras pleanála, lena n-áirítear leibhéil foirne don Bhord Pleanála, agus d’Oifig an Rialálaí Pleanála chomh maith le feabhas a chur ar an líon ball foirne ceadaithe d’údaráis áitiúla. Tá sé sin ríthábhachtach maidir leis an mBille um Pleanáil agus Forbairt 2023 suntasach atá ar tí a bheith curtha i bhfeidhm, bille a dhéanfaidh athchóiriú suntasach ar chúrsaí pleanála chun leasa na tíre seo.
“Ceadóidh infheistíocht leanúnach CAFU don Roinn clár maoinithe comhtháite, dinimiciúil agus freagrúil a sholáthar a thacóidh le go leor bailte agus cathracha ar fud na tíre a athghiniúint agus a athnuachan.”
Cuimsiú Sóisialta
Chuir an tUasal Dillon in iúl, agus é ag tagairt do thacaíochtaí cuimsithe sóisialta, an méid seo a leanas:
“Táimid ag tacú leo siúd is leochailí inár sochaí le breis is €130 milliún i gcistiú tiomnaithe i mBuiséad 2025 a fhreastalóidh ar riachtanais daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas i dtithíocht phríobháideach agus an Lucht Siúil. An tseachtain seo caite, d’fhoilsigh mé athruithe maidir le méadú 30% ar theorainneacha deontais agus méadú 25% ar thairseacha ioncaim sa scéim oiriúnaithe tithíochta, a mhaoineofar trí €25 milliún breise a chur leis an scéim.”
Rialtas Áitiúil
Tá maoiniú €685 milliún á chur ar fáil do rialtas áitiúil agus athchóiriú toghchánach in 2025. Cuirfidh sé sin ar a chumas don Rialtas:
• Maoiniú a sholáthar i dtreo costais pá/pinsin mhéadaithe a eascróidh d’údaráis áitiúla faoi chomhaontuithe náisiúnta pá;
• Íocaíochtaí um chomhionannú riachtanacha na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ) a dhéanamh le húdaráis áitiúla a bhfuil a dtoradh CMÁ níos lú ná na bunlínte atá leagtha síos, a ndearnadh athbhreithniú orthu ó 2024;
• Tacú le tionscnaimh thábhachtacha rialtais áitiúil trasna na tíre, lena n-áirítear tionscadail athchóirithe agus digitithe;
• Tacú le stáisiúin dóiteáin nua a thógáil agus le hathchóiriú a dhéanamh ar roinnt saoráidí níos sine, mar aon le trealamh comhraicthe dóiteáin riachtanach a uasghrádú; agus
• Tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fheasacht an phobail agus gníomhaíocht údaráis áitiúil chun rannpháirtíocht an phobail leis an bpróiseas clárúcháin toghthóirí nuachóirithe a uasmhéadú.
Tá maoiniú á chur ar fáil freisin do Bhuiséad Méara chun tacú leis an Méara dírthofa i Luimneach ina ról, agus chun an Clár Méara a chur i gcrích. Is athchóiriú rialtais áitiúil suntasach é sin, agus an chéad Mhéara ag dul i mbun oifige i mí an Mheithimh 2024. Tá maoiniú ar fáil freisin chun tacú leis na baill foirne oifige.
Dúirt an tAire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanáil Dillon:
“I dtéarmaí tionchar ar shaol laethúil saoránach, tá ár nÚdaráis Áitiúla ar an túslíne agus táimid tiomanta a chinntiú go bhfuil tacaíocht acu maidir le seirbhísí áitiúla ríthábhachtacha a sholáthar. Is mór an chúis áthais dom go bhfuil maoiniú le haghaidh tionscadal athchóirithe agus digitithe san áireamh - i ndiaidh mylocal.gov.ie a sheoladh le déanaí, comhardán na n-údarás áitiúil chun dul i mbun caidrimh lena bpobail áitiúla. Tá nuálaíocht agus athchóiriú ríthábhachtach maidir leis na torthaí is fearr a bhaint amach ar an talamh agus ar leibhéal contae.
“B’ócáid stairiúil é toghchán an chéad Mhéara dhírthofa i Luimneach i mí an Mheithimh i mbliana. Tá sé ar cheann de na hathchóirithe rialtais áitiúil is mó a tharla ó bhunú an stáit agus príomhghealltanas i gClár an Rialtais á sheachadadh aige. Is cúis áthais dom a fhógairt go bhfuil breis is €7.5 milliún faighte againn in 2025 d’Oifig an Mhéara dhírthofa i Luimneach. Cuirfidh sé sin Buiséad Méara ar fáil chun tacú leis an Méara ina ról, agus go háirithe chun an Clár Méara a chur i gcrích”.
Oidhreacht
Maidir le hinfheistíocht i gcúrsaí Oidhreachta, leag an tAire Stáit Noonan béim gur deimhniú é leithdháileadh an lae inniu, méadú 12% ar an maoiniú reatha agus 11% ar bhunchaipiteal, ar thiomantas leanúnach an Rialtais do chaomhnú agus do bhainistiú oidhreacht na hÉireann ar mhaithe leis na glúine seo agus na nglúnta atá le teacht.
Agus é ag cur fáilte roimh leithdháileadh €172 milliún do Bhuiséad 2025 ar an Oidhreacht, mhínigh sé:
“Inniu, tá an Rialtas ag leanúint lena infheistíocht ar an leibhéal is mó riamh, €172 milliún, sa dúlra agus san oidhreacht - méadú 11.5% ón mbliain seo caite. Áirítear leis an maoiniú sin €78 milliún, an méid is mó riamh, don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Dá bharr beimid in ann ár n-infheistíocht a fhorleathnú maidir le cosaint agus athchóiriú Pháirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra na hÉireann, bearta caomhnaithe a chur chun feidhme sna háiteanna is luachmhaire don dúlra atá againn, tacú le gnáthóga agus speicis leochaileacha faoin tuath, dul i ngleic le coireacht fiadhúlra agus leanúint leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a athrú ó bhonn. Thar aon ní eile, tacóidh sé leis an iarracht ollmhór atá ar bun Plean náisiúnta maidir le hAthchóiriú an Dúlra a ullmhú.
“Ceadóidh leithdháileadh an lae inniu dúinn tacaíocht a mhéadú chun ár seandálaíocht agus oidhreacht thógtha a chaomhnú tríd an gCiste na Séadchomharthaí Pobail, an Scéim Infheistíochta san Oidhreacht Thógtha agus Ciste na Struchtúr Stairiúil a bhfuil ardtionchar acu, lena n-áirítear deontais um chomhairle caomhnaithe a chabhróidh le foirgnimh thraidisiúnta fholmha a thabhairt ar ais in úsáid chónaithe.
“Is cúis áthais dom a fhógairt freisin go n-áirítear i bpacáiste an lae inniu maoiniú a chabhróidh le hiarracht na hÉireann dul chun cinn a dhéanamh maidir le láithreáin atá ar an liosta sealadach Oidhreachta Domhanda a bheith ar liosta láithreán Oidhreachta Domhanda UNESCO”.
I measc na dtosaíochtaí Oidhreachta eile arna maoiniú ag Buiséad 2024 tá:
• Infheistíocht a dhéanamh do chosaint agus d’athchóiriú Pháirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra na hÉireann.
• Infheistíocht a mhéadú i ngnáthóga a bhfuil ardluach ó thaobh an dúlra orthu a thacaíonn le raon leathan speiceas leochaileach.
• Ag cur lenár gcáil i gcosaint an dúlra agus i bhforfheidhmiú an dlí ó thaobh coireacht fiadhúlra.
• Ár n-oibleagáidí maidir leis an AE agus ár n-oibleagáidí idirnáisiúnta faoi Threoracha Eorpacha agus gealltanais idirnáisiúnta a shásamh.
• Méadú 13% ar mhaoiniú na Comhairle Oidhreachta chun a raon tacaíochtaí san earnáil oidhreachta agus forbairt ar acmhainní a leathnú, lena n-áirítear Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta agus síneadh a chur lena scéimeanna deontais, cláir rannpháirtíochta an phobail, agus taighde, beartas agus tionscnaimh oideachais.
• Ag leanúint le hOidhreacht Éireann 2030 a chur chun feidhme, arb í sin plean oidhreachta na hÉireann agus gealltanais Chláir an Rialtais.
• Méadú 15% ar mhaoiniú oibríochta do Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta agus don tSeirbhís Náisiúnta Oidhreachta Tógtha chun ár seandálaíocht agus oidhreacht thógtha a thaifead, a chaomhnú agus a chur chun cinn.
• Síneadh a chur le leathadh amach ar phoist ghairmiúla oidhreachta sna hÚdaráis Áitiúla chun tacú leis na sócmhainní oidhreachta faoi smacht an Údaráis Áitiúil (an Chomhairle Oidhreachta) a chosaint, a bhainistiú agus a chur chun cinn.
• Cothabháil a dhéanamh ar uiscebhealaí trí Uiscebhealaí Éireann agus infheistíocht a dhéanamh iontu agus trí thacú le tionscnaimh thrasteorann agus infheistíocht a dhéanamh iontu faoin Oileán Comhroinnte agus Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua, amhail Canáil Uladh agus Droichead na Ceathrún Uisce.
Maidir le hathchóiriú toghchánach, dúirt an tAire Noonan:
“Tá dul chun cinn ollmhór déanta maidir le hathchóiriú toghchánach agus tá sé ag leanúint ar aghaidh. Leithdháileadh €9.5 milliún faoi Bhuiséad 2025 ar an toghchóras. Áirítear nach mór €3 milliún i maoiniú reatha do bhearta amhail an clár toghthóirí a nuachóiriú chomh maith le maoiniú caipitil €6.6 milliún chun tacú le córas clárúcháin toghthóirí roinnte a sholáthar. Tacóidh an maoiniú caipitil sin freisin le próisis toghcháin nua an tSeanaid a chur chun feidhme fad is a leathnóimid an toghchóras chun an seisear Seanadóirí Ollscoile a thoghadh chuig institiúidí Ainmnithe Ardoideachais.”