Pacáiste buiséid tithíochta de bheagnach €7 mbilliún fógartha
- Foilsithe: 10 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• maoiniú caipitil á chur ar fáil le haghaidh tithíochta in 2024 ag €5 bhilliún, an méid is mó riamh
• maoiniú suntasach d’Údaráis Áitiúla, Uisce, Pleanáil agus Oidhreacht
Athdheimhníodh infheistíocht shuntasach an rialtais sa Tithíocht, sa Rialtas Áitiúil agus san Oidhreacht inniu (10 Deireadh Fómhair) mar gur nocht an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, an tAire Stáit le freagracht as Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, Kieran O’Donnell, agus an tAire Stáit um Athchóiriú Oidhreachta agus Toghcháin, Malcolm Noonan, pacáiste buiséid do 2024 de €6.94 billiún.
Mar léiriú ar an tábhacht a cuireadh ar Thithíocht do Chách, straitéis náisiúnta an rialtais, beidh infheistíocht chaipitil €5.1 billiún, an méid is mó riamh, i dtithíocht in 2024 comhdhéanta de €2.6 billiún ón státchiste, €978 milliún ón nGníomhaireacht Forbartha Talún agus maoiniú €1.5 billiún ón nGníomhaireacht Airgeadais Tithíochta.
Chuir an tAire Tithíochta a chomhghleacaithe Comh-Aireachta ar an eolas inniu go raibh sé ar intinn aige faomhadh Comh-Aireachta a lorg le haghaidh €6.75 billiún breise de mhaoiniú don Gníomhaireacht Forbartha Talún agus don Gníomhaireacht Airgeadais Tithíochta. Tá sé seo mar chuid d’infheistíocht fhadtéarmach na hÉireann i riachtanas tithíochta amach anseo.
Chuir an tAire O’Brien in iúl go láidir go bhfuil Tithíocht do Chách ag teacht i bhfeidhm, agus an líon is mó riamh tosaithe, críochnaithe agus ceannach ceannaitheora céaduaire le feiceáil in 2023 - agus go gcabhróidh Buiséad na bliana seo leis an móiminteam a cruthaíodh le dhá bhliain anuas a chur leis.
Dúirt an tAire O'Brien:
“Is ionann an maoiniú caipitil atá á chur ar fáil le haghaidh tithíochta in 2024, mar aon le hinfheistíocht Gníomhaireacht Forbartha Talún agus Gníomhaireacht Airgeadais Tithíochta, agus €5 bhilliún, – an méid is airde riamh i stair an Stáit. Cinnteoidh an maoiniú seo gur féidir linn leanúint de thithe nua inacmhainne a sholáthar lena gceannach agus lena ligean ar cíos ar luas.
“Tacóidh níos mó ná €760 milliún inacmhainneacht dhíreach agus maoiniú úinéireachta tí leis na tionscnaimh atá curtha i bhfeidhm againn ar nós Costas ar Cíos, an Chéad Scéim Baile, an Ciste Tithíochta Inacmhainne, an Scéim Infheistíochta Inacmhainne Cíosa don Tionónacht Shlán agus an tionscnamh ‘Cabhair le Ceannach’. Tá an-áthas orm a fheiceáil gur leathnaigh mo chomhghleacaí an tAire Airgeadais an Cabhair chun Ceannach go dtí deireadh 2025 agus rinne mé roinnt leasuithe teicniúla a chinnteoidh go bhfuil an idirghníomhaíocht is fearr is féidir aige le scéimeanna ceannaigh inacmhainne na n-údarás áitiúil.
“Is ar thógáil nua a dhíreofar ar infheistíocht chaipitil i dtithíocht shóisialta – leis an maoiniú a fuaireamar ag tacú le 9,300 teach sóisialta tógála nua a chur ar fáil in 2024. Tá áthas orm a bheith in ann a fhógairt go bhfuil méadú tagtha ar thairseach an phróisis cheadaithe aonchéime ó €6 mhilliún go €8 milliún, rud a chiallaíonn go mbeidh neamhspleáchas níos mó ag ár n-údaráis áitiúla maidir le forbairtí tithíochta sóisialta a thógáil. Cuirfear tithe sóisialta ar fáil freisin trí leanúint ar aghaidh leis an scéim um Thionóntaí rathúla in Situ.
“Tá méadú ar an gCreidmheas Cánach do Chíosóirí go €750 fógartha ag an Aire Airgeadais agus athruithe suntasacha ar an gcaoi a gcaitear le tiarnaí talún ó thaobh cánach de a thabhairt isteach. Is rud é seo ar thacaigh mé leis agus creidim go bhfuil sé ríthábhachtach agus muid ag cur le soláthar tithe ar fud na tíre.
“Beidh freastal déanta ar suas le 10,200 teaghlach nua faoin Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT) agus faoin Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC), chomh maith le tacaíocht leanúnach do bhreis agus 74,000 tionóntacht atá ann cheana faoi na scéimeanna seo. Is tacaíochtaí díreacht ríthábhachtach do theaghlaigh iad ÍCT agus SCC. Tá laghdú á dhéanamh againn ar ár spleáchas ar scéimeanna den sórt sin agus ó 2020 i leith d’imigh breis agus 14,000 duine aonair agus teaghlach as an ÍCT go dtí tithíocht shóisialta a chuireann údaráis áitiúla agus CCTanna ar fáil.
“Tá siad siúd nach bhfuil baile acu fós mar phríomhthosaíocht ag an rialtas seo agus don bhliain seo chugainn, beidh mé ag cur maoiniú €242 milliún ar fáil chun seirbhísí gan dídean a sholáthar chun a chinntiú gur féidir le húdaráis áitiúla seirbhísí éigeandála agus seirbhísí eile a chur ar fáil do theaghlaigh atá gan dídean, agus – rud atá ríthábhachtach - go gcoiscfear ar theaghlaigh atá i mbaol easpa dídine dul isteach i gcóiríocht éigeandála agus go dtacófar leo siúd atá i gcóiríocht éigeandála imeacht isteach i dtionóntachtaí slána a luaithe is féidir. Coinneofar é sin faoi athbhreithniú leanúnach in 2024 le gealltanas chun freagairt d’aon dúshlán a thiocfaidh chun cinn agus chun aon chistiú is gá a sholáthar.
“Úsáidfear ciste fála €35 milliún, arna riar ag an nGníomhaireacht Tithíochta, d’éadálacha Tithíocht ar dTús. Samhail fianaise-bhunaithe atá aitheanta go hidirnáisiúnta is ea Tithíocht ar dTús do dhaoine aonair atá gan dídean go fadtéarmach agus a bhfuil riachtanais chasta acu. I gcleachtas, ciallaíonn sé tithe buana do dhaoine aonair a bhfuil saol casta acu, gan aon réamhchoinníollacha maidir le neamh-mheisce nó cóireáil mheabhairshláinte, agus ansin raon tacaíochtaí timfhilleadh a sholáthar dóibh chun cabhrú leo a dtionóntacht a chothabháil. Is scéim ríthábhachtach é inár n-iarrachtaí chun cabhrú leo siúd atá daingnithe in easpa dídine.
“Leanfaidh ár n-iarrachtaí chun dul i ngleic le folúntas agus le díbhriseadh ar aghaidh gan staonadh le ciste Cróí Conaithe a mhéadú go suntasach le haghaidh 2024, ciste a chuireann maoiniú ar fáil don Deontas Athchóirithe Maoine Folamh agus Tréigthe agus don Scéim Réidh le Tógáil. Déanfar an cur chuige dreasachta seo a chothromú go cúramach le cur chuige forfheidhmithe na Cánach Maoine Folamh atá méadaithe go cúig oiread na Cánach Maoine Áitiúla (CMÁ).
“Tá an Gníomhaireacht Forbartha Talún agus an Gníomhaireacht Airgeadais Tithíochta ríthábhachtach dár bpleananna Tithíocht do Chách agus beidh mé ag lorg cead ón gComh-aireacht sna seachtainí amach romhainn chun leas a bhaint as an nGníomhaireacht Forbartha Talún go dtí €6 billiún agus an teorainn iasachtaíochta Gníomhaireacht Airgeadais Tithíochta a mhéadú ó €10 billiún go €12 billiún mar chuid de phleananna infheistíochta fadtéarmacha na hÉireann. Tacóidh an méadú CCT go háirithe lenár gcomhpháirtithe seachadta CCT leanúint de thithíocht Chostais ar Cíos agus tithíocht shóisialta a sholáthar ar scála.
“An bhliain seo chugainn, tá an maoiniú agus an fócas againn lena chinntiú go dtógfar níos mó tithe ar fud an Stáit dóibh siúd atá ag iarraidh ceannach ach tá Buiséad againn freisin a chuirfidh ar ár gcumas cabhrú leis na daoine is leochailí agus cabhrú leo siúd is mó a dteastaíonn cabhair uathu.”
I measc na bpríomhphointí eile d’fhógraí Buiséid an lae inniu maidir le tithíocht tá:
• maoiniú €1.86 billiún atá ar fáil chun tacú le húdaráis áitiúla agus Comhlachtaí Tithíochta Faofa tithe sóisialta a chur ar fáil faoi bhuiséad na nÚdarás Áitiúil um Thithíocht, Réamhléasú Caipitil (CALF) agus na Scéime Cúnaimh Caipitil
• le leithdháileadh €525 milliún don Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta (ÍCT), beifear in ann tacaíocht a thabhairt do 8,800 teaghlach nua i dtionóntacht in 2024 chomh maith le tacaíocht a thabhairt do bheagnach 58,000 teaghlach i dtionóntachtaí ag deireadh 2023
• tacóidh maoiniú €111 mhilliún don Scéim Cóiríochta Cíosa (SCC) le 1,400 teaghlach eile in 2024, chomh maith leis an gcostas leanúnach a bhaineann le tacaíocht a thabhairt do bhreis agus 16,000 teaghlach atá sa scéim cheana féin
• Maoineoidh €75 milliún níos mó ná 13,000 deontas chun tithe daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas a oiriúnú. Tacóidh €25 milliún eile le hoibreacha oiriúnaithe do 1,800 teach sóisialta atá ann cheana
• €90 milliún don Chlár Iarfheistithe Tithíochta Sóisialta Éifeachtúlachta Fuinnimh
• cuirfear cistiú €70 milliún ar fáil in 2024 dóibh siúd a raibh tionchar ag lochtanna tógála orthu. Beidh sonraí maidir le bearta maoinithe eatramhacha éigeandála dóibh siúd a bhfuil tionchar ag lochtanna árasán orthu ar fáil ó mhí na Samhna
• cuirtear leithdháileadh €50 milliún ar fáil don Chlár Náisiúnta Athghiniúna a rachaidh chun tairbhe do chuid de na pobail is mó atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch
• Cuirtear €21 milliún ar fáil chun Cóiríocht Shonrach don Lucht Siúil a sholáthar do dhaoine den Lucht Siúil
• Tacóidh €31 milliún leis an aistriú leanúnach chuig clár cothabhála straitéiseach atá beartaithe do thithíocht shóisialta údaráis áitiúil agus le feabhas a chur ar os cionn 2,000 aonad neamhnithe lena ligean ar ais chuig teaghlaigh ar liostaí feithimh tithíochta
• Tá €50 milliún á chur ar fáil do Chiste Cróí Cónaithe, méadú 66% ó 2023 ar aghaidh, lena n-áirítear gné Croí Cónaithe (Cathracha) a thacaíonn le hárasáin a thógáil lena ndíol le húinéirí-áititheoirí trí cheadanna pleanála atá i bhfeidhm cheana féin do thithe den sórt sin a ghníomhachtú agus gné Croí Cónaithe (Bailte) a thacaíonn le foirgnimh fholmha a athchóiriú i gcathracha, i mbailte agus i gceantair thuaithe
Uisce
Tharraing an tAire O’Brien aird freisin ar an leithdháileadh is mó riamh de €1.8 billiún ar Sheirbhísí Uisce sa Bhuiséad in 2024. Dúirt sé freisin:
“Cuirfidh an infheistíocht seo ar ár gcumas an t-athrú claochlaitheach is gá a bhaint amach chun freagairt do dhúshláin cháilíochta uisce, do chailliúint na bithéagsúlachta agus don athrú aeráide. Tríd an maoiniú seo, déanfaimid foráil d’fheabhsuithe suntasacha inár seirbhísí poiblí uisce agus fuíolluisce, tacaímid le soláthairtí feabhsaithe uisce faoin tuath in Éirinn, agus tabharfaimid tacaíocht do raon clár a sheachadann cáilíocht uisce níos fearr inár n-aibhneacha, inár lochanna agus inár gceantar mara.”
Rialtas Áitiúil
Maidir le maoiniú d’Údaráis Áitiúla, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gCistiú Bunlíne don Cháin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) in 2023, beidha méadú €75.4 milliún ar an maoiniú sin, rud a fhágfaidh an bhonnlíne iomlán go €428.4 milliún in 2024. Faigheann gach údarás áitiúil íosmhéid maoinithe (‘bunlíne’) ón CMÁ, arna fhorlíonadh le maoiniú ón státchiste sa chás go bhfuil ioncam CMÁ an údaráis áitiúil níos ísle ná a bhonnlíne.
Chuir an tAire O’Donnell, an tAire Stáit um Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, fáilte roimh chur i gcrích an athbhreithnithe seo, agus luaigh sé an obair thábhachtach a rinne an grúpa athbhreithnithe níos luaithe i mbliana. Chuir sé in iúl:
“Cuireann ár nÚdaráis Áitiúla na mílte seirbhísí ar fáil agus is iad is feiceálaí don Stát i saol laethúil na saoránach. Le blianta beaga anuas, bhí ról lárnach acu i bhfreagairt an Stáit ar an bpaindéim agus i dteacht mhuintir na hÚcráine atá ag lorg dídine. Ba cheart go rachadh an méadú suntasach seo ar mhaoiniú bonnlíne go mór chun an brú atá orthu faoi láthair a mhaolú, agus méadú €1.5 milliún ar a laghad ar an gcistiú bonnlíne á fháil ag gach údarás áitiúil.”
Tá an reachtaíocht riachtanach á cur chun cinn ag an Aire O’Donnell faoi láthair do Mhéara atá Tofa go Díreach i Luimneach trí Thithe an Oireachtais d’fhonn é a achtú faoi dheireadh na bliana, agus an chéad toghchán Méara i Luimneach á reáchtáil i mí an Mheithimh 2024.
San iomlán, tá maoiniú os cionn €4.3 milliún á chur ar fáil in 2024 chun tacú le bunú na hOifige agus chun Buiséad Méara a chur ar fáil chun tacú leis an Méara ina ról, agus chun a gClár Méara a chur i gcrích.
Chuir an tAire O’Donnell béim ar an méid seo a leanas:
“Tá an reachtaíocht seo, a dhéanann príomhghealltanas i gClár an Rialtais a sheachadadh, ar cheann de na hathchóirithe is suntasaí sa rialtas áitiúil. Cuirfidh sé sainordú, struchtúir agus acmhainní ar fáil chun uaillmhian oifig an chéad Mhéara dhírthofa i Luimneach a bhaint amach. Tá an Rialtas ag tacú leis an athchóiriú seo leis an maoiniú is gá.”
Pleanáil
D’fháiltigh an tAire O’Donnell freisin roimh fhoráil an Bhuiséid do phleanáil. Tá breis agus €230 milliún san iomlán á chur ar fáil in 2024 do chlár pleanála na Roinne, a mbaineann €65 milliún de le seirbhísí reatha agus €166 mhilliún le haghaidh caiteachas caipitiúil.
Dúirt an tAire O’Donnell:
“Tá méadú suntasach tagtha ar an mbuiséad reatha le haghaidh pleanála chun infheistíocht mhéadaithe a cheadú maidir le hacmhainní a chur ar fáil don chóras pleanála, lena n-áirítear foireann bhreise don Bhord Pleanála agus do na húdaráis áitiúla. Chomh maith leis sin, tá sé ríthábhachtach, agus muid ag dul ar aghaidh lenár reachtaíocht nua pleanála, go bhfuil acmhainní iomlána ag an earnáil chun na hathchóirithe riachtanacha a thabhairt isteach nuair a achtaítear an Bille.”
D’fhógair an tAire O’Donnell freisin go bhfuil €136 milliún á chur ar fáil don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (CAFU) in 2024. Dúirt sé:
“Is clár maoinithe comhtháite, dinimiciúil agus freagrúil é seo agus tacóidh sé le go leor bailte agus cathracha ar fud na tíre a athnuachan agus a athnuachan. Chomh maith leis na céadta tionscadal áitiúil, beidh maoiniú á chur ar fáil againn chun forbairt mol nuálaíochta trasteorann a chur chun cinn.”
Oidhreacht
Maidir le hinfheistíocht san Oidhreacht, leag an tAire Stáit d’Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchán, Malcolm Noonan, béim ar thiomantas an rialtais do chaomhnú agus do bhainistiú oidhreacht na hÉireann ar mhaithe leis na glúine seo agus na glúine atá le teacht.
Agus é ag cur fáilte roimh leithdháileadh €166 mhilliún do Bhuiséad 2024 don Oidhreacht, mhínigh sé:
“Cuirfidh an maoiniú seo ar ár gcumas leanúint le claochlú agus athnuachan an SPNF, mar atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta Straitéiseach an Rialtais, le béim ar leith ar bhearta caomhnaithe ag ár 600 láithreán Natura atá ainmnithe faoi Threoracha Dúlra an Aontais agus ar speicis faoi chosaint, chomh maith le hinfheistíocht inár bPáirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra don dúlra agus do thaitneamhacht phoiblí, cláir dúlra sa tuath i gcoitinne, agus aghaidh a thabhairt ar choireacht fiadhúlra.
“Leanann maoiniú reatha na Comhairle Oidhreachta ar aghaidh le méadú 12% i mbliana, agus bainfidh an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra tairbhe as méadú 20% ar an maoiniú reatha chomh maith le méadú 35% ar mhaoiniú caipitil.
‘Déanfaimid dul chun cinn freisin maidir le clár leathnaithe infheistíochta bithéagsúlachta agus athchóiriú agus caomhnú tailte portaigh cosanta, lena n-áirítear dreasachtaí cúitimh agus athchóirithe tailte portaigh i gcomhréir le cuspóirí náisiúnta bithéagsúlachta agus gníomhaíochta ar son na haeráide agus beartas um Aistriú Cóir.
“Leis an maoiniú seo, is féidir linn leanúint ar aghaidh ag cinntiú go gcosnófar ár n-oidhreacht seandálaíochta agus thógtha trí leibhéil mhaoinithe a chomhdhlúthú do na scéimeanna tacaíochta caipitil chomh maith le cur le caomhnú agus cur chun cinn ár n-eastát oidhreachta náisiúnta de shéadchomharthaí náisiúnta agus d’fhoirgnimh stairiúla. Tríd an infheistíocht sin, tacóidh an Roinn le níos mó ná 1,000 tionscadal in 2024.”
I measc na dtosaíochtaí Oidhreachta eile arna maoiniú ag Buiséad 2024 tá:
• chuairteoirí ag Páirceanna Náisiúnta agus Anaclanna Dúlra na hÉireann, mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta Straitéiseach
• faireachán a dhéanamh ar ghnáthóga agus ar speicis mar a cheanglaítear faoin Treoir maidir le hÉin agus faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus seachadadh tionscadal caomhnaithe a chur chun cinn faoin gclár LIFE agus faoi ionstraimí cistiúcháin eile, lena n-áirítear limistéir oidhreachta nádúrtha faoi chosaint a chaomhnú agus a athbhunú agus clár an Phlean Feirme agus na Waders Pórúcháin a leathnú
• cothabháil a dhéanamh ar uiscebhealaí trí Uiscebhealaí Éireann agus infheistíocht a dhéanamh iontu agus tacú agus infheistíocht a dhéanamh i dtionscnaimh trasteorann faoin Oileán Comhroinnte agus Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua, amhail Canáil Uladh agus Droichead na Ceathrún Uisce
• leanúint ar aghaidh, tríd an gComhairle Oidhreachta, le forbairt Aonad Oidhreachta in Údaráis Áitiúla, ag tacú le hobair Oifigeach Caomhantais, Ailtirí, Coimeádaithe, Seandálaithe, Oifigeach Bithéagsúlachta agus Cartlannaithe agus an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta, i gcomhréir le tiomantais an Chláir Rialtais