Ordú um Thoghchán Uachtaráin déanta ag an Aire Browne – Lá Vótála le bheith ar siúl an 24 Deireadh Fómhair 2025
- Foilsithe: 3 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 3 Meán Fómhair 2025
Tá an tOrdú um Thoghchán Uachtaráin déanta inniu (an 3ú Meán Fómhair 2025) ag an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, T.D., don toghchán uachtaránachta seo romhainn, lena leagtar amach na dátaí tábhachtacha sa phróiseas toghcháin. Is iad sin:
Lá deiridh chun ainmniúcháin a fháil: 24 Meán Fómhair 2025
Lá a dhéanfar an vótáil: 24 Deireadh Fómhair 2025
Uaireanta an chloig don vótáil: 7.00 a.m. go dtí 10.00 p.m.
Cuirtear tús leis an tréimhse ainmniúcháin ag 10 a.m. an 5ú Meán Fómhair 2025 agus dúnfar í ag 12 p.m. an 24ú Meán Fómhair 2025.
Tá Barry Ryan, Príomhoifigeach sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, ceaptha ag an Aire ina Cheann Comhairimh Toghchán Uachtaránachta. Is é seoladh an Phríomhoifigigh, nach mór páipéir ainmniúcháin a sheachadadh chuige agus cumarsáid eile a sheoladh chuige: Ceann Comhairimh Toghchán Uachtaránachta, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6X0.
Tá gach saoránach Éireannach atá 18 mbliana d’aois nó níos sine agus a chuimsítear ar Chlár na dToghthóirí, i dteideal vóta a chaitheamh sa toghchán. Tá tuairim is 3.6 milliún toghthóir san iomlán ann faoi láthair.
Is féidir le daoine a gcuid sonraí clárúcháin vótálaí a sheiceáil ar www.checktheregister.ie/ga-IE/. Tá deis fós ag daoine atá i dteideal vóta a chaitheamh ach nach bhfuil cláraithe mar thoghthóirí iarratas a dhéanamh ar iontráil ar Chlár na dToghthóirí ar www.checktheregister.ie/ga-IE/ agus, ar an gcaoi sin, a bheith i dteideal vóta a chaitheamh ar an 24ú Deireadh Fómhair 2025. Dóibh siúd ar mian leo amhlaidh a dhéanamh, is féidir foirmeacha iarratais páipéir a íoslódáil ó www.checktheregister.ie/ga-IE/ (nó is féidir iad a fháil ón gcomhairle cathrach, contae nó cathrach agus contae ábhartha). Ní mór iarratais ar chuimsiú ar Chlár na dToghthóirí, bíodh siad ar líne nó ar chóip chrua, a bheith faighte faoin 7 Deireadh Fómhair 2025.
Le bheith i dteideal cuimsiú ar an gclár, ní mór do dhuine a bheith ina shaoránach Éireannach, a bheith 18 mbliana d’aois ar lá na vótála nó roimhe sin agus a bheith ina gcónaí sa Stát de ghnáth. Tá catagóirí áirithe daoine i dteideal iarratas a dhéanamh ar vóta poist nó speisialta. Ní mór iarratais a bheith faighte ag an údarás áitiúil ábhartha faoin 29 Meán Fómhair 2025.
Nóta don Eagarthóir
Is é suíomh gréasáin an Chinn Comhairimh Toghchán Uachtaránachta https://www.presidentialelection.ie/ga/index.html. Soláthraítear faisnéis oifigiúil faoi reáchtáil an toghcháin uachtaránachta ar an suíomh gréasáin. Tá faisnéis ann le húsáid ag iarrthóirí atá ag lorg ainmniúcháin agus vótálaithe sa toghchán araon. Beidh torthaí oifigiúla ar fáil ar an suíomh gréasáin ar lá an chomhairimh.
Iarratais ar vóta poist
Tá vóta poist ar fáil do chatagóirí áirithe daoine nach féidir leo dul chuig a stáisiún vótála ar lá na vótála. Ní mór iarratais ar vóta poist a bheith sínithe nó deimhnithe ag tríú páirtí agus, mar sin, ní féidir iad a chomhlánú ar líne.Tá daoine áirithe i dteideal iarraidh ar vóta poist:
- comhaltaí den Gharda Síochána;
- comhaltaí lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann;
- taidhleoirí Éireannacha atá ar seirbhís thar lear agus a gcéilí nó a bpáirtnéirí sibhialta;
- daoine a bhfuil cónaí orthu sa bhaile ach nach bhfuil in ann dul chuig stáisiún vótála chun vóta a chaitheamh de dheasca breoiteachta nó míchumais;
- daoine ar dócha go gcoiscfidh a ngairmeacha iad ó vótáil ag a n-ionad vótaíochta áitiúil lá toghcháin, lena n-áirítear mic léinn lánaimseartha atá cláraithe sa bhaile agus atá ina gcónaí in áit eile agus iad ag freastal ar fhoras oideachais sa Stát. Faoin socrú sin, cuirtear páipéar ballóide chuig baile an toghthóra. Caithfidh seisean/sise socrú a dhéanamh go ndéanfaidh Garda a d(h)earbhú aitheantais a fhianú sula marcálfaidh sé/sí an páipéar ballóide agus sula gcuirfear ar ais é leis an bpost chuig an gceann comhairimh;
- toghthóirí nach bhfuil in ann vótáil ag a stáisiún vótála mar gheall ar imthosca a gcoinneála sa phríosún, de bhun ordú na cúirte;
- baill áirithe d’fhoireann an toghcháin atá fostaithe ag stáisiún vótála lasmuigh den toghcheantar ina bhfuil cónaí orthu; agus
- i gcás go bhfuil duine buartha faoina s(h)ábháilteacht nó faoi shábháilteacht duine dá t(h)eaghlach dá bhfoilseofaí a (h)ainm agus a s(h)eoladh baile, féadfaidh an duine sin iarratas a dhéanamh le bheith mar thoghthóir anaithnid. Ní féidir leis na toghthóirí sin ach vóta a chaitheamh tríd an bpost.
Tá foirm iarratais ar vóta poist ar fáil le híoslódáil ag www.checktheregister.ie/ga-IE/. Ina theannta sin, tá sí ar fáil go díreach ó chomhairle cathrach, contae nó cathrach agus contae.
Iarratais ar vóta speisialta
I gcás daoine a bhfuil cónaí orthu in ospidéal, teach altranais, saoráid meabhairshláinte nó saoráid cúraim chomhchosúil agus nach bhfuil in ann dul chuig a stáisiún vótála de bharr tinnis nó míchumais, is féidir leo iarratas a dhéanamh le bheith curtha leis an liosta vótálaithe speisialta. Leis sin, beidh daoine in ann vóta a chaitheamh ag an tsaoráid cúraim ar lá na vótála. Tugann Oifigeach Ceannais Speisialta páipéar ballóide chuig an vótálaí.
Is féidir foirm iarratais ar vóta speisialta a íoslódáil ag www.checktheregister.ie/ga-IE/ agus tá sí ar fáil go díreach freisin ó chomhairle cathrach, contae nó cathrach agus contae.