Dul chun cinn i ndáil le Rialacháin maidir le Forbairt Díolmhaithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dul chun cinn i ndáil le Rialacháin maidir le Forbairt Díolmhaithe

Dúnadh an comhairliúchán ceithre seachtaine maidir le díolúintí cead pleanála ar an 26 Lúnasa 2025 agus fuarthas breis is 900 aighneacht ón bpobal.

D’fháiltigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, agus an tAire Stáit do Phleanáil agus Rialtais Áitiúil, John Cummins, roimh an bhfreagra mar chéim shuntasach i ndáil le hathbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha na forbartha díolmhaithe

Faoi na hathruithe beartaithe, ní bheadh cead pleanála ag teastáil uait níos mó le haghaidh forbairtí áirithe.

Baineann breis is leath de na haighneachtaí a fuarthas ón bpobal, atá tacúil den chuid is mó, le togra chun tithe modúlacha suas go dtí 45 méadar cearnach ag cúl na teaghaise a dhíolmhú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire James Browne:

“Is fianaise é líon na n-aighneachtaí a fuarthas ar ardleibhéal rannpháirtíochta leis an gcomhairliúchán poiblí agus fáiltítear roimh a leithéid. Léiríonn sé sin go bhfuil ról lárnach ag pleanáil chuí i ndáil le forbairt inbhuanaithe.”

Dúirt an tAire Cummins:

“Cabhróidh an t-aiseolas a fuaireamar i rith an chomhairliúcháin phoiblí chun ár dtograí a mhúnlú, lena n-áirítear pleananna do thithe modúlacha ag cúl na teaghaise.

“Dúirt mé riamh anall nach mbeidh an beart seo oiriúnach ach i suíomhanna áirithe agus in éineacht le coinníollacha a ndéanfar cur síos orthu sna dréachtrialacháin. Beidh ionchur an phobail an-luachmhar chomh fada is a bhaineann leis na rialacháin nua a dhréachtú.

“Níl nuashonrú suntasach déanta ar na Rialacháin i gcomhair 24 bliain – is ionann céim an chomhairliúcháin phoiblí a dhúnadh agus dul chun cinn dáiríre chomh fada is a bhaineann le Rialacháin maidir le Forbairt Díolmhaithe atá oiriúnach don fheidhm a fhorbairt.

“Laghdóidh sé sin iarratais phleanála neamhriachtanacha, cuirfidh sé acmhainní údaráis áitiúil ar fáil d’fhorbairtí níos mó agus ceadóidh sé d’úinéirí tí leanúint ar aghaidh le tionscadail bheaga níos tapa.”

Rinneadh an comhairliúchán poiblí maidir leis na dréachtrialacháin nuashonraithe maidir le forbairt díolmhaithe mar chuid den Phlean Feidhmithe d’Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2024.

I ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar 922 aighneacht, cuirfear rialacháin i gcrích agus tabharfar os comhair an Chomhchoiste Oireachtais agus os comhair an Oireachtais iad.

Éileoidh aon nuashonrú ar na Rialacháin maidir le Forbairt Díolmhaithe, réitigh dhearfacha ón Dá Theach den Oireachtas sular féidir é a shíniú ina dhlí.

Is gné amháin é sin den phlean feidhme leathan don Acht um Pleanáil agus Forbairt nua.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat