Scéim Feabhsúcháin Piríte le leathnú chun níos mó tithe a chur san áireamh
- Foilsithe: 11 Feabhra 2026
- An t-eolas is déanaí: 11 Feabhra 2026
- Leathnófar an scéim chun tacaíocht a chur ar fáil do thart ar 200 teach breise
- Tá go dtí Dé Luain an 30 Samhain 2026 ag úinéirí tí incháilithe chun a n-iarratais a chur isteach
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, inniu go leathnófar an Scéim Feabhsúcháin Piríte chun tuairim is 200 teach breise atá buailte ag pirít a chur san áireamh.
Roimhe seo, ní raibh ach tithe a ndearnadh measúnú orthu go raibh Rátáil Choinníoll Damáiste Chatagóir D de 2 acu – a léiríonn damáiste suntasach mar gheall ar phirít – incháilithe faoin scéim. Faoin scéim nua-leathnaithe, áireofar tithe le Rátáil Choinníoll Damáiste 1 agus a léiríonn dul chun cinn anois, rud a chomhlíonann tiomantas an Rialtais incháilitheacht a leathnú nuair is cuí agus a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár agus an Scéim ag dul isteach sa chéim dheireanach.
Bunaíodh an Scéim Feabhsúcháin Piríte sa bhliain 2014 chun tithe a ndearna pirít damáiste suntasach dóibh a athshlánú sa líonadh cloiche faoi leaca urláir na talún. Faoi dheireadh 2024, bhí obair feabhsúchán ar 2,851 teach san iomlán curtha i gcrích ar chostas thart ar €196m. Tá na tithe scaipthe thar naoi gceantar údaráis áitiúil, agus a bhformhór suite laistigh de theorainn Chomhairle Contae Fhine Gall. Tá an scéim á riar ag an mBord Réitigh um Pirít (PRB), a dhéanann maoirseacht ar chur i bhfeidhm na scéime agus a bhainistíonn an próiseas iarratais agus achomhairc. Bainistíonn an Ghníomhaireacht Tithíochta feabhsúchán na réadmhaoine a nglactar leo sa scéim.
Chuir an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, fáilte roimh leathnú na scéime:
"I am very glad to be able to announce today that the Pyrite Remediation Scheme will be widened to offer help and support to the owners of hundreds of additional homes. Although the number of applications has decreased significantly in recent years as we enter the final phase of the scheme, this Government has always been determined to ensure that nobody is left behind. We want to ensure that all eligible homeowners affected by the damage caused by pyrite can once again feel safe and secure in their own homes."
"Tá an-lúcháir orm a bheith in ann a fhógairt inniu go leathnófar an Scéim Feabhsúcháin Piríte chun cabhair agus tacaíocht a thairiscint d’úinéirí na gcéadta teach breise. Cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar líon na n-iarratas le blianta beaga anuas agus muid ag dul isteach sa chéim dheireanach den scéim, tá an Rialtas seo meáite i gcónaí a chinntiú nach bhfágfar aon duine ar lár. Ba mhaith linn a chinntiú gur féidir le gach úinéir tí incháilithe a bhfuil tionchar ag an damáiste de bharr pirít orthu mothú sábháilte agus slán ina dtithe féin arís."
Le líon na n-iarratas ag laghdú go suntasach le blianta beaga anuas, mhol an PRB go gcuirfí deireadh leis an Scéim ar bhealach pleanáilte agus rialaithe agus go ndíreofaí go príomha ar riachtanais úinéirí tí. Is é Dé Luain, an 30 Samhain 2026, an dáta deiridh chun iarratais ó úinéirí tí a chur isteach chun a dtithe a fheabhsú faoin Scéim. Iarrtar ar úinéirí tí a d’fhéadfadh a bheith incháilithe don scéim beart a dhéanamh anois agus a n-iarratas a chur isteach roimh an dáta deiridh. Beidh gairmí cuí ag teastáil uathu, innealtóir de ghnáth, chun a dteach a mheas agus measúnú ar bhail an fhoirgnimh a ullmhú. Féadfaidh an t-úinéir tí iarratas ar líne a chomhlánú ansin chuig an mBord Réitigh um Pirít.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
· Is féidir forbhreathnú ar an gcaoi a n-oibríonn an Scéim Feabhsúcháin Piríte a fháil ar láithreán gréasáin an Bhoird Réitigh um Piríte: https://www.pyriteboard.ie/How-the-Scheme-works.aspx
· Tagraíonn ‘Rátáil Choinníoll Damáiste’ don chaighdeán náisiúnta Éireannach a úsáidtear chun foirgnimh chónaithe in Éirinn a mheas, a thástáil agus a chatagóiriú i gcás damáiste de bharr ardú piríteach. Chun tuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin PRB: https://www.pyriteboard.ie/
· Faoin leathnú nua ar incháilitheacht, déanfaidh an PRB measúnú ar gach iarratas incháilithe trí chritéir cháilíochta dhiana a úsáid. Leanfaidh iarratasóirí a cheadaítear na hocht gcéim reatha d’fheabhsúchán piríte, mar aon le céim mheasúnaithe bhreise. Déanfaidh innealtóir na Scéime athchuairt ar an réadmhaoin laistigh de thréimhse shainithe chun athmheasúnú a dhéanamh ar cibé ar tharla aon dul chun cinn reatha de réir mar a chinnfidh an PRB. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Tithíochta maoirseacht ar mheasúnú agus tástáil thar ceann an PRB.
· Le blianta beaga anuas, tá líon na n-iarratas a fhaigheann an Bord ag titim go suntasach. Faoi láthair, níl ach dhá iarratas in aghaidh na seachtaine ar an meán á ndéanamh ar an Scéim, agus is ionann é sin agus thart ar 100 in aghaidh na bliana.
· Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil an Scéim Feabhsúcháin Piríte ar leithligh ón Scéim Deontais um Bloic Choincréite Lochtacha, a thosaigh ar an 22 Meitheamh 2023 chun tacaíocht airgeadais a sholáthar d’úinéirí tí sa Chlár, Dún na nGall, Luimneach, Maigh Eo, agus Sligeach chun tithe a ndearnadh damáiste dóibh de bharr úsáid a bhaint as bloic coincréite lochtacha ina dtógáil. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin Scéim Deontais um Bloic Choincréite Lochtacha anseo: https://www.gov.ie/en/department-of-housing-local-government-and-heritage/services/defective-concrete-blocks-grant-scheme/